An Séú hAirle. Ceist.
I dtrianosgal, más cómha dhá osgal, is cómha an dá
thaobh fútha.
ABC an trianosgal. Is cómha ann na hosgail ABC
⁊ ACB. Is dual gur cómha an dá thaobh, i. AB ⁊ AC.
Froma. Mara cómha iad, tá beag ⁊ mór ortha. Bíodh
AB 'na mhór, ⁊ teasg dè BD côfhaid AC. Cuir DC.
Ansan, tá dhá thrianosgal aguinn, i. DBC ⁊ ACB. Is cómha
acu DB ⁊ AC. Is céanna acu BC. Is cómha acu an
dá osgal DBC ⁊ ACB, is cómha fé leith acu DB go [m]BC
go n-a n-osgal ⁊ AC go CB go n-a n-osgal.
Dá bhrí sin is cómha an dá thrianosgal san, i. is cómha
an uile ⁊ a[n] chuid, i. ní nách féidir.
D. bh. s. ní fíor nach cómha AB ⁊ AC.
D. bh. s. is fíor gur cómha iad, i. an ní ba cheist.