An Tarna hAirle Déag. Cleas.
Ar líne cheaptha nách sain críoch líne do chur côdhíreach à
heó sain lasmuich dhe.
AB an líne ceaptha, ⁊ ní sain crích dò ag A ná ag B. C an
sain-eó. Iarrtar líne do chur côdhíreach à C ar AB.
Glac rogha eó, D, lastall d'AB, i. lastall ó C.
Ansan, um C mar inne le CD mar gha cuir an áin FDG.
A los an deichiú airle, dítheasg FG ag H. Cuir CH. Tá
CH côdhíreach ar AB.
Froma. Is cómha CF ⁊ CG, óir gatha na haon áine iad.
Is cómha FH ⁊ HG de ghléas. Is céanna CH ag an dá
thrianosgal, i. CHF ⁊ CHG.
Dè sin is cómha fé leith CH, HF, FC, ⁊ CH, HG, GC.
Dè sin, à los na hochtú hairle, is cómha an dá osgal
CHF ⁊ CHG.
A los an naeú sain-rá is díorosgal gach osgal acu, i.
is côdhíreach CH ar AB, i. tá CH curtha à C côdhíreach,
— an ní a bhí le déanamh.