Líne, i. faid gan lethad.
Críoch líne eó, ⁊côghearra línte eó.
Líne díreach i. líne gan casa ann.
Uachtar (a surface), i. ní agá bhfuil faid agus lethad,
gan rimhre.
Críoch uachtair líne, ⁊côghearra dhá uachtar líne.
Clár (a plane), i. uachtar ina luíon díreach idir
aon dá eó ann.
Ní fhéadfadh dhá líne dhíreach luí ar a chéile, i gcuid díobh,
gan luí ar a chéile ar fad, ná slídochôdhúna. Ní lú ná fhéadfadh
dhá chlár.
Taibhse (a solid), i. ní agá bhfuil faid⁊lethad⁊rimhre, i n-aonacht.
Teóranataibhseuachtair.
Osgal (an angle), i. gabhal, i. cómhrac (meeting) dhá
líne.
Osgaldírlíneach (rectilinear angle), i. osgal is de
chómhracdha líne dhírig.
Díorosgal (right angle), i. nuair chómhracaid dhá líne
dhíreacha ⁊do-níd dhá chô-osgali n-aice a chéile, is
díorosgail an dá chô-osgalsan, ⁊ is côdhíreacha dá chéile
an dó líne sin.
Mórosgal (obtuse angle), i. osgal is leithe ná díorosgal.
Caolosgal (acute angle), i. osgal is caoile ná díorosgal.
Línte díreacha côfhana (parallel straight lines),
i. línte díreacha i n-aonchlár⁊ fan a chéile, i dtreó, pé
faiddo leantar iad, ar aghaignú siar, nách féidir dóibh
dúna ar a chéile.
Dealbh (figure), i. ní atá côdhúntafétheórainnnúfétheóranaibh.
Clárdhealbhdírlíneach, (a plane rectilinear figure),
i. dealbh ar chlár, côdhúntafélíntibh díreacha:
Trílíneach, nútrianosgal, i. fé thrí líntibhdíreacha;
Ceatharlíneach, núceathrosgal, i. fé cheithre líntibhdíreacha;
Illíneach, núiolosgal, i. félíntibh díreacha iomdha;
Côlíneach (equilateral), i. félíntibhcómha. Trianosgalcôlíneach = an equilateral triangle.
Trianosgalcôthaobhachnúcôchosach (an isosceles
triangle), i. gur cómha dhá thaobh aige.
Trianosgalfiar (a scalene triangle), i. náchcómha
aon dá thaobh aige.
Trianosgaldíorosgail (a right-angled triangle), i.
go bhfuil osgal leis dír.
Trianosgalmórosgail (an obtuse-angled triangle),
i. go bhfuil osgal leis mór.
Trianosgalcaolosgail (an acute-angled triangle),
i. gur caol iad na trí hosgail aige.
Côfhanach (a parallelogram), i. ceatharlíneach gur
côfhana gach dá thaobh dè ar aghaig a chéile.
Fiarbheannach, a trapezium.
Côfhanachdíorosgail, a rectangular parallelogram.
Cearnach (a square), i. côfhanachcôbheannachdíorosgail.
Côbheannach fiar, núfiar-cheathardha, a rhombus.
Côfhanach fada fiar, a rhomboid.
Áin (a circle), i. clárdhealbhfé aon líne, i. a cuairdroth,
⁊ gur côfhaid do gach líne díreach ó'ngcuairdroth
go hinnena háine, i. go heó láirna háine.
Ga (a radius), i. líne díreach ó inne go cuairdroth.
Tuam (an arc), i. cuid den gcuairdroth.
Srang (a chord), i. líne díreach ó chrích go crích féthuaim. Agus bíon dhá thuaim ar gach srang, i. an dá
chuid ina dteasgan sé an áin.
Fíorthrasna, diameter. Fiarthrasna, diagonal.
Teasgán, segment.
Leatháin, semicircle.
côlíona, a supplement. airle, a proposition. cleas, a problem. ceist, a theorem. cead, a postulate. fíor, núfír, an axiom. froma, a demonstration. cuiníoll, a hypothesis.