Ná bac le ‘H*alloween’ – Hop-tu-Naa atá ann!
Seo alt a scríobh Isla Callister san irisleabhar Nos.ie
ar an 29ú Deireadh Fómhair 2020.
Dearmad ‘H*lloween’ agus ‘Puimcíní ’ ar an chéad lá dhéag agus fiche . Is eol do Mhanannaigh go bhfuil ainm eile curtha ar an lá seo , le traidisiúin ar leith agus difriúil . Is é ‘Hop-tu-Naa’ atá ann , agus is é an nós Manannach is sine atá ann nár scoireadh riamh .
Go traidisiúnta , bhí Hop-tu-Naa, nó ‘Oíche Shamhna ’, ag marcáil an tseanbhliain nua Cheilteach agus tús an gheimhridh . Tá sé fós beo agus láidir i Manainn , ach tá na traidisiúin tar éis athrú thar na blianta agus is fíor nach Hop-tu-Naa an rud céanna agus a bhí sí .
Sna seanlaethanta , ní amháin gur tráth le ceiliúradh a dhéanamh ar thabhairt isteach sábháilte an fhómhair a bhí ann , bhí an tráth tábhachtach freisin don fháistine . Chreidtí go raibh an deighilt idir an saol seo agus an saol ‘eile ’ níos tanaí ag an am seo , agus mar thoradh , bhí roinnt nósanna díchreidmheacha ann .
Bhí ‘cáca balbh ’ (cineál cáca tiubh ) ag lár an cheiliúrtha ar leith ar Oíche Shamhna . B'éigean do gach bean óg ullmhú agus fuineadh an cháca le chéile agus tá sé spéisiúil nach raibh duine ar bith ceadaithe aon fhocal a rá . Thug an cleachtadh seo an t-ainm ‘balbh ’ air . De réir na scéalta , bhí an cáca déanta le súiche , blaosc uibhe agus bhí sé an-saillte – ní cáca blasta a bhí ann . D'fhuintí í ar an ghríosach nó ar an losaid agus ina dhiaidh sin , bhí sé roinnte idir na mná . Ansin , bhí orthu siúl i ndiaidh a gcúl go dtí a leapacha fós ina dtost . Shíleadar go bhfeicfidís íomhá dá leannáin le teacht in aisling .
Bhí fáistiní grá tábhachtach sna laethanta sin , agus tá mórán traidisiún eile ag baint leis . Cé go bhfuil mé buíoch go bhfuilimid ag seachaint na seancóras seo agus tá níos mó do bheatha mná inniu ná an té a bhfuil siad ag pósadh leis , tá na nósanna fós greannmhar go leor .
Bhí tornapaí , nó ‘moots’ ‘sa Bhéarla , ina gcomhartha sóirt de Hop-tu-Naa freisin , agus ar an oíche féin , théadh páistí timpeall ag déanamh cleamaireachta agus dánta . Bhuaileadh siad na doirse le stumpa tornapa agus dhéanaidís éileamh ar arán , prátaí agus scadáin . Mar gheall air seo , bhí an t-ainm ‘oíche bhuail an doras ’ curtha ar Oíche Shamhna le tamall .
Na laethanta atá ann inniu , tá tornapaí ag fanacht ag croí Hop-tu-Naa agus tá mórán páistí in éadaí taibhsiúla fós ag dul timpeall na dtithe le tornapaí greanta . Ach anois , tá siad ag gabháil amhráin agus ag déanamh dánta ag súil le milseáin agus seacláid .
Cé go bhfuil seo ag déanamh doiléir an líne idir traidisiúin Hop-tu-Naa agus H*lloween, níl siad comhcheangailte . Ní leomhfadh duine ar bith rá ‘trick or treat’ agus tá na hamhráin agus dánta ar leith atá canta amach ag mórán páistí ar Oíche Shamhna tar éis a bheith ina gcuid dá dtraidisiún le tamall fada .
Tá leaganacha difriúla de na hamhráin agus dánta traidisiúnta Hop-tu-Naa fós le cloisteáil timpeall an oileáin , i Manainnis agus Béarla chomh maith agus tá damhsa traidisiúnta le dul in éineacht leo freisin . Seo fianaise d'fhad agus láidreacht na féile Hop tu Naa, agus gan dabht tá siad ina gcuid de stair an oileáin .
Tá mórán bainte le ‘Jinny an Chailleach ’, príomhphearsa atá tar éis a bheith comhcheangailte leis an fhéile le tréimhse fhada . Bhí ‘Jinny’ ina fíorbhean ainmnithe Joney Lowney agus cuireadh cúis dlí uirthi i 1715 agus 1716 mar gheall ar an asarlaíocht . Sheachain sí an bás agus chuireadar i bpríosún í . Deirtear go bhfuil an fhianaise a bhí úsáidte ina haghaidh le fáil in iliomad curfánna de na hamhráin agus dánta atá fós ann inniu .
“Jinny the Witch went over the house, to get the stick to lather the mouse Hop-tu-Naa, my mother's gone away, and she won't be back until the morning.”
Cé go bhfuil Hop-tu-Naa tar éis athrú thar na blianta , fós tá sí ina ham le teacht le chéile le déanamh grinn agus ceiliúradh . Ach , gan dabht , tá sí níos mó ná seo . Tá sé tábhachtach le coinneáil na sean-nósanna beo agus in éineacht leo stair agus cultúr ar leith an oileáin .
Go maire tornapaí buan , agus ná dearmad , is é Hop-tu-Naa atá ann !