Cé muidne?

Bunaíodh Cadhan Aonair, LLC sa bhliain 2008 mar chomhlacht phríobháideach a sholáthraíonn seirbhísí teicneolaíochta do phobal na Gaeilge ar fud an domhain. An bunchuspóir atá againn ná saol ríomhaireachta go hiomlán trí mheán na Gaeilge a éascú trí bhogearraí, uirlisí profála, suímh Ghréasáin, APIanna, agus logánú.

Ar an suíomh seo

Sa roghchlár ar chlé, gheobhaidh tú nascanna leis na táirgí go léir atá againn. Cuirimid gach uile rud ar fáil saor in aisce ón suíomh seo, chomh maith le cód foinseach agus sonraí oscailte. Sa chaoi seo, bíonn forbróirí eile in ann na hacmhainní seo a úsáid mar bhunús dá gcuid táirgí féin. Creidimid go láidir gurb é seo an bealach is fearr éiceachóras sláintiúil teicneolaíochta a dheimhniú don Ghaeilge ar líne.

Beathaisnéisín

Is é Kevin Scannell, a bhunaigh Cadhan Aonair. Is Meiriceánach é Kevin, rugadh i mBostún, Massachusetts i 1970, de bhunadh Éireannach ar an dá thaobh. Rinne sé staidéar ar an matamaitic in Institiúid Teicneolaíochta Massachusetts (MIT), áit a mbronnadh BS air sa bhliain 1991, agus fuair sé céim dhochtúireachta in Ollscoil California, Los Angeles (sa matamaitic chomh maith). Chaith sé dhá bhliain i bpost iardhochtúireachta in Ollscoil Rice in Houston, Texas, sular ghlac sé le post in Ollscoil Saint Louis, áit ar mhúin sé matamaitic agus ríomheolaíocht ó 1998 go 2023.

Thosaigh Kevin ag foghlaim na Gaeilge sna 1990í agus go gairid tar éis sin, thosaigh sé ag obair ar bhogearraí éagsúla a chabhródh le foghlaimeoirí eile agus le cainteoirí dúchais an teanga a úsáid ar an ríomhaire. Ba é an litreoir GaelSpell an chéad acmhainn ríomhaireachta don teanga a rinne sé, an chéad leagan foilsithe sa bhliain 2000.

Teagmháil

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Kevin ag an seoladh ríomhphoist seo: kscanne ag cadhan ponc com.