An Ceathrú hAirle Déag. Ceist.
Ag eó i líne díreach má chómhracaid dhá líne dhíreach eile,
ón dá thaobh, ⁊ gur cómha dhá dhíorosgal ⁊ an dá osgal atá
ar dhá thaobh an líne sin, is sain treó don dá líne úd, i. is
aon líne díreach iad.
Ag an eó B sa líne dhíreach AB cómhracaid ón dá
thaobh an dá líne, i. CB ⁊ BD, ⁊ is cómha dhá dhíorosgal
agus an dá osgal ABC ⁊ ABD. Iomora is sain treó don
dá líne, i. CB ⁊ BD, i. is aon líne iad.
Froma ar gcúlaibh. Marab é BD treó CB gabhadh sé
treó eile, i. go hE.
Ansan, à los na hairle do fromadh anois, is cómha dhá
dhíorosgal ⁊ an dá osgal CBA go nABE.
Is faomhtha gur cómha dhá dhíorosgal ⁊ an dá osgal
CBA go nABD.
Dè sin is cómha CBA go nABE ⁊ CBA go nABD.
Leog ar lár an céanna, i. CBA, ⁊ is cómha ABE ⁊ ABD,
i. an chuid ⁊ an uile, — ní is baoith.
D. bh. s. isé BD treó CB, ⁊ is aon líne iad, — i. an ní ba
cheist.