Seo é leathanach baile GaelSpell, litreoir cumhachtach don Ghaeilge atá ar fáil saor in aisce ó 2000. Aithníonn sé níos mó ná 390,000 focal Gaeilge faoi láthair, agus cuirimid focail nua leis ar bhonn leanúnach. Má fheiceann tú aon fhocal atá in easnamh, fearaimid fáilte roimh mholtaí ón bpobal.
Is féidir GaelSpell a úsáid ar gach cineál ríomhaire (Linux, Mac, nó Windows), nó fiú i do bhrabhsálaí Gréasáin trí chomhéadan deas a rinne Michal Boleslav Měchura, bunaithe ar sheirbhís Ghréasáin GaelSpell. Féach ar an leathanach Íoslódáil chun tuilleadh eolais a fháil agus an leagan is feiliúnaí a íoslódáil.
Is ríomhchlár “foinse oscailte” é GaelSpell, ar fáil faoin cheadúnas GPLv2. Tá an cód agus na sonraí go léir a bhaineann leis an litreoir ar fáil ónár suíomh forbartha ar Github.
Ar ndóigh, toisc gur litreoir é, seiceálann sé an litriú seachas an ghramadach agus ní bhacann sé leis an gcomhthéacs in aon chor; m.sh. glacann sé le “mo máthair” agus “mo cuid Gaeilge”. Má tá tú ag iarraidh botúin den sórt seo a ruaigeadh, caith súil ar an seiceálaí gramadaí An Gramadóir.
Gnéithe
- Carn Mór Focal. Tá níos mó ná 360,000 focal sa mbunachar sonraí atá taobh thiar de GaelSpell, agus dá bharr sin glacann sé le níos mó ná 96% de na focail i ngnáth-théacsanna Gaeilge, ainmneacha pearsanta agus logainmneacha san áireamh. Is ionann é seo agus foclóir ina bhfuil timpeall is 39,000 ceannfhocal — sin trí huaire níos mó ná gnáthfhoclóir póca (m.sh. foclóir Collins Gem nó Oxford).
- Cuimsitheacht ó thaobh gramadaí. Scríobh mé ríomhchlár a ghineann gach foirm infhillte de cheannfhocal, bunaithe ar bheagán eolais gramadaí. Mar shampla, tá an ceannfhocal fuaimnigh sa mbunachar sonraí mar bhriathar den dara díochlaonadh, agus cuireann an ríomhchlár seo níos mó ná 80 foirm infhillte leis an bpríomhliosta focal (na haimsirí éagsúla, chomh maith le séimhiú, urú, réimír “d'”, srl.)
- Cruinneas. Níl ach riail dhosháraithe amháin ann nuair a fhorbraítear litreoir: ná lig aon fhocal mílitrithe isteach sa mbunliosta focal! Dheimhnigh mé gach ceannfhocal i mbunachar sonraí GaelSpell in éadan foclóirí priontáilte, agus rinne mé tástáil chuimsitheach ar an ríomhchlár a ghineann foirmeacha infhillte freisin.
- Nuashonruithe Rialta. Déanaim nuashonruithe ar an litreoir ar bhonn rialta, agus leanfaidh mé ar aghaidh leis seo go ceann tamall fada. Bailím ábhar nua don litreoir mar chuid den tionscadal Crúbadán; úsáidim ransaitheoir Gréasáin agus modhanna staitisticiúla chun focail nua a aimsiú. Is bealach éifeachtach é seo le coinneáil cothrom le dáta leis na téarmaí is déanaí ar líne.
- Tacaíocht foghraíochta (aspell amháin). Déanann an comhad gaeilge_phonet.dat ionchódú “garbh” ar fhoghraíocht na Gaeilge. Úsáideann aspell an t-ionchódú seo chun moltaí níos cliste a thabhairt nuair a thagann sé ar fhocal mílitrithe. Mar shampla, ní thugann ispell aon mholadh don fhocal réamhchaighdeánach imfhiosach, ach úsáideann aspell an comhad foghraíochta chun an focal seo a thrascríobh mar “*M*S*K”, agus sa chaoi sin an litriú ceart iomasach a aithint agus a mholadh duit.