“Is iomaí cor i saol an fhocail”

An aidhm atá agam leis an suíomh seo ná “droichead” a sholáthar do scoláirí na Gaeilge nó d'aon duine a bhfuil suim aige/aici i sanasaíocht na Gaeilge idir príomhfhoclóir na Nua-Ghaeilge (Foclóir Gaeilge-Béarla (FGB), mar atá sé ar teanglann.ie) agus príomhfhoclóir na Meán/Sean-Ghaeilge (Dictionary of the Irish Language (DIL), foilsithe ag Acadamh Ríoga na hÉireann agus ar fáil i bhfoirm leictreonach ar dil.ie).

Bhunaigh mé na nascanna anseo ar na cinn a bhailigh Tomás de Bhaldraithe ina Innéacs Nua-Ghaeilge, foilsithe ag Acadamh Ríoga na hÉireann sa bhliain 1977. Tá mé buíoch de lucht an Acadaimh as cead a thabhairt dom an acmhainn luachmhar seo a chur ar fáil ar líne (tháinig an t-athfhriotal sa gceannteideal thuas as an Innéacs freisin). D'athraigh agus d'fheabhsaigh mé an t-ábhar san Innéacs ar go leor bealaí sa chaoi go mbeadh sé níos éasca na hipearnascanna ar an suíomh seo a chruthú:

Tá mé an-bhuíoch de Chaoimhín Ó Donnaíle ó Sabhal Mòr Ostaig a thug an-spreagadh agus comhairle dom nuair a bhí mé ag obair ar an tionscadal seo.