An tAonú hAirle Déag. Cleas.
A sain-eó i líne dhíreach cheaptha líne do chur côdhíreach,
nú fé dhíorosgalaibh.
AB an líne ceaptha. Glac aon dá eó ann, C ⁊ D, côfhaid
ón sain-eó, i, E, à los an tríú hairle.
Cuir, à los an chéad airle, trianosgal côlíneach ar CD,
i. CFD. Cuir FE.
Is côdhíreach ar AB FE, as an eó E, i. as an sain-eó.
Froma. Is cómha CF ⁊ FD ó ghléas. Is céanna FE ag
an dá thrianosgal CFE ⁊ DFE. Is cómha CE ⁊ ED ó
ghléas.
Dè sin, sa dá thrianosgal CFE ⁊ DFE is cómha fé leith
CE, EF, FC, ⁊ DE, EF, FD.
Dá bhrí sin, à los an ochtú hairle, is cómha an dá osgal
CEF ⁊ DEF.
Dá bhrí sin is díorosgal gach osgal díobh.
Dá bhrí sin tá EF côdhíreach ar AB, agus is ag E atá
san.
Dá bhrí sin is déanta an cleas, i. líne as an sain-eó E,
côdhíreach ar AB.
Is ní de bhárr na hairle sin gur sain treó ag líne díreach.
Mara sain, gabhadh an líne AB dhá threó, i. treó C ⁊
treó D.
Cuir, à los na hairle thuas, côdhíreach ar AC à B, i. BE.
Ansan, tá BE côdhíreach ar AC. Dè sin, is cómha ABE
⁊ EBC.
Tá BE côdhíreach ar AD, mar tá sé côdhíreach ar AB ⁊ níl
i nAD ach AB do leanúint. Dè sin is cómha ABE ⁊ EBD.
Ach is cómha iad cómha an chéanna. Dá bhrí sin is cómha
EBC ⁊ EBD.
Ach is follas gur cuid den osgal EBD an t-osgal EBC,
i. is cómha an uile ⁊ an chuid, — ní nách fíor.
D'fhás an ní sin as a rá go bhféadfadh AB gabháil dhá
threó. Dá bhrí sin ní fhéadfadh.
Dá bhrí sin is sain treó ag gach líne díreach. Agus is
réig an cheist.