Summary

Is éard atá ar an leathanach seo ná rialacha a bhaineann le fleiscíní i dtéacsanna clóscríofa Gaeilge. Is féidir na rialacha seo a úsáid i réimse leathan bogearraí, ina measc: TeX, LibreOffice, OpenOffice.org, KOffice, GNU Troff, Scribus, Folio, Hyphenator.js, agus Apache FOP. Úsáideann na leaganacha is déanaí de Firefox rialacha den sórt seo a úsáid agus leathanaigh Ghréasáin á leagan amach, agus creidim go ndéanfaidh brabhsálaithe eile amach anseo freisin.

Is féidir pacáistí leis na rialacha seo agus treoracha suiteála a fháil ón leathanach Íoslódáil.

Idir an dá linn, caith súil ar an taispeántas beo i do bhrabhsálaí, bunaithe ar an bpacáiste Hyphenation.js. Má athraíonn tú méid na fuinneoige, athróidh na fleiscíní go beo, agus is féidir an cnaipe ag barr an scáileáin ar dheis a úsáid chun fleiscíniú a mhúchadh. Seo é an cháipéis chéanna leagtha amach le LaTeX (PDF), agus gabháil scáileáin LibreOffice.

Scríobh mé páipéar acadúil a phléann forbairt na rialacha fleiscínithe don Ghaeilge, agus acmhainní ríomhaireachta do mhionteangacha go ginearálta.


Rannpháirtíocht

Ní dóigh liom go bhfuil aon chaighdeán oifigiúil ann maidir le fleiscíní i nGaeilge. Dá bharr sin, d'úsáid mé:

Anois is aris bhí orm buille faoi thuairim a thabhairt. Dá bharr sin, tá mé cinnte go bhfuil fadhbanna ann fós, agus tá na rialacha claonta i dtreo fleiscíní moirfeolaíochta seachas fóineolaíochta. Déanaim cur síos níos cúramaí agus tugaim samplaí éagsúla ar an leathanach Mionsonraí.

Má tá tú ag iarraidh páirt a ghlacadh sa tionscadal, an rud is éasca ná úsáid a bhaint as na rialacha chun cáipéisí a chur i gcló agus aon fhadhb a chur in iúl dúinn. É sin, nó caith súil ar an mBarr 1000 focal i nGaeilge ó thaobh minicíochta, le fleiscíní ón leagan is déanaí de na rialacha.