Seo é mar sin, Gaelscéal, ar fáil ar líne ina iomláine.

Tá áthas orm gurb amhlaidh an scéal agus tá mé thar a bheith buíoch don Ollamh Kevin Scannell as tabhairt faoin obair seo.

Is mór mo mheas ar Kevin le fada an lá as a dhíograis i leith na Gaeilge.

Saol gearr a bhí ag Gaelscéal, trí bliana a bheag nó a mhór.

Mise an t-aon eagarthóir a bhí ar an nuachtán, mar sin de mé féin atá freagrach as gach locht air.

Ní féidir liom an creidiúint a ghlacadh den mhaitheas ar fad a bhí le fáil ann áfach – char mhaith liom iad ar fad atá freagrach as sin go léir a ainmniú anseo mar bheadh eagla orm go bhfágfainn duine ón liosta sin.

Ach tá a fhios acu go maith cé atá iontu féin agus is féidir a gcuid ainmneacha a fheiceáil sna leathanaigh atá leagtha amach anseo.

Riarthóirí, iriseoirí, cló-eagraithe, fo-eagarthóirí agus daoine de cheirdeanna eile nach iad.

Onóir a bhí ann a bheith ag obair leo. Molaim iad ó chroí, tá mé bródúil as an táirge a chuir muid le chéile.

Tá a fhios agam gur iarr mé go leor orthu – agus thug siad ar fad díograis thar aon dualgas poist.

Níor mhair Gaelscéal ach ar feadh trí bliana. Cuireadh deireadh leis nuair a shocraigh Foras na Gaeilge deireadh a chur leis an mhaoiniú a cuireadh ar fáil dó.

Droch-dhíolacháin an chúis a luaigh an Foras lena gcinneadh agus caithfear a admháil gur fíor go raibh sé íseal.

Mar sin féin, ag amharc siar, tá mise sásta leis an mhéad cóipeanna a dhíol muid mar bhí sé inchurtha leis na nuachtáin eile a cuireadh amach sa teanga roimhe – in amanna beagán níos lú, in amanna beagán níos mó.

Tá mé an-sásta chomh maith leis an léitheoireacht ar líne a bhain muid amach, creidim gur éirigh linn cur go mór leis an mhéad daoine a léann an Ghaeilge mar fhoinse nuachta is tuairimíochta.

Ach leis an fhírinne a dhéanamh, thuig mé féin go raibh an cath caillte ag Gaelscéal taobh istigh de choicís ó foilsíodh é – cé nár chuir sé isteach ar mo chuid iarrachtaí é a dhéanamh chomh maith agus is féidir.

B'shin a raibh againn mar fhuinneog dheise.

Ina dhiaidh sin, ag snámh in aghaidh an easa a bhíomar – níor sháródh an eas sin riamh – ach ní raibh muid i bhfad uaidh.

Ní raibh pobal na Gaeilge i gcoitinne ag iarraidh Gaelscéal a cheannach, ba chuma leo é a bheith ann nó as.

Sa mhéad sin, bhí an ceart ar fad ag an Fhoras.

Ceal spéise sa táirge, ceal spéise i léamh na Gaeilge agus fonn ar dhaoine Foinse a bheith ar ais (ceann den dá nuachtán a cuireadh leo sa tréimhse sular tháinig Gaelscéal ar an tsaol) a ba chúis leis sin.

Ní raibh muid in ann an spéis sin a chruthú – ceacht atá ann den chéad dream eile, má bheas a leithéid ann choíche.

Ach cé go bhfuil tuairim is sé bhliain de thaithí mar iriseoir sa bhreis agam inniu, tá a fhios agam gan aon amhras, go ndearna mé mo sheacht ndícheall agus nach dtiocfadh liom pioc níos fearr a dhéanamh inniu.

Creidim go láidir gur fheabhsaigh agus gur fhorbair Gaelscéal mar thairge, seachtain i ndiaidh seachtaine.

Tá mise thar a bheith bródúil as na leathanaigh seo a fheiceann tú agus as na daoine a chuir le chéile iad.

Ní athróinn a dhath. Dá mbeadh deis agam arís, dhéanfainn mar a gcéanna é.

Uime sin, tá mé sásta gur féidir le daoine breithiúnas ceart a dhéanamh air Gaelscéal anois – saor ó chlaonadh, saor ón pholaitíocht mar rud a bhaineann leis an stair amháin.

Fianaise atá ann don taighdeoir, sin a bhfuil.

Mar fhocal scoir, ba mhaith liom Máire Ní Thuathail, nach maireann, a lua, í féin a chreid i in Gaelscéal i rith an ama – fiú nuair a ídigh an dóchas ar fad.

Ciarán Dúnbarrach
Cliumac,
Cluain Daimh.