An Naeú hAirle. Cleas.
Osgal dírlíneach do dhítheasga, i. é chur 'na dhá chô-osgal
dhírlíneacha.
Osgal dírlíneach BAC. Dítheasgtar é.
I nAB glac aon eó, i. D. De'n líne AC teasg AE, i.
côfhaid AD. [Cuir DE.] Cuir trianosgal côthaobhach ar
DE, i. DFE. Cuir AF.
Dítheasgan an líne AF an t-osgal BAC.
Froma. Tá dhá thrianosgal aguinn anois, i. DAF ⁊
EAF, ⁊ is cómha gach taobh i nDAF ⁊ taobh fé leith i
nEAF, i. is cómha AD ⁊ AE, DF ⁊ EF, ⁊ is céanna acu AF.
Dá bhrí sin is cómha na hosgail atá ar aghaig na gcô-dtaobh
acu, i. is cómha DAF ar aghaig DF ⁊ EAF ar aghaig
EF, i. tá an t-osgal BAC curtha 'na dhá chô-osgal dhírlíneach,
i. BAF agus CAF. — An rud a bhí le déanamh.