An tOchtú hAirle. Ceist.
Má tá dhá thrianosgal ann, ⁊ gur cómha gach taobh i
gceann acu ⁊ taobh fé leith sa cheann eile, is cómha na
hosgail atá ar aghaig na gcô-dtaobh acu.
Is dá thrianosgal ABC ⁊ DEF. Is cómha acu AB ⁊ DE,
AC ⁊ DF, BC ⁊ EF. Is dual dè gur cómha an t-osgal BAC
⁊ an t-osgal EDF, etc., ar aghaig na gcô-dtaobh.
Óir, má curtar an trianosgal ABC ar an dtrianosgal
DEF, ag cur na heó B ar an eó E, ⁊ ag cur an líne BC ar
an líne EF, luífig an eó C ar an eó F, mar is cómha BC ⁊
EF. Ansan luífig an trianosgal ABC cruinn ar an dtrianosgal
DEF, nú beig ar aon taobh den aon líne dhá thrianosgal
gur cómha acu an dá thaobh a chómhracas i gcrích den
líne úd ⁊ mar an gcéanna an dá thaobh a chómhracas sa
chrích eile. Ach ní féidir sin.
Dá bhrí sin luífid ar a chéile cruinn, i. cô-oirfid.
Ach is cómha nithe do chô-oirean. Dá bhrí sin is cómha
an dá thrianosgal, ⁊ is cómha na hosgail ar aghaig na
gcô-dtaobh, i. BAC ⁊ EDF, etc.
Dá bhrí sin, Má tá, etc.