An Deichiú hAirle. Cleas.
Sain-líne díreach do dhítheasga, i. do chur 'na dhá
chómh.
Sain-líne díreach isea AB. Tá orainn é chur 'na dhá
chómh.
A los an chéad airle cuir trianosgal côlíneach air, i. ABC.
A los an naeú airle dítheasg an t-osgal dírlíneach ACB
leis an líne dírig CD. Dítheasgan an eó D an líne AB.
Froma. Is cómha AC ⁊ CB, óir is côlíneach ABC. Is
céanna acu CD. Is cómha an t-osgal ACD ⁊ an t-osgal
DCB.
Dè sin, is cómha fé leith AC, CD, go n-a n-osgal, ⁊ BC,
CD, go n-a n-osgal.
As san, à los an cheathrú airle, is cómha na treas taoibh,
i. AD ⁊ DB.
Dá bhrí sin is dítheasgtha i [n]D an sain-líne díreach, i.
AB, i. is déanta an cleas.