An Naeú hAirle Déag. Ceist.
I dtrianosgal, más nea-chómha osgail, is nea-chómha, ar
an réir gcéanna, na taoibh fútha.
Sa trianosgal ABC is lú an t-osgal ag C ná an t-osgal
ag B. Is éigean dè gur lú an taobh AB ná an taobh AC.
Froma (ar gcúlaibh). Mara lú é, is cómha iad, nú is
mó é.
Ní cómha iad, óir ba chómha dè sin an t-osgal ag B
⁊ an t-osgal ag C, ⁊ ní cómha.
Ní mó é, óir ba mhó dè sin, à los na hairle thuas, an
t-osgal ag C ná an t-osgal ag B, ⁊ ní mó (mar faomhadh).
Dá bhrí sin is éigean gur lú an t-osgal ag C, ar AB, ná an
t-osgal ag B, ar AC. — Mar bhí le nochta.