V.
Adeir Stanihurst gurab í an Ṁíḋe fá cuid ronna do Ṡláinġe mac Deala mic Lóiċ; giḋeaḋ ní fíor dó sin. Óir do réir an Leaḃair Gaḃála, ní raiḃe do Ṁíḋe ann i n-aimsir Ṡláinġe aċt an aon-tuaiṫ fearainn atá láiṁ re hUisneaċ, go haimsir Ṫuaṫail ṫeaċtṁair: agus mar adeir gurab ó Ṡláinġe adeirṫear baile Ṡláine, agus, d’á réir sin, gurab í an Ṁíḋe an ṁír ronna ráinig ó n-a ḃráiṫriḃ é, níor ċóra a ṁeas gurab í ráinig mar roinn dó, ioná a ṁeas gurab í Cúigeaḋ Laiġean ráinig mar roinn ċuige, agus gurab uaiḋ ainmniġṫear Innḃear Sláinġe, ṡniġeas tré lár Laiġean go Loċ-garman; agus fós gurab uaiḋ ainmniġṫear Dúṁa Ṡláinġe ré’ ráiḋtear Dionn-ríoġ ar ḃruaċ Bearḃa, idir Ċeaṫarlaċ agus Léiṫġlinn, do’n leiṫ ṫiar do’n Ḃearḃa, agus gurab é fá longṗort coṁnuiġṫe ḋó, agus gurab ann fuair bás.
Ní hiongnaḋ gan fios an neiṫ seo do ḃeiṫ ag Stanihurst, agus naċ faca seanċus Éireann riaṁ, as a mbiaḋ fios a dál aige; agus measaim naċ mór an lorg do ḃí aige orra, mar go ḃfuil sé coṁ ainḃfiosaċ sin i ndálaiḃ Éireann go n-abair gurab i san Múṁain atá Ros-mic-Triuin, agus gurab cúigeaḋ nó ‘Proiḃinnse’ an Ṁíḋe i n-aġaiḋ Ċambrens féin, naċ áirṁeann an Ṁíḋe mar ċúigeaḋ, agus i n-aġaiḋ Leaḃair Gaḃála Éireann. Mar roinneas Stanihurst Éire, go ndéin leaṫ d’Ḟine Gall ar leiṫ, agus an leaṫ eile d’Éirinn ó sin amaċ idir Gall agus Gaeḋeal; agus fós mar adeir naċar ḃ’fiu leis an gcoilíneaċ is lúġa i ḃFine Gall cleaṁnas do ḋéanaṁ leis an nGaeḋeal buḋ uaisle i nÉirinn, mar adeir ’na ċroinic: — “An tí is ísle do na coilíniḃ d’á n-áitiġeann i san gcúigeaḋ Gallda, ní ṫiuḃraḋ a inġean féin pósda do’n ‘ṗrionnsa’ is mó d’Éireannċaiḃ.” Fiafraiġim do Stanihurst cia buḋ honóraiġe, buḋ huaisle, nó buḋ dísle do ċoróin na Sacsan, nó cia buḋ feárr do ḃarántaiḃ re cosnaṁ na hÉireann do ċoróin na Sacsan, coilíniġe Ḟine Gall ’náid na hiarlaiḋe uaisle atá i n-Éirinn do Ġallaiḃ, mar atá iarla Ċille-dara, do rinne cleaṁnas le Mac Cárrṫaiġ riaḃaċ, le hUa Néill, agus le droing eile d’uaisliḃ Gaeḋeal; iarla Ur-Ṁúṁan le hUa Briain, le Mac Giolla-Ṗádraig, [agus le hUa Cearḃaill]; iarla Deas-Ṁúṁan le Mac Cárrṫaiġ Mór; agus Iarla Ċlainne Riocaird le hUa Ruairc. Ní áirṁim ‘uícoint’ ’náid barúin do ḃí coṁ uasal re haon-ċoilíneaċ d’á raiḃe i ḃFine Gall riaṁ, ag ar’ pósaḋ a n-inġeana go minic le huaisliḃ Gaeḋeal. Is follus fós gur mionca do ċuir coróin na Sacsan cúram cosnaiṁ agus coiméid na hÉireann ar ioċt na n-iarlaḋ do rinne cleaṁnas le Gaeḋealaiḃ ioná ar ioċt a raḃadar do ċoilíneaċaiḃ i ḃFine Gall riaṁ. Mar sin ní ṁeasaim créad as naċ doġéanadaois cleaṁnas le huaisliḃ Éireann aċt munab do ḋíṁeas ar a ḃfoluiġeaċt féin, ná’r ṁeasadar gur ḃ’ḟiu iad coṁ-uaisle Gaeḋeal do ḃeiṫ i n-a gcleaṁnas.
