An Tríú hAirle Déag. Ceist.
An dá osgal a dhinean líne díreach i n-aice 'chéile ag
cómhrac dó ar meán líne dhírig eile, is dá dhíorosgal iad, nú
is cómha a méid ⁊ méid dhá dhíorosgal.
ADC ⁊ BDC an dá osgal a dhinean CD i n-aice 'chéile,
ag cómhrac dò ar AB. Is dá dhíorosgal iad, nú is cómha
a méid i n-aonacht ⁊ méid dá dhíorosgal i n-aonacht.
Froma. Más cómha ADC ⁊ BDC is dá dhíorosgal iad
cheana, à los an naeú sain-rá, ⁊ tá DC côdhíreach ar AB.
Mara bhfuil, cuir DE (sa dara deilbh) côdhíreach ar AB,
à los an aonú hairle déag.
Ansan, is cómha an t-osgal EDB ⁊ a choda uile, i. EDC
⁊ CDB.
Ar na cómhaibh sin cuir an céanna, i. EDA. Má curtar
cómha ar chómhaibh, is cómha is dè; dá bhrí sin is cómha
EDB go nEDA ⁊ EDC go CDB go nEDA.
Airís, is cómha ADC ⁊ a choda uile, i. ADE ⁊ EDC.
Ar na cómhaibh sin cuir an céanna, i. CDB. Dè sin,
mar atá thuas, is cómha ADC go CDB ⁊ ADE go nEDC
go CDB.
Chítear anois gur céanna ADE go nEDC go CDB, gur cómha
an céanna san ⁊ an dá dhíorosgal, i. ADE ⁊ EDB,
⁊ gur cómha é féin ⁊ an dá osgal eile, i. ADC ⁊ CDB. Dá
bhrí sin is cómha an dá dhíorosgal ⁊ an dá osgal eile.
Ar an gcuma gcéanna is féidir a nochta gur cómha an
dá dhíorosgal ⁊ aon dá osgal d'fhéadfadh CD do dhéanamh
le hAB, i n-aice 'chéile.
Dá bhrí sin is fíor an airle thuas.