An Fichiú hAirle. Ceist.
I dtrianosgal is mó aon dá thaobh i n-aonacht ná an treas
taobh.
Glac trianosgal, i. ABC. Glac dhá thaobh leis, i. AB ⁊
AC. Fromfar gur mó i n-aonacht [iad] ná BC.
Lean BA go D, gur cómha é féin ⁊ AC. [Cuir DC.]
Froma. Cuir an céanna AB ar an dá chómh, i. ar AD ⁊
ar AC.
Má curtar an céanna ar chómhaibh, is cómha is dè.
BD ⁊ BA go nAC na cómha is dè anso.
Óir is cómha na cosa AC ⁊ AD, is cómha, à los an
cúigiú airle, na hosgail ACD ⁊ ADC.
Ach is mó BCD ná ACD; dè sin is mó é ná ADC; i. sa
trianosgal BCD is mó an t-osgal BCD ná an t-osgal BDC.
Dá bhrí sin, à los na hairle thuas, is mó an taobh BD,
fén osgal BCD, ná an taobh BC, fén osgal BDC.
Ach is cómha BD ⁊ BA go nAC.
Dè sin is mó BA go nAC ná BC. — Mar bhí le froma.