An ceaṫraṁad halt deug.
Ag so síos fo leiṫ go cinnte do’n ḟíor-ḃun ór’ ḟásadar aicme Ġaeḋil, agus d’á n-imṫeaċtaib go teaċt do Ṁacaiḃ Míleaḋ i n-Éirinn.
Adeirid cuid do na húġdaraiḃ Laidne, gurab mac do Argus nó do Cecrops do ġaḃ flaiṫeas ‘Argivorum’ Gaeḋeal; giḋeaḋ, ní féidir sin do ḃeiṫ fírinneaċ, do ḃríġ go n-abair S. Augustin gur b’é am do ṫionnsgain flaiṫeas na droinge sin an tan rugaḋ Iacob, i gcionn dá ḃliaḋan deug agus fiċe ar ċeiṫre ċéad d’éis dílinne; agus fós, do réir an úġdair ċeudna, naċ raiḃe flaiṫeas a ṡleaċta sin ar bun aċt cúig bliaḋna deug ar ḋá ċéad, agus, d’á réir sin, gurab i gcionn seaċt mbliaḋan ar trí fiċid ar sé céad d’éis dílinne do críoċnuiġeaḋ flaiṫeas na haicme sin. Aċt ċeana, ní féidir sin do ḃeiṫ fírinneaċ agus a ráḋ gurab ó Argus nó Cecrops do ṫiocfaḋ Gaeḋeal, óir adeir Hector Boetius i stáir na hAlban, agus fós Leaḃair Gaḃála Éireann uile gurab re linn Ṁaoise do ḃeiṫ ’san Éigipt i gceannas Clainne Israel do ḃí Gaeḋeal ’san Éigipt. Adeirid, iomorro, na Leaḃair Gaḃála gurab fo’n am soin rug Scota, inġean Ṗarao Cincris Gaeḋeal do Niul mac Féiniusa Farsaiḋ mic Baaṫ mic Magóg; agus is é am fa’r ṫionnsgain Maoise ceannas feaḋna do ḋéanaṁ ar Ċlannaiḃ Israel ’san Éigipt, i gcionn seaċt mbliaḋan ndeug agus ceiṫre fiċid ar ṡeaċt gcéad, ionnus do réir an áiriṁ aimsire sin go raiḃe tuairim trí ċéad bliaḋan agus cúig bliaḋna agus dá ḟiċid re a gcois, ó aimsir Argus nó Cecrops go rugaḋ Gaeḋeal, agus, d’á réir sin, níor ḃ’ḟéidir a ḃeiṫ ’na ṁac ag Argus nó ag Cecrops dó.
Cibé adéaraḋ gurab ó’n nGréig do ġluais Gaeḋeal do’n Éigipt, agus gurab uime adeirṫear gurab ó’n Scitia do ċuaiḋ do’n Éigipt, do ḃríġ gurab ó ṫalaṁ Cetim (mar ṡaoileas úġdar d’áiriṫe) do ṫriall, agus, d’á réir sin, go n-abair gurab ionann Scitia agus iaṫ na sceaċ: ‘iaṫ,’ iomorro, an tan tuigṫear ar son an ḟocail seo ‘fearonn’ é, bíḋ ‘ṫ’ nó ‘ḋ’ ’na ḋeireaḋ, mar atáid iaṫ nó iaḋ, giḋeaḋ, an tan scríoḃṫar an focal so, Scitia, ní ḃí ‘c’ i n-a lár mar baḋ cóir ’na ṡaṁail do ċoṁḟocal, agus fós, ní ḃí ‘ṫ’ nó ‘ḋ’ i n-a ḋeireaḋ: agus, d’á réir sin, ní ḟuil aċt baraṁail gan barántas a ṁeas gurab ionann Scitia, do réir sanasáin Gaeḋilge, agus talaṁ na sceaċ.
Is lag, mar an gceudna, an suiḋiuġaḋ ar Ġaeḋeal do ṫeaċt ó’n nGréig do réir a ḃunaḋasa, a ráḋ go mbíoḋ ċosṁaileas ag slioċt Ġaeḋil, i mbeusaiḃ, i nósaiḃ, agus i gcluiṫiḋiḃ re Greugaiḃ, agus, uime sin, go n-aibeorṫaoi gurab ó Ġreugaiḃ tángadar. Óir gaċ gaḃáltas táinig i n-Éirinn d’éis dílinne, aċt Fine Gaeḋeal agus Clanna Neiṁeaḋ aṁáin, is ó’n nGréig tángadar, [mar atá Parṫolón ó Ṁigdonia, Fir Bolg ó’n Tracia agus Tuaṫa Dé Danann ó’n Aċaia; mar a ḃfuil Beotia agus Caṫair na hAiṫne,] do réir mar d’ḟoillsiġeamar ṫuas i n-a ngaḃáltas fo seaċ ainm gaċ áite as ar’ ṫriallsad i nGréig.
Ar an aḋḃar soin, gion go raḃadar na nóis nó na beusa úd na nGreugaċ ag Fine Gaeḋeal ré dteaċt i n-Éirinn dóiḃ, dob’ ḟéidir leó a ḃfóġluim ó iarṁar Ḟear mBolg agus Tuaṫa Dé Danann, do ḃí rómpa i n-Éirinn; agus a ḃfágḃáil ar aiṫiḋe ag a slioċt d’á n-éis, gion go raḃadar féin ’san nGréig riaṁ, ná Gaeḋeal, ná neaċ eile d’á dtáinig rómpa.