An Chéad Airle. Cleas.
Trianosgal côlíneach do chur ar líne dhíreach cheaptha.
Ceaptar an líne díreach AB. Iarrthar trianosgal
côlíneach do chur air.
Um an inne A le hAB mar gha teórantar an áin BCD
(Faomh a 3).
Um an inne B le BA mar gha teórantar an áin ACE
(F. a 3).
Ceangail le líne díreach A ⁊ côghearra na gcuairdroth,
i. C. Ceangail B ⁊ C mar an gcéanna (F. a haon).
Froma. A inne na háine BCD, dá bhrí sin is cómha
AB ⁊ AC.
B inne na háine ACE, d. bh. s. is cómha BA ⁊ BC.
Isé AB an céanna. Is cómha é féin ⁊ AC, ⁊ é féin ⁊ BC,
d. bh. s. is cómha AC ⁊ BC, ⁊ is côlíneach ABC, ⁊ tá sé
déanta ar AB, i. an ní ba chleas (Q. E. F.).