VI.
Cuiriḋ ‘Doctor Hanmer’ i n-a ċroinic, gurab é Bartolinus buḋ taoiseaċ ar Ġaeḋealaiḃ ag teaċt i n-Éirinn dóiḃ, agus is do Ṗarṫolón ġaireas Bartolinus ann so. Giḋeaḋ, do réir seanċuis na hÉireann, do ḃádar tuilleaḋ agus seaċt gcéad bliaḋan idir ṫeaċt Ṗarṫolóin agus teaċt Ċlainne Ṁíliḋ go hÉirinn. Óir i gcionn trí ċéad bliaḋan iar ndílinn táinig Parṫolón, agus i gcionn míle ar ċeiṫre fiċid bliaḋan i ndiaiḋ díleann, tángadar mic Ṁíliḋ go hÉirinn. Agus do ḃreatnuġaḋ Ċamden is córa creideaṁain do ṡeanċus Éireann i san níḋ seo ioná do ḃriaṫraiḃ Hanmer. Ag so mar adeir: – “Tugṫar a urraim féin do’n tseanċus i sna neiṫiḃ seo” (ar sé); agus má is iontugṫa do ṡeanċus i san mbioṫ ar son ḃeiṫ arsaiḋ, is díol urrama da ríriḃ seanċus Éireann, do réir an Ċamden ċeudna, i san leaḃar d’á ngairṫear ‘Britannia Camdeni,’ mar a n-abair, ag laḃairt ar Éirinn: – “Ní héigcneasda a duḃraḋ le Plutarċus Ogigia, eaḋon ro-arsaiḋ, ris an oiléan so.” Cuiriḋ Camden ‘réasún’ ris so, agus ag so mar adeir: – “A cuiṁne ró-ḋuiḃeacánta seanċusa ṫairrngid a stáire féin (ag laḃairt ar Éireannċaiḃ), ionnus naċ fuil i n-uile ṡeanċus na n-uile ċineaḋ eile aċt nuaiḋeaċt, nó (beagnaċ) naoiḋeantaċt,” láiṁ re seanċus na hÉireann: agus uime sin, gur córa creideaṁain dó ioná do ḋoctúir Hanmer, naċ faca seanċus Éireann riaṁ.
Adeir an t-úġdar ceudna gurab é rí Loċlonn, d’ár ḃ’ainm Froto fá rí Éireann an tan rugaḋ Críost; giḋeaḋ, ní fíor dó sin, óir do réir an tseanċusa, is re linn Ċrioṁṫainn Niaḋ Náir do ḃeiṫ i ḃflaiṫeas Éireann rugaḋ Críost; agus d’á réir sin ní hé Froto rí Loċlonn fá rí Éireann an tan soin. Is iongnaḋ liom Hanmer, do ḃí ’na Ṡacsanaċ naċ faca agus naċar ṫuig seanċus Éireann riaṁ, cionnus do ḃiaḋ a ḟios aige cia an rí do ḃí ar Éirinn re linn Ċríost do ḃreiṫ, agus gan a ḟios aige go cinnte cia an rí do ḃí ar an mBreatain ṁóir féin. Óir atá Samuel Daniel, Gildas, Rider, agus Nennius, agus mórán d’úġdaraiḃ eile do scríoḃ stáir na Breatan Móire, ag a adṁáil gurab neaṁ-ċruinn an seanċus atá aca féin ar ḋálaiḃ seanda na Breatan, do ḃríġ go rugadar Róṁánaiġ agus Sacsanaiġ a seanċus agus a sein-scríḃne uaṫa; ionnus naċ bí aca aċt amus nó baraṁail do ṫaḃairt do ḋálaiḃ seanda na Breatan rés na Sacsanaiḃ agus rés na Róṁánċaiḃ: agus, uime sin, adeir Camden foġlamṫa féin naċ feas dó créad ó’n aḃarṫar Britannia re Breatain, aċt a ḃaraṁail do ṫaḃairt mar gaċ fear. Adeir fós naċ feas dó ca ham tángadar na Picti d’áitiuġaḋ na taoiḃe tuaiṫe do’n Ḃreatain Ṁóir; agus mar go raḃadar mórán do ḋálaiḃ seanda na Breatan Móire i n-a ḃfoilċeas air, níor ḃ’iongnaḋ a mbeiṫ níḋ buḋ ṁó ’na ḃfoilċeas ar Hanmer, agus foilċeas buḋ ro-ṁó ioná sin do ḃeiṫ air i sean-dálaiḃ Éireann: agus, d’á réir sin, ní baránta inċreidṫe é fa ríġ Loċlann do ḃeiṫ ’na ríġ Éireann re linn beirṫe Ċríost.
Adeir, mar an gceudna, naċ é Pádraic, apstol na hÉireann (lér’ síolaḋ an Creideaṁ Catoileaca ’san gcríċ ar dtús), fuair uaiṁ (purgadóra) Ṗádraic i n-oiléan na purgadóra, aċt Pádraic eile, abb, do ṁair an tan fá haois do’n Tiġearna, oċt gcéad ar ċaogaid bliaḋan. Giḋeaḋ, ní fíor dó so do réir Caesarius naoṁṫa, do ṁair leaṫ istiġ do sé céad bliaḋan do Ċríost, agus, d’á reir sin, do ṁair ḋá ċéad go leiṫ bliaḋan sul do ḃí an dara Pádraic so ann. Ag so mar adeir ’san oċtṁaḋ caibidil deug a’s fiċe do’n dara leaḃar deug ro scríoḃ ré’ ráiḋtear ‘Liber Dialogorum’: – “an tí ċuireas contaḃairt i bPurgadóir, triallaḋ i n-Éirinn, téiḋeaḋ isteaċ i bpurgadóir Ṗádraic, agus ní ḃiaiḋ contaḃairt aige i bpianaiḃ purgadóra ó sin amaċ.” As so is iontuigṫe naċ é an dara Pádraic úd, luaiḋeas Hanmer, fuair purgadóir Ṗádraic ar dtús, aċt an ceud Ṗádraic. Óir cionnus buḋ ḟéidir go mbaḋ é an dara Pádraic doġéaḃaḋ ar dtús í, agus go raiḃe ḋá ċéad go leiṫ bliaḋan ó’n am fa’r scríoḃ Caesarius ar ṗurgadóir Ṗádraic go haimsir an dara Pádraic do ṁarṫain; agus fós atá seanċus agus beuloideas Éireann ag a adṁáil gur ḃ’é Pádraic apstol fuair purgadóir ar dtús i n-Éirinn. Uime sin, is follus gur breug meaḃlaċ do rinne Hanmer ann so, i ndóiġ go mbaḋ luġaide do ḃiaḋ cáḋas ag Éireannċaiḃ ar uaiṁ purgