Tuairiscí ar Fhabhtanna

Tá an cur chuige a úsáideann An Gramadóir chun gramadach a sheiceáil teoranta ar bhealaí bunúsacha, agus dá bhrí sin, tá botúin ghramadaí ann (go minic, cinn a bhaineann le cúrsaí séimeantaice) nach mbeidh sé in ann a aimsiú. É sin ráite, má cheapann tú gur thug tú fabht sa Ghramadóir faoi deara (nach bhfuil luaite thíos), bheadh fáilte romhat tuairisc a chur chugam tríd an GitHub issue tracker. Nó, más fearr leat, is féidir ríomhphost a chur chugam: kscanne ag gmail ponc com.


Séimhiú

Séimhítear focal ar lorg na copaile gur san aimsir chaite nó sa mhodh coinníollach, agus ní shéimhítear san aimsir láithreach ná san aimsir fháistineach. Uaireanta tá sé deacair aimsir na copaile a oibriú amach ón gcomhthéacs toisc go mbraitheann sí ar leideanna i bhfad uaithi san abairt:
An amhlaidh gur daoine iad a chaith an lá ar fad ar an bhus?
Dar leis gur dhaoine réasúnta saibhir atá ina gcónaí i mBaile Átha Cliath.
Mar an gcéanna i gcás an fhocail ar agus na foirmeacha comhtháite éagsúla: dar, faoinar, inar, lenar, sular, srl.

Uaireanta, níl sé soiléir an aidiacht cháilíochta nó aidiacht fhaisnéiseach atá i gceist, agus imríonn an difríocht seo tionchar ar an séimhiú:
“Seán broke a window”
Bhí fuinneog bhriste ag Seán.
“Seán had a broken window”
Bhí fuinneog briste ag Seán.
Faoi láthair, déanann an Gramadóir tuairisc ar an dara hearráid, agus dá bharr sin, déanann sé botún anois is arís le haidiachtaí faisnéiseacha. Samplaí eile den sórt seo:
“He had become famous”
Bhí cáil bhainte amach aige.
“He had a reaping tool”
Bhí uirlis bainte aige.
Nó:
“The busy woman was in her office”
Bhí an bhean gnóthach ina hoifig.
“The woman was busy in her office”
Bhí an bhean ghnóthach ina hoifig.
Tuigeann an Gramadóir nach n-úsáidtear aidiachtaí áirithe ar bhealach cáilíochta rómhinic, agus is eisceachtaí iad don riail seo:
Bhí an fhéile curtha ar ceal.

Séimhítear an briathar ar lorg mar a uaireanta, agus uraítear é uaireanta eile, thart ar 50/50 sa chorpas (cf. na samplaí thíos agus CB lch.146)
Beidh do shíol ina ndeoraithe i dtír nach leo, mar a bheidh siad ina ndaoir.
Chuala tú conas mar a mbeidh siad ina gceap uafáis agus mallacht.

Braitheann inscne an ainmfhocail méid ar chúrsaí séimeantaice. Tá sé firinscneach nuair a chiallaíonn sé líon, uimhir, nó tomhas:
Ní smaoiníonn siad ar an mhéid eolais atá le fáil.
Tá sé baininscneach nuair a chiallaíonn sé toirttéagar:
Braitheann an méid a bhíonn i scriúnna ar an bhfeidhm a bhíonn le baint astu.

Séimhítear ainmfhocail ar lorg ar uaireanta, ag brath ar chúrsaí séimeantaice ar bhealach caolchúiseach:
Mar sin de, is é scéal na himirce scéal an pharóiste, ar dóigh.
Mar sin de, is é scéal na himirce scéal an pharóiste ar dhóigh.
Bhí clóscríobhán ar bord sa chúinne.
Bhí clóscríobhán ar bhord na loinge.
“A project that is established now”
Tionscadal atá ar bhun anois.
“A project that is on provisional basis”
Tionscadal atá ar bun sealadach.
“He beat them completely”
Bhuail sé iad ar fhad.
“He struck them across their cheek”
Bhuail sé iad ar fad a leicinn.
“It is in progress” (Ó Dónaill, siúl.5)
Tá sé ar shiúl.
“He is gone” (Ó Dónaill, siúl.6)
Tá sé ar siúl.
Tá go leor samplaí eile den sórt seo agus an fhoirm gan séimhiú ina cor cainte, ach glactar leis an bhfoirm shéimhithe, le brí dhifriúil, chomh maith. Seo roinnt de na samplaí is coitianta sa chorpas: ar d(h)eireadh, ar b(h)all, ar c(h)uairt, ar t(h)alamh, srl. srl.

Feictear séimhiú ar lorg idir thart ar leath an ama, arís ag brath ar chúrsaí séimeantaice:
“There are both men and women in the park”
Tá idir fir agus mná sa pháirc.
“There is a game between men and women in the park”
Tá cluiche idir fhir agus mhná sa pháirc.

Tá dhá bhrí leis an bhfocal chun — sa chéad sampla thíos, ba cheart an focal ina dhiaidh a chur sa chás ginideach:
Tháinig sé chun an cluiche.
Tháinig sé chun an chluiche a fheiceáil.

Go minic, bíonn sé deacair/dodhéanta feidhm an fhocail a a oibriú amach:
“He didn't like contradicting them.”
Ní maith leis na daoine a bréagnú.
“The people didn't like her contradictions.”
Ní maith leis na daoine a bhréagnú.
Faoi láthair, déanann an Gramadóir tuairisc ar an gcéad cheann mar bhotún; tuairisc bhréagdheimhneach dá mbeadh an dara brí i gceist!
“I don't like person number two.”
Ní maith liom duine a dhó.
“I don't like burning someone.”
Ní maith liom duine a dó.

Ní dhéanann an Gramadóir idirdhealú ar bith idir ainmfhocail chinnte agus éiginnte; féach CB lch.16 #6
Rinne sé iarracht ar threoir a thabhairt ina lá féin conas cúraimí Dé a dheighilt ó ghnóthaí Sátain.
Tá Eifisigh, dá réir sin, ar an litir is fairsinge agus is “caitlicí” de litreacha Póil.
Is cosúil gur finné a scríobh é luath go leor tar éis báis Dháiví.

Réiteach iarthagartha
Tá Kim Jong-Il ag smaoineamh ar a pobal.
Tá Kim Basinger ag smaoineamh ar a phobal.
Leabhar álainn clóbhuailte, arna foilsiú agam.
Tuairisc álainn clóbhuailte, arna fhoilsiú agam.
“Tomás is being praised.”
Tá Tomás á moladh.
“Tomás is praising her.”
Tá Tomás á mholadh.

Ní dhéanaim iarracht ar bith an cás gairmeach a láimhseáil; féach CB lch.12 #2
Bua ann féin é, a Treasa, go ndéanann duine a dhícheall!

An aimsir chaite agus an modh ordaitheach a idirdhealú
“Keep me on my toes”
Choinnigh mé ar mo bharraicíní.
“I kept on my toes”
Coinnigh mé ar mo bharraicíní.

Agus ar an nós céanna, an aimsir ghnáthchaite agus saorbhriathar san aimsir chaite
“The ling fishermen were killed.”
Mharaíodh iascairí an langa.
“Fishermen used to kill the ling.”
Maraíodh iascairí an langa.

Ba mhaith liom riail a scríobh nuair a shéimhítear saorbhriathar san aimsir chaite, ach uaireanta tá sé deacair é a idirdhealú ón ainm briathartha
“The man left his invitation.”
Thréig an fear a cuireadh.
“Leave the man that was buried.”
Tréig an fear a chuireadh.

Frásaí ainmfhoclacha a aithint: m.sh. nuair a mhodhnaíonn níos mó ná aidiacht amháin an t-ainmfhocal céanna
Ní raibh baint aici le gníomhaíocht ar bith polaitiúil le cúig bliana anuas.


Urú

Réiteach iarthagartha
Tá brí ina colainn siúd!
Tá brí ina gcolainn siúd!

Uaireanta tá sé deacair an gnáthiolra agus an ginideach iolra a idirdhealú:
Tuigimid freisin go bhfuil cathú ar dhaoine na dtithe seo a dhíol.
Tuigimid freisin go bhfuil cathú air fearas na tithe seo a dhíol.
Tá siad tar éis na Gardaí.
Tá siad tar éis na nGardaí a cháineadh.
Agus uaireanta eile tá sé dodhéanta:
Ní teanga na comharsan amháin a bhíonn i gceist.
Ní teanga na gcomharsan amháin a bhíonn i gceist.


Réimír t-

Tá dhá bhrí le leis:
Glacfar leis an am seo.
Glacfar leis an t-am seo.
Má tá an réimír t ar iarraidh sa ghinideach firinscneach, is deacair don Ghramadóir aithint gur ginideach atá ann:
“It was the business of the Old Testament prophets”.
Ba é gnó fháithe an Sean-Tiomna é.
“The Old Testament was the business of translators”.
Ba é gnó aistritheoirí an tSean-Tiomna é.
Tá sé deacair an léamh ceart a dhéanamh ar an bhfocal an má tá an réimír t- ar iarraidh:
An suim is airde.
An tsuim agat?


Réimír h-

Réiteach iarthagartha
Tá Kim Jong-Il ag smaoineamh ar a háit dúchais.
Tá Kim Basinger ag smaoineamh ar a áit dúchais.

Deir foinsí áirithe a bhfuil dea-chlú orthu gur chóir h- a úsáid ar lorg , fágann foinsí eile ar lár é; meascán sa chorpas.
Ní amháin dúinne in Éirinn ach do na milliúin eile ar fud na hEorpa.
Ní hamháin dúinne in Éirinn ach do na milliúin eile ar fud na hEorpa.
Ní ionann mise agus mo bhean.
Ní hionann mise agus mo bhean.


Comhtheacht gramadaí

Ba mhaith liom riail a scríobh a d'aithneodh ainmfhocal iolra + aidiacht uatha mar bhotún gramadaí, ach níl sé soiléir i gcónaí an aidiacht cháilíochta atá i gceist gan parsáil a dhéanamh. Is botún é anseo:
“The blind people are there”
Tá na daoine dall ann.
Ach ní botún é anseo (“The people are blind”):
Tá na daoine dall.


Clásal díreach/indíreach

Feictear clásail den dá chineál ar lorg mar, ag brath ar chúrsaí séimeantaice (CB lch.146):
“Leave that as it is”
Fág siúd mar a bhfuil sé.
“Leave that where it is”
Fág siúd mar atá sé.


Rialacha eile

Ba chóir dom riail a scríobh a dhéanann tuairisc ar ainmfhocal + aidiacht éiginnte (úd,sin,srl.)+aidiacht thuairisciúil (CB lch.60 #8), ach ba chúis le fadhbanna é seo gan parsáil a dhéanamh.
Tá an abairt seo ceart go leor (“That man is tall”):
Tá an fear sin ard.
Ach sa chás seo, ba chóir do ard a theacht roimh sin (“That tall man is there”):
Tá an fear sin ard ann.

Ba chóir an aidiacht shárchéimeach a úsáid tar éis is (is fearr), ach chun é seo a dhéanamh caithfear an chlib cheart a chur ar is (marcóir sárchéimeach vs. an chopail):
Is é an lá is fada.
Ach tá an abairt seo ceart go leor:
Is fada an lá.

Ba chóir dom riail a scríobh a chuirfeadh cosc ar ainmfhocail neamhphearsanta ar lorg beirt, triúr, srl. féach CB lch.78 (Nóta). Ach bhraithfeadh sé seo a chlibeáil shéimeantach nach ndéanann an Gramadóir faoi láthair.
beirt chat ann.

NGBC lch.184 (b); ba chóir an t-ainmfhocal uatha a úsáid ar lorg ár, bhur, a (iolra) nuair nach bhfuil ach ceann amháin den ainmfhocal ag gach duine:
Beidh siad ar ár n-aigní.
Ach tá an abairt seo ceart má tá dhá charr ag gach duine againn:
Beidh siad inár gcarranna.