Measaim ar olcas an teastais doḃeir Stanihurst ar Éireannċaiḃ, gurab ionċuir ó ṫeist é, do ḃríġ gurab d’aon-toisg ar ḟuráileaṁ droinge do ḃí fuaṫṁar d’Éireannċaiḃ do scríoḃ go maslaiġṫeaċ orra; agus saoilim gurab é fuaṫ na n-Éireannaċ ceud-ḃallán do ṫarraing iar ndul i Sacsaiḃ ar dtús do ḋéanaṁ léiġinn dó, agus go raiḃe ’na ṫoirrċeas bronn aige nó gur sgeiṫ le n-a scríḃinn é, ar dtoiḋeaċt i n-Éirinn dó. Ní beag liom do ċoṁarṫa fuaṫa do ḃeiṫ aige ar Éireannċaiḃ, mar doġeiḃ loċt ar ċoilíneaċaiḃ Ḟine Gall tré n’ár ḋíbirsiod an Ġaeḋealg as an tír an tan do ruaigsiod an ḟoireann do ḃí ag áitiuġaḋ na tíre rómpa. Adeir fós dá ḟeaḃas do ṫeangaiḋ an Ġaeḋealg, an tí do ḃlaisfeaḋ í, go mblaisfeaḋ maraon ria doiḃeusa na droinge d’ar ṫeanga í. Créad is iontuigṫe as so, aċt go raiḃe an oiread soin d’ḟuaṫ ag Stanihurst d’Éireannċaiḃ gurḃ’ olc leis gurab gaḃáltas Críostaṁail do rinneadar Gaill ar Éirinn agus ar Ġaeḋealaiḃ, agus naċ gaḃáltas pagánta. An tí, iomorro, doġní gaḃáltas Críostaṁail, is lór leis uṁlaċt agus dísle d’ḟaġḃáil ó’n ḃfoirinn claoiḋtear leis, agus foireann nuaḋ eile do ċur uaiḋ féin d’áitiuġaḋ na tíre ar a dtéid a neart mar aon re luċt na críċe sin. An tí fós doġní gaḃáltas pagánta, is eaḋ is nós dó, léirscrios do ṫaḃairt ar an ḃfoirinn claoiḋtear leis, agus foireann uaiḋ féin do ċur d’áitiuġaḋ na críċe ġaḃas le neart. An tí trá doġní gaḃáltas Críostaṁail, ní ṁúċann an teanga ḃíos roiṁe i san gcríċ ċuireas fa n-a smaċt: agus is mar sin do rinne Uilliam ‘Concor’ ar na Sacsaiḃ. Níor ṁúċ teanga na Sacsanaċ, do ḃríġ gur ḟágaiḃ foireann na teangaḋ do ċoiméad i san gcríċ, ionnus go dtáinig de sin an teanga do ḃeiṫ ar bun ag Sacsanċaiḃ ó sin i leiṫ. Giḋeaḋ, is gaḃáltas pagánta do rinne Hengist taoiseaċ na Sacsanaċ ar na Breaṫnaċaiḃ, mar gur scrios sé a hurlár na Breatan iad, agus gur ċuir foireann uaiḋ féin i n-a n-áitiḃ; agus iar ndíbirt ċáiċ go hiomlán dó, do ḋíbir a dteanga leo. Agus an nós ceudna fá mian le Stanihurst do ḋéanaṁ ar Éireannċaiḃ; óir ní féidir an teanga do ḋíbirt, gan an luċt d’ár teanga í do ḋíbirt: agus do ḃríġ go raiḃe mian na teangaḋ do ḋíbirt air, do ḃí, mar an gceudna, mian díbearṫa na foirne d’ár ṫeanga í air, agus, d’á réir sin, do ḃí fuaṫṁar d’Éireannċaiḃ; agus mar sin, níor ḃ’ionġaḃṫa a ṫeist ar Éireannċaiḃ.
