An Cúigiú hAirle. Ceist.
Is cómha na hosgail ag bun trianosgail chôchosaig; ⁊ má
leantar na cosa cómha, is cómha na hosgail amuich.
Trianosgal côchosach ABC. AB ⁊ AC na cosa cómha
aige. Fromtar gur cómha an dá osgal ABC ⁊ ACB; ⁊ má
leantar AB go D ⁊ AC go hE, gur cómha an dá osgal CBD
⁊ BCE.
I mBD glac aon eó F. Ón líne CE teasg CG, i. cothrom
BF.
Ansan, tá dhá thrianosgal againn, i. ACF ⁊ ABG, inar
cómha fé leith AF ⁊ AG, AB ⁊ AC, ⁊ inar côchéanna an
t-osgal BAC, i. is cómha fé leith AB ⁊ AG go n-a n-osgal,
⁊ AC ⁊ AF go n-a n-osgal.
Dá bhrí sin is cómha BG ⁊ CF; is cómha an t-osgal ABG
⁊ an t-osgal ACF; agus is cómha an t-osgal AGB ⁊ an
t-osgal AFC.
Airís, is cómha AF ⁊ AG, agus is cómha AB ⁊ AC. Ach
má buintear cómha ó chómhaibh is cómha is dè.
Dá bhrí sin is cómha BF ⁊ CG.
Agus is cómha FC ⁊ GB, i. sa dá thrianosgal, BFC ⁊
BCG, is cómha fé leith BF, FC, go n-a n-osgal, ⁊ CG, GB,
go n-a n-osgal.
Dá bhrí sin is cómha an dá thrianosgal, is cómha na
hosgail eile acu ar aghaig na gcô-dtaobh, i. is cómha FBC
⁊ GCB, ⁊ is cómha GBC ⁊ FCB. Agus isiad FBC ⁊ GCB
na hosgail amuich.
Má buintear na cómha FCB ⁊ GBC ó na cómhaibh FCA
⁊ GBA, beid dè na cómha ACB ⁊ ABC. Sin iad na hosgail
ag an mbun.
Dá bhrí sin is cómha na hosgail ag bun trianosgail chôchosaig,
⁊ má leantar na cosa cómha is cómha na hosgail
amuich. An ní ba mheasg.