Foinse: https://www.dcu.ie/fiontar-scoilnagaeilge/taighde-ag-leibheal-na-scoile-fiontar-agus-scoil-na-gaeilge

Fáilte romhat go leathanach taighde Fiontar. Tá an fhoireann sa Scoil tiomanta do naisc a chruthú idir an Ghaeilge agus sochaí chomhaimseartha na hÉireann, go háirithe trí theicneolaíochtaí digiteacha a fhorbairt a chuireann réimse luachmhar acmhainní ar fáil don phobal, acmhainní ar féidir teacht orthu ag am ar bith in áit ar bith: e.g. logainmneacha, beathaisnéisí, téarmeolaíocht, béaloideas, téarmeolaíocht na Gaeilge le haghaidh an Aontais Eorpaigh agus teicneolaíochtaí teagaisc agus foghlama teangacha ar líne.

Tá na sé phríomh-aschur a bhaineann lenár gcuid taighde reatha le fáil ar líne sna réimsí seo a leanas: teicneolaíochtaí teagaisc agus foghlama, foclóireacht agus téarmeolaíocht, beathaisnéisí, logainmníocht agus an béaloideas. Má tá sainriachtanas taighde ag an eagraíocht lena mbaineann tú in aon cheann de na réimsí seo a leanas: na ndaonnachtaí digiteacha, an t-airgeadas nó bainistíocht an ghnó, an fhiontraíocht shóisialta, an t-oideachas fiontraíochta, forás agus forbairt na Gaeltachta, teicneolaíochtaí teanga, nó an polasaí agus an phleanáil teanga, agus dá mba mhaith leat dul i gcomhairle le Fiontar faoi aon cheann acu, féach ar phróifílí na léachtóirí lena fháil amach cé hé is fearr a chuirfeas comhairle ort. I measc na mbeartas comhairleoireachta is déanaí a raibh ionchur ag Fiontar iontu tá: An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge — 2010–2030, a d’fhoilsigh Rialtas na hÉireann; an t-athbhreithniú ar pholasaí teanga in Acht na dTeangacha Oifigiúla (2003), agus an staidéar a rinne Fiontar i gcomhar le comhghleacaithe sa Bhreatain Bheag agus an Fhionlainn ar reachtaíocht teanga sna tíortha sin, staidéar a foilsíodh sa tuarascáil From Act to Action (2014).

Fáiltíonn Fiontar roimh iarratais ó chéimithe ar mhian leo taighde a dhéanamh trí mheán na Gaeilge in aon cheann de na réimsí seo a leanas: an gnó agus an bhainistíocht, an t-oideachas fiontraíochta, an fhiontraíocht shóisialta, an t-airgeadas, Teicneolaíocht na Faisnéise, teicneolaíochtaí teanga, polasaí agus pleanáil teanga, agus gnéithe éagsúla de léann na Gaeilge. Téann mic léinn i mbun dianstaidéir mar chuid d’iarchéim taighde i ndisciplín a bhfuil bunús maith acadúil acu cheana féin ann. Trí mheán an staidéir iarchéime, foghlaimeoidh mic léinn scileanna riachtanacha taighde mar a bhaineann le tionscadal a phleanáil, a réiteach agus a chur i gcrích, rud a sheasfaidh dóibh ina dhiaidh sin in aon earnáil ghairmiúil ina mbeidh siad.