“Is iomaí cor i saol an fhocail”
An aidhm atá agam leis an suíomh seo ná “droichead” a sholáthar do scoláirí na Gaeilge nó d'aon duine a bhfuil suim aige/aici i sanasaíocht na Gaeilge idir príomhfhoclóir na Nua-Ghaeilge (Foclóir Gaeilge-Béarla (FGB), mar atá sé ar teanglann.ie) agus príomhfhoclóir na Meán/Sean-Ghaeilge (Dictionary of the Irish Language (DIL), foilsithe ag Acadamh Ríoga na hÉireann agus ar fáil i bhfoirm leictreonach ar dil.ie).
Bhunaigh mé na nascanna anseo ar na cinn a bhailigh Tomás de Bhaldraithe ina Innéacs Nua-Ghaeilge, foilsithe ag Acadamh Ríoga na hÉireann sa bhliain 1977. Tá mé buíoch de lucht an Acadaimh as cead a thabhairt dom an acmhainn luachmhar seo a chur ar fáil ar líne (tháinig an t-athfhriotal sa gceannteideal thuas as an Innéacs freisin). D'athraigh agus d'fheabhsaigh mé an t-ábhar san Innéacs ar go leor bealaí sa chaoi go mbeadh sé níos éasca na hipearnascanna ar an suíomh seo a chruthú:
- Chuir mé ranna cainte le gach focal ar an taobh FGB (níl aon ranna cainte san Innéacs), agus is mór an cúnamh é seo nuair is gá idirdhealú a dhéanamh idir dhá fhocal leis an litriú céanna (go háirithe ainmfhocail agus aidiachtaí).
- Déanann an tInnéacs idirdhealú anois is arís le sainmhínithe i mBéarla, m.sh. barrann 'surpass' vs. barrann 'hinder'. Rinne mé mapáil de láimh ó gach ceann de na hiontrálacha seo go dtí ceannfhocal ar leith in FGB (sa dá shampla seo, barr3 agus barr4).
- Uaireanta, nuair atá níos mó ná iontráil amháin leis an litriú céanna in DIL, tugann an tInnéacs uimhir an cheannfhocail atá i gceist (m.sh. acht 3, acht 4, acht 6, srl.), ach faraor ní dhéanann sé i gcónaí. Chuir mé uimhreacha le gach iontráil DIL aon uair ba ghá leis.
- Nuair a bhí litriú malartach sa Nua-Ghaeilge níos gaire don litriú in DIL, roghnaigh de Bhaldraithe an litriú malartach i gcónaí (luann sé geafta : gepta sa Réamhrá). Ach, toisc nach féidir na focail seo a nascadh ar teanglann.ie i gcónaí, chuir mé ceannfhocal FGB in áit aon litriú malartach san Innéacs.
- Baineadh úsáid as giorrúcháin go minic san Innéacs (m.sh. ciamhair, -e : ciabair, ciamair, -e). Leathnaigh mé na giorrúcháin go léir, rud a bhí measartha casta mar gheall ar chásanna le níos mó ná iarmhír shimplí (e.g. crístamail, -mlacht, srl.).
- Is é an aimsir láithreach a úsáideann an tInnéacs i gcás briathra, (m.sh. diomlaíonn); chuir mé an modh ordaitheach uatha ina áit sin (m.sh. diomail) chun nascanna a chruthú, toisc gurb é sin an ceannfhocal a úsáideann FGB do bhriathra.
- D'fhág de Bhaldraithe síntí fada ar lár d'aon turas ar ghutaí ar nós ae, oe, eo, ua, ia; chuir mé na síntí fada ar ais nuair a bhí siad ag teastáil chun nasc a dhéanamh le ceannfhocal in eDIL.
- Faraor bhí orm na céadta fadhbanna litrithe san Innéacs a cheartú, an chuid is mó acu ar thaobh DIL, toisc nárbh ionann iad agus na litrithe sa leagan priontáilte nó in eDIL féin (m.sh. deithnesech → deithnesach, eterchert → etercert, meanmnaigid → menmnaigid, sligén → slicén, srl.; tá an liosta ar fad agam má tá suim ag éinne ann).
- Nuair nach bhfuil an focal nasctha ina cheannfhocal in DIL, soláthraíonn an tInnéacs an leathanach agus uimhir na líne ar a bhfuil sé (m.sh. ceannliath : cenn 127.43). Sa leagan is déanaí de eDIL, ní féidir hipearnasc a dhéanamh le fo-iontrálacha den sórt sin; dá bharr seo tugaim nasc leis an gceannfhocal agus caithfidh tú cuardach a dhéanamh ón bpointe sin.
Tá mé an-bhuíoch de Chaoimhín Ó Donnaíle ó Sabhal Mòr Ostaig a thug an-spreagadh agus comhairle dom nuair a bhí mé ag obair ar an tionscadal seo.