An Seachtú hAirle Déag. Ceist.
I dtrianosgal is lú aon dá osgal i n-aonacht ná dhá
dhíorosgal.
Lean go D BC, i. taobh den trianosgal ABC.
A los na hairle thuas, is lú an t-osgal ag A ná an t-osgal
amuich, i. ACD.
Má curtar an céanna ar nea-chómhaibh, i. ar bheag ⁊
ar mhór, is nea-chómha fós iad, ar an ndul gcéanna, i.
beag ⁊ mór. Cuir an t-osgal ACB ar na nea-chómhaibh,
i. ar A ⁊ ar ACD. Is nea-chómha is dè, i. A go nACB an
beag, ⁊ ACD go nACB an mór.
Ach is cómha dhá dhíorosgal ⁊ ACD go nACB, i. an
mór.
Uime sin is mó dhá dhíorosgal ná an beag, i. ná A go
nACB.
Ar a shamhail sin de chuma fromtar gur mó dhá dhíorosgal
ná aon dá osgal eile sa trianosgal.
Dá bhrí sin, I dtrianosgal, etc.