An Ceathrú hAirle. Ceist.
Má tá dhá thrianosgal ⁊ gur cómha fé leith acu dhá thaobh
⁊ a n-osgal-san sa chéad cheann ⁊ dhá thaobh ⁊ a n-osgal-san
sa dara ceann, is cómha na treas taoibh, ⁊ is cómha na
hosgail ar aghaig na gcô-dtaobh.
Sa dá thrianosgal ABC ⁊ DEF, bíodh gur cómha an dá
thaobh AB ⁊ DE, ⁊ gur cómha an dá thaobh AC ⁊ DF,
⁊ gur cómha an dá osgal BAC ⁊ EDF. Ansan is cómha
an treas taobh BC ⁊ an treas taobh EF; is cómha an
t-osgal ABC ar aghaig AC ⁊ an t-osgal DEF ar aghaig
DF; is cómha an t-osgal ACB ar aghaig AB ⁊ an t-osgal
DFE ar aghaig DE; is cómha an trianosgal ABC ⁊ an
trianosgal DEF.
Froma. Má curtar an trianosgal ABC ar an dtrianosgal
DEF, i dtreó go mbeig an eó A ar an eó D ⁊ an líne
AB ar an líne DE,
beig an eó B ar an eó E, mar is cómha AB ⁊ DE
(Coiníoll).
An fhaid bheig AB ar DE, luífig AC ar DF, ⁊ ní féidir a
mhalairt, mar is cómha na hosgail BAC ⁊ EDF.
Ansan beig an eó C ar an eó F, mar is cómha AC ⁊ DF.
Ansan luífig an líne BC ar an líne EF, nú dúnfig dhá líne
dhíreach slí, ní nách féidir.
Ansan luífig clár an trianosgail ABC ar chlár an trianosgail
DEF, nú dúnfid dhá chlár slí, ní nách féidir.
Dá bhrí sin cô-oirid an trianosgal ABC ⁊ an trianosgal
DEF.
Dá bhrí sin is cómha iad. An ní ba cheist. (Ní ceist níos
mó é).