Doġeiḃ, mar an gceudna, Stanihurst loċt ar ḃreiṫeaṁnaiḃ tuaiṫe na hÉireann agus ar a leaġaiḃ: giḋeaḋ is iongnaḋ liom mar fuair ann féin loċt d’ḟaġḃáil ionnta, agus naċar ṫuig ceaċtar díoḃ ná an teanga a raiḃe ealaḋa gaċ aicme ḋíoḃ, ar mbeiṫ ḋó féin aineolaċ ainḃfiosaċ i san nGaeḋeilg fá teanga dóiḃ-sean, agus i n-a raiḃe an breiṫeaṁnas tuaiṫe agus an leiġeas scríoḃṫa. Óir ní raiḃe ar cumas dó-san an breiṫeaṁnas tuaiṫe nó an leiġeas do léiġeaḋ i san teangaiḋ i n-a raḃadar, agus dá léiġṫí dó iad, ní raiḃe tuigse aige orra. Measaim, d’á réir sin, gurab ionann dáil dó ag díommolaḋ an dá ealaḋan do luaiḋeamar, agus dáil an daill do ḋíommolfaḋ daṫ eudaiġ seaċ a ċéile: óir mar naċ féadann an dall breaṫnuġaḋ do ḋéanaṁ idir an dá ḋaṫ, do ḃríġ naċ faiceann ceaċtar díoḃ, mar an gceudna, níor ḃ’ḟéidir leisean, breiṫeaṁnas do ḋéanaṁ idir an dá ealaḋain reaṁráiḋte, do ḃríġ ná’r ṫuig riaṁ na leaḃair i n-a raḃadar scríoḃṫa, agus fós ná’r ṫuig na hollaṁain d’ár ḃ’ealaḋain iad, do ḃríġ gurḃ’ í an Ġaeḋealg aṁáin fá teanga ḋíleas dóiḃ, agus go raiḃe seisean tríd agus tríd aineolaċ innte.
