An tOchtú hAirle Déag. Ceist.
I dtrianosgal, más nea-chómha taoibh, is nea-chómha
ar an réir gcéanna, na hosgail ortha.
Sa trianosgal ABC is nea-chómha na taoibh AB ⁊ AC,
i. is lú AB. Is éigean dè gur lú an t-osgal ar AB, i. an
t-osgal ACB, ná an t-osgal ABC ar AC.
D' AC teasg AD, i. cómh AB. Cuir BD.
Froma. Ansan, à los an chúigiú hairle, óir is côchosach
ABD, is cómha an dá osgal agá bhun, i. ABD ⁊
ADB.
Ach, óir is leanta CD, i. taobh den trianosgal DBC, is
lú ACB ná ADB.
Dè sin is lú é ná ABD.
Dè sin is lú go mór é ná ABC. — Mar bhí le nochta.