Seo é leathanach baile GaelSpell, litreoir cumhachtach don Ghaeilge atá ar fáil saor in aisce ó 2000. Aithníonn sé níos mó ná 390,000 focal Gaeilge faoi láthair, agus cuirimid focail nua leis ar bhonn leanúnach. Má fheiceann tú aon fhocal atá in easnamh, fearaimid fáilte roimh mholtaí ón bpobal.

Is féidir GaelSpell a úsáid ar gach cineál ríomhaire (Linux, Mac, nó Windows), nó fiú i do bhrabhsálaí Gréasáin trí chomhéadan deas a rinne Michal Boleslav Měchura, bunaithe ar sheirbhís Ghréasáin GaelSpell. Féach ar an leathanach Íoslódáil chun tuilleadh eolais a fháil agus an leagan is feiliúnaí a íoslódáil.

Is ríomhchlár “foinse oscailte” é GaelSpell, ar fáil faoin cheadúnas GPLv2. Tá an cód agus na sonraí go léir a bhaineann leis an litreoir ar fáil ónár suíomh forbartha ar Github.

Ar ndóigh, toisc gur litreoir é, seiceálann sé an litriú seachas an ghramadach agus ní bhacann sé leis an gcomhthéacs in aon chor; m.sh. glacann sé le “mo máthair” agus “mo cuid Gaeilge”. Má tá tú ag iarraidh botúin den sórt seo a ruaigeadh, caith súil ar an seiceálaí gramadaí An Gramadóir.

Gnéithe