Doġeiḃ fós loċt i n-aos seanma na gcláirseaċ i n-Éirinn, agus adeir naċ raiḃe ceol ionnta. Is cosṁail naċar ḃreiṫeaṁ éisean ar ċeol ’san mbioṫ, agus go háiriṫe ar an gceol nGaeḋealaċ, ar mbeiṫ aineolaċ i sna riaġlaċaiḃ ḃeanas ris dó. Saoilim naċar ṫuig Stanihurst gurab aṁlaiḋ do ḃí Éire ’na ríoġaċt ar leiṫ léi féin, aṁail doṁan mbeag, agus na huaisle agus na hollaṁain do ḃí innte i n-allód, gur ċumadar breiṫeaṁnas, leiġeas, filiḋeaċt agus ceol agus riaġlaċaiḃ cinnte riu do ḃeiṫ ar bun i n-Éirinn: agus mar sin níor ċneasda ḋó-san breiṫeaṁnas mearḋána do ḋéanaṁ [nó do ḃreiṫ] ar ċeol na hÉireann d’á loċtuġaḋ. Is iongnaḋ liom naċar léiġ Cambrens i san naoṁaḋ caibidil deug, mar a molann ceol na n-Éireannaċ, aċt munab eaḋ do ċuir roiṁe céim do ḃreiṫ tar Ċambrens ag cáineaḋ na n-Éireannaċ: óir ní ḟuil níḋ ’san mbioṫ is mó i n-a molann Cambrens Éireannaiġ ioná i san gceol nGaeḋealaċ. Ag so mar adeir i san gcaibidil ċeudna: — “I n-aḋḃaḋaiḃ ceoil aṁáin doġeiḃim díċeall an ċiniḋ seo soṁolta, mar a ḃfuil tar an uile ċineaḋ d’á ḃfacamar cliste go doiṁeasta.” Ag so mar adeir fós do réir na caibidile ceudna an tuarasgḃáil doḃeir ar an gceol nGaeḋealaċ, ag a ṁolaḋ: — “Doġniḋṫear a n-oirfide (ar sé) iomlán oireaṁnaċ le luas taiġiuir, le coṁṫrom eugcosṁail, agus le coiṁṫeaċt ainḟreagarṫaċ ré ċéile.” As so is iontuigṫe, do ṫeist Ċambrens, gurab breugaċ do Stanihurst a ráḋ naċ bí ceol i san oirfide Éireannaiġ. Ní fíor dó, mar an gceudna, an níḋ adeir gurab dall do ḃídís urṁór aosa seanma na hÉireann; óir is follus an tan ro scríoḃ seisean a stáir, gurab lia neaċ súileaċ do ḃí re seinm i n-Éirinn ioná duine dall, agus mar sin ó sin i leiṫ, agus anois, bíoḋ a ḟiaḋnaise sin ar ár luċt coṁaimsire.
Tuig, a léaġṫóir, go raḃadar trí heasbaḋa ar Stanihurst re scríoḃaḋ stáire na hÉireann as ná’r ċóir cion stáraiḋe do ṫaḃairt air. Ar dtús, do ḃí sé ró-óg, ionnus naċ raiḃe uain aige ar ċuartuġaḋ do ḋéanaṁ ar ṡeanċus na críċe seo ar ar’ ġaḃ do láiṁ scríoḃaḋ. An dara heasbaiḋ, do ḃí sé dall aineolaċ i dteangaiḋ na tíre i n-a raiḃe seanċus agus seandála na críċe, agus gaċ foirne d’ár áitiġ innte; agus mar sin, níor ḃ’ḟéidir dó a ḃfios do ḃeiṫ aige. An treas easbaiḋ, do ḃí sé uaillṁianaċ, agus d’á réir sin, do ḃí súil aige le meuduġaḋ d’ḟaġḃáil ó’n droing lér’ gríosaḋ é le scríoḃaḋ go holc ar Éirinn: agus fós, re linn ḃeiṫ ’na ṡagart ’na ḋiaiḋ sin dó, do ġeall gairm tar ais do ḋéanaṁ ar ṁórán do na neiṫiḃ maslaiġṫeaċa do scríoḃ ar Éirinn, agus doċluinim go ḃfuil sé i gclóḋ anois re n-a ṫaisbéanaḋ i n-Éirinn.
Adeir Stanihurst an tan ḃíd Éireannaiġ ag coṁrac, nó ag bualaḋ a ċéile, go n-abraid mar ċoṁairc do ġuṫ árd, ‘Ṗaro, Ṗaro,’ agus saoiliḋ seisean gurab ó’n ḃfocal so ‘Ṗarao,’ fá hainm do ríġ Éigipte ċleaċtaid mar ċoṁairc é: giḋeaḋ ní fíor dó sin, óir is ionann é agus ‘faire, faire ó,’ nó ‘ó faire,’ ag a ráḋ ris an rann eile ḃeiṫ ar a gcoiméad, aṁail adeir an Francaċ ‘garda, garda,’ an tan doċí a ċoṁarsa i nguais.