Achoimre

Seo é leathanach baile Líonra Séimeantach na Gaeilge (“LSG” mar ghiorrúchán, nó, as Béarla, The Irish Language Semantic Network), bunachar sonraí ina bhfuil focail Ghaeilge agus gaolta séimeantacha eatarthu. Uaireanta tugtar wordnet ar líonra séimeantach den chineál seo, ainmnithe as an WordNet Béarla a forbraíodh sna 1980í in Ollscoil Princeton, S.A.M. Ba é sin an chéad líonra séimeantach cuimsitheach i dteanga ar bith. Tabhair faoi deara go bhfuil líonra séimeantach i bhfad níos saibhre ná “teasáras” traidisiúnta ina bhfuil focail chomhchiallacha agus, b'fhéidir, focail fhrithchiallacha. Ach tá gaolta níos saibhre ar fáil i LSG (agus i líonraí séimeantacha eile), mar shampla hipearainmneacha agus hiopainmneacha (téarmaí níos leithne/níos cúinge) míorainmneacha agus holainmneacha (páirt vs. iomlán), srl.

Is féidir líonraí séimeantacha a úsáid i raon leathan feidhmchlár a bhaineann le Próiseáil Teangacha Nádúrtha. Úsáidtear iad i gcórais imdhealaithe athbhríochta, achoimriú agus innéacsú de cháipéisí, agus aisfháil faisnéise. Nuair atá na focail i líonra áirithe nasctha le focail i dteanga eile (nascanna le Béarla atá i LSG), is féidir an líonra a úsáid chun córas ríomhaistriúcháin a fheabhsú. Go ginearálta, ó dhearcadh na hintleachta saorga, stórálann líonra séimeantach roinnt eolais faoin saol mór atá de dhíth ar ríomhairí chun téacsanna a thuiscint agus a phróiseáil ar bhealach fiúntach.

Ar an taobh deas den leathanach seo, feicfidh tú íomhá bheag den líonra ina iomláine (cliceáil chun leagan lánmhéide a fheiceáil). Mar a tharlaíonn, íomhá shimplithe atá ann — seasann gach nód san íomhá do chnuasach d'fhocail chomhchiallacha ab fhéidir cur leis an íomhá mar chraobhacha breise. Rud éigin cosúil leis an líonra seo, ach níos mó agus níos casta faoi mhílte is dócha, atá neadaithe in inchinn gach cainteora Gaeilge — déantar nascanna séimeantacha den chineál seo go hinstinneach agus ar bhuille boise. Leis an mbrabhsálaí tríthoiseach, is féidir leat “eitilt” tríd an líonra agus é a láimhseáil ar bhealaí éagsúla.


Íoslódáil

Fiú mura bhfuil suim agat i mbogearraí a dhéanann próiseáil ar theangacha nádúrtha, seans go mbainfidh tú úsáid as an mbunachar sonraí mar sin féin, agus dá bhrí seo tugaim rochtain air ar bhealaí éagsúla:


Sainghnéithe