Rannpháirtíocht

Tá na mílte duine ag baint úsáide as GaelSpell ar bhonn rialta, na breiseáin Firefox nó LibreOffice, nó an leagan do Microsoft Word a chuireann Cruinneog ar fáil. Faraor, is fíorannamh a mholann aon duine focail nua le cur leis an mbunachar sonraí; ba bhreá liom níos mó daoine a mhealladh chun páirt a ghlacadh sa tionscadal sa chaoi seo.

Tá ár suíomh forbartha ar GitHub. Ar an leathanach sin, gheobhaidh tú an cód agus na sonraí go léir (chomh fada siar le 2001) agus an córas a úsáidimid chun fabhtanna a cheartú agus feabhsúcháin a chur i bhfeidhm. Mura dtaitníonn GitHub leat, tá fáilte romhat ceisteanna nó moltaí a sheoladh go díreach chugam trí rphost (kscanne ag gmail ponc com).

Leis na breiseáin Firefox agus LibreOffice, is féidir leat focail nua a chur le “foclóir pearsanta” mura nglacann GaelSpell le focal a bhfuil tú sásta leis. Tarlaíonn sé seo go minic le hainmneacha dílse, mar shampla, agus uaireanta le leaganacha canúna. Dá bharr seo, tá sé an-éasca focail nua a mholadh trí ábhar d'fhoclóra phearsanta a sheoladh chugainn. Tá an foclóir pearsanta stóráilte in áit a bhraitheann ar an bhfeidhmchlár a bhfuil tú ag úsáid GaelSpell leis, agus ar do chóras oibriúchán. Mar shampla, ar Mac OS X, gheobhaidh tú an foclóir pearsanta do Firefox anseo:

~/Library/Application Support/Firefox/Profiles/{profilename}/persdict.dat

Tá tuilleadh eolais ar fáil ó mozillaZine.

I gcás LibreOffice (leagan 4 nó níos déanaí) ar Mac OS X, gheobhaidh tú an foclóir pearsanta anseo:

~/Library/Application Support/LibreOffice/4/user/wordbook/standard.dic

Arís, braitheann suíomh na próifíle úsáideora ar do chóras oibriúcháin; tuilleadh eolais ar an leathanach seo.

Tá go leor ainmneacha pearsanta agus logainmneacha sa mbunachar sonraí cheana féin, ach níor chuir mé na focail sin le GaelSpell ar bhealach córasach, agus dá bharr sin is dócha go bhfuil go leor bearnaí fós ann. Má tá spéis agat i logainmneacha nó i sloinnte Gaelacha agus más mian leat páirt a ghlacadh, ná bíodh drogall ort ríomhphost a sheoladh chugam: kscanne ag gmail ponc com.

Rannpháirtithe