Táim buíoch de go leor leor daoine as a gcabhair, a dtacaíocht, agus a spreagadh le linn mo chuid oibre ar an tionscadal seo. Súil agam nach ndearna mé dearmad ar aon duine thíos!
- Ar dtús, ba mhaith liom an suíomh seo a thiomnú do mo chara croí Doğan Koslu. Ba léir dom, agus an tionscadal seo idir lámha, nach dtuigfeadh go leor daoine an ríomhfhilíocht a bhí de dhíth chun é a chur i gcrích agus ba chrua orm é sin! Chuir sé i gcuimhne dom cúpla ríomhchlár an-chasta-ach-an-áiféiseach a scríobhamar i L.A. sna seanlaethanta. Ó am go chéile nuair a bhí mé réidh leis an ghnó ar fad a chaitheamh in airde, ba shólás dom an tuiscint go raibh duine amháin ann, ar a laghad, a ghlacfadh an t-am chun na mionsonraí a thuiscint!
- Do mo chúntóirí taighde anseo i St. Louis, S.A.M., Madeleine Cáit Scannell (8 mbliana d'aois) agus Kevin Patrick Scannell, Jr. (6 bliana d'aois). Féach ar a ngrianghraf. Am éigin anuraidh, mhínigh mé dóibh na bunsmaointe a bhaineann leis seo uile, agus phléamar samplaí d'fhocail athbhríocha. Uaidh sin amach, rinneadar cluiche parlúis de, ina ndéanann siad iarracht ar fhocail nua athbhríocha a aimsiú nach bhfuil i mbunachar sonraí a nDaidí cheana. Tá na céadta sampla aimsithe acu le bliain anuas, agus neart samplaí go ndearna na taighdeoirí Princeton dearmad glan orthu (m.sh. “popup”: fuinneog, leabhar, nó daorchluiche)! Ba bhreá liom mic léinn san ollscoil a bheadh chomh cliste agus chomh díograiseach libhse féin!
- Rinne Gail Scannell obair mhór ag iontráil sonraí san fhoclóir. Is dócha go raibh a fhios aici nach mbeadh mé sásta leis na torthaí dá n-íocfainn tríú páirtí gan suim dá laghad san obair. Ach níos tábhachtaí fós, cuireann tú suas le m'uaireanta fada, mo neamhairdeall, agus mo chaitheamh aimsire aisteach. Agus go raibh maith agat as cur i gcuimhne dom cad é an rud is tábhachtaí (sárdhiosca). Tá gach rud níos fearr leatsa!
- Do Luis Henrique Fagundes agus an chuid eile den fhoireann Morcego, as a mbrabhsálaí iontach, agus as dul i dtacaíocht leis an tsaoirse trí an brabhsálaí a scaoileadh amach faoin LGPL.
- Cé is “suíomh gan deontas” é seo, táim buíoch d'Fhoras na Gaeilge as an tacaíocht a thugadar dom agus mé ag obair ar an nGramadóir in éineacht leis an gcomhlacht Cruinneog. Táim ag obair ar son mionteangacha le seacht mbliana anuas, ar son níos mó ná fiche teanga go dtí seo, agus is dóigh liom go bhfuil an Ghaeilge san áit is fearr maidir le hacmhainní ríomhaireachta. Is é is cúis leis seo go bhfuil formhór na teicneolaíochta a bhaineann leis an nGaeilge ar fáil saor in aisce. Tá mo chuid oibre go léir san áireamh ar ndóigh, agus na bunachair sonraí eile atá i mbéal phobal na Gaeilge freisin, mar shampla acmhainn.ie agus tearma.ie. Táim ag brath go mór ar na hacmhainní seo, acmhainní a cruthaíodh le tacaíocht ó Fhoras.
- Do na taighdeoirí ag an Cognitive Science Laboratory in Ollscoil Princeton as an WordNet Béarla a chruthú agus as an WordNet céanna a chur ar fáil faoi théarmaí neamhshrianta.
- B'acmhainn áisiúil eile í an mhapáil idir leaganacha difriúla an WordNet Béarla a rinne an NLP Research Group in Universitat Politècnica de Catalunya.
- Chruthaigh mé an tionscadal seo le saorbhogearraí amháin. Dá bharr seo, táim buíoch de Richard Stallman, Larry Wall, mo dhuine a scríobh an chéad leagan de sed, agus na mílte ríomhéigsí eile. Chríochnaigh mé é i bhfad níos tapa de bharr an eagarthóra is ansa liom, vim, a bhí scríofa ag Bram Moolenaar. Déan machnamh ar dheontas a thabhairt ar son páistí bochta in Uganda, in ómós do Bhram.
- Tugaim “ainm oibre” do gach ceann de mo thionscadail sa tréimhse sula scaoilfidh mé é amach. Thug mé “BLA” ar LSG ar dtús, mar ghiorrúchán ar “Battle of Los Angeles”, an dlúthdhiosca a raibh mé ag éisteacht leis nuair a scríobh mé eithne an ríomhchláir ag deireadh 2006. Go raibh míle maith agaibh as sin, Rage Against the Machine.
- Agus ar deireadh, do na Gaeilgeoirí atá tar éis mo chuid oibre a thacú ar bhealaí éagsúla, go háirithe Diarmaid Mac Mathúna, Séamus Ó Ciardhuáin, Elaine Uí Dhonnchadha, Conn Ó Muineacháin, Vincent Morley, Caoimhín Ó Donnaíle (as Oileán Sgiathanach), Kevin Donnelly (as an mBreatain Bheag), Liam Ó Cuinneagáin, Iarla Mac Aodha Bhuí, Brian Ó Broin, Ciarán Ó Duibhín, agus Peadar Ó Guilín.