Rialacha fleiscínithe don Ghaeilge
Gheobhaidh tú cur síos garbh ar an algartam fleiscínithe in TeX ar an leathanach Vicipéide seo (i mBéarla), agus is féidir leat na mionsonraí go léir a fháil ó thráchtas PhD Frank Liang, áit a ndearnadh cur síos ar an algartam i dtús báire.
Seo ceithre cinn de na 6000+ riail sa gcomhad Gaeilge:
al3i a6ll al2ann geal5aGo bunúsach, cuireann na ré-uimhreacha (2,4,6) cosc ar fhleiscín ag an bpointe atá i gceist, agus ceadaíonn corruimhreacha (1,3,5) fleiscín ag an bpointe sin. Tá éifeacht níos láidre ag na huimhreacha níos mó. Ceadaíonn an chéad riail
al3i
fleiscín tar éis an “l”
i bhfocail ar nós béaliata nó galinneall.
Cuireann an dara riail cosc láidir ar fhleiscín roimh an “ll”
i bhfocail ar nós timpeallacht nó fealltóir.
Cuireann an tríú riail cosc (lag) ar fhleiscín tar éis an “l”
i bhfocail ar nós bialann nó dialann.
Ach tabhair faoi deara gur féidir an riail seo a chur i bhfeidhm
ar an mbriathar gealann freisin, rud a chuirfeadh cosc ar fhleiscín
úsáideach (geal-ann),
ach ar an dea-uair, ceadaíonn an cheathrú riail fleiscín
ag an bpointe céanna (toisc go bhfuil 5 níos mó ná 2).
Baineann riail ghinearálta amháin leis an séimhiú:
níor chóir focal a bhriseadh riamh idir consan séimhithe
agus an “h” ina dhiaidh.
Dá bharr seo, feicfidh tú rialacha ar nós
c2h
agus d2h
sa gcomhad. Ar an taobh eile, má tá “h” i ndiaidh guta nó
consan doshéimhithe (l,n,r), is féidir fleiscín a chur san áit de ghnáth,
mar shampla Bói-héam-ach nó Faran-haít.
Sin an fáth a bhfuil rialacha
i1h
, n5h6a
, srl. ann.
Riail ghinearálta eile: i gcás focal coimrithe, is féidir fleiscín a chur isteach ag pointe an choimrithe; m.sh. ciog-al agus ciog-lach.
Torthaí
Tá na rialacha seo bunaithe ar mhoirfeolaíocht na Gaeilge seachas ar fhóineolaíocht na Gaeilge (mo rogha phearsanta). Uaireanta, ní aontaíonn siad leis na fleiscíní a fheictear i leabhair phriontáilte dá bharr seo. Mar shampla:
Na rialacha seo | Corpas |
---|---|
Ceilt-each | Ceil-teach |
siosc-adh | sios-cadh |
craic-eann | crai-ceann |
ceann-aithe | cean-naithe |
tuairt-eáil | tuair-teáil |
comh-alta | com-halta |
Ar ndóigh tá an sampla deireanach seo uafásach ar fad.
Fadhbanna agus focail dhébhríocha
Nuair is gá fleiscín a chur san fhocal Béarla “record”, braitheann sé ar an gcomhthéacs (briathar re-cord vs. ainmfhocal rec-ord). Toisc gur lean mé struchtúr moirfeolaíoch na Gaeilge go cúramach, tá roinnt samplaí débhríocha (agus greannmhara) ann sa mbunachar sonraí. Den chuid is mó is focail nó foirmeacha as an ngnáth iad, an saorbhriathar gnáthchaite go minic.
- bhrach-taí “used to be fermented” (stoc leathan) vs. bhracht-aí “sappiest”
- cháint-í “most critical” (gan fleiscín) vs. cháin-tí “used to be taxed”
- Cheilt-í “most Celtic” (gan fleiscín) vs. Cheil-tí “used to be concealed”
- chist-í “treasures” (gan fleiscín) vs. chis-tí “used to be handicapped”
- gcoirtí “may you tan” (gan fleiscín) vs. gcoir-tí “used to be worn out”
- chreataí “used to be shaken” (gan fleiscín) vs. chreat-aí “shakiest”
- doir-tear “breeds” vs. doirt-ear “spills”
- fhuad-ar “bustle” vs. fhua-dar “they sewed”
- fhuaf-ar “odious” vs. fhua-far “one will sew”
- ghais-tí “used to gush” vs. ghaist-í “traps” (no hyphen)
- gheal-taí “used to be brightened” vs. ghealt-aí “lunatics”
- ghor-taí “used to be incubated” vs. ghort-aí “may you injure”
- na haist-í “hatches” (gan fleiscín) vs. na hais-tí “essays”
- lé-amar “we read” (aimsir chaite) vs. léam-ar “lemur”
- luad-ar “movement” vs. lua-dar “they mentioned”
- meat-aí “most perishable” vs. mea-taí “used to waste”
- réalt-aí “stars” vs. réal-taí “used to be developed”
- ríf-ear “reefer” (Foclóir Collins Gem) vs. rí-fear “will tighten”
- shá-dar “they stabbed” vs. shád-ar “solder”
- Shá-imis “we stab” vs. Sháim-is “Sami language”
- shá-faí “one would stab” vs. sháf-aí “ax handle” (genitive)
- speal-ta “mowed” vs. spealt-a “milt” (ginideach, gan fleiscín)
- thiom-áin-tí “used to be driven” vs. thiom-áint-í “drives”
Chuir mé na focail seo laistigh de bhloc
\hyphenation{}
sna rialacha, sa chaoi nach ndéanfaidh TeX
fleiscíniú mícheart orthu.
Baineann deacracht eile le focail ar nós bainte, ar féidir anailís a dhéanamh orthu mar aidiachtaí briathartha (m.sh. bain+te) nó mar ainmfhocail sa ghinideach (m.sh. baint+e). Tá an deacracht chéanna ann san iolra (bhaint+í) vs. an saorbhriathar gnáthchaite (bhain+tí). Ceadaíonn na rialacha sa leagan is déanaí fleiscíniú mar aidiacht bhriathartha. Seo roinnt focal eile den sórt céanna: athoscailte, bainte, ceilte, cigilte, coigilte, cuimilte, deighilte, déroinnte, diomailte, dúbailte, easmailte, eitilte, fóinte, foroinnte, fuascailte, meilte, múscailte, oscailte, roinnte, satailte, streachailte, tochailte, tomhailte, tríroinnte, tuirlingte. Tarlaíonn an débhríocht seo i gcásanna eile “trí thimpiste”: ciste (cist=“a cyst”), coirte (coirt=“tree bark”), deilte (deilt=“delta”), feilte (feilt=“felt”) Is sampla sa tríú díochlaonadh é an t-ainmfhocal cruacht(a).
Tá fabhtanna ann freisin, ach is fíorannamh iad: ní dhéanann na rialacha i leagan 1.0 aon fhleiscín nach bhfuil sa mbunachar sonraí, agus níl ach deich gcinn as 314,639 sa mbunachar sonraí nach féidir leo a dhéanamh. Ní hé sin le rá nach bhfaighidh tú aon drochfhleiscíní, ach gur ar an mbunachar sonraí an locht seachas ar an algartam a chruthaigh na rialacha.