Cuisle: “Iris Don Aois Nua”

Foilsíodh an iris Cuisle thar thréimhse 18 mí idir 1998 agus 2000 nuair nach raibh mé ach ag tosú amach leis an nGaeilge. Bhí dúil mhór agam ag an am in aon sórt ábhair léitheoireachta, agus ghlac mé síntiús léi láithreach nuair a chuala mé faoi iris snasta nua i nGaeilge. Bhain mé taitneamh ar leith as Cuisle toisc gur oscail sí fuinneog nua dom ar shaol comhaimseartha na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Tá mé buíoch de Foilseacháin an Phobail Teo. agus d'Uinsionn Mac Dubhghaill, iar-eagarthóir na hirise, as cead a thabhairt dom na seaneagráin chlóite a bhí agam san íoslach a scanadh agus a chur suas ar an Idirlíon. Rinne mo bhean chéile an scanadh, agus chruthaigh mise na leaganacha inchuardaithe atá anseo le bogearra OCR. Faraor níl cáilíocht na bpictiúr thar mholadh beirte, ach bhí mé ag iarraidh srian a chur le méid na PDFanna (5-7MB i ngach eagrán mar sin féin). Bainigí sult as!

Kevin Scannell
Saint Louis
28 Nollaig 2015


Eagrán 1, Deireadh Fómhair 1998

Eagrán 2, Samhain 1998

Eagrán 3, Nollaig 1998

Eagrán 4, Eanáir 1999

Eagrán 5, Feabhra 1999

Eagrán 6, Márta 1999

Eagrán 7, Aibreán 1999

Eagrán 8, Bealtaine 1999

Eagrán 9, Meitheamh 1999

Eagrán 10, Iúil/Lúnasa 1999

Eagrán 11, Meán Fómhair 1999

Eagrán 12, Deireadh Fómhair 1999

Eagrán 13, Samhain 1999

Eagrán 14, Nollaig 1999

Eagrán 15, Eanáir 2000

Eagrán 16, Feabhra 2000

Eagrán 17, Márta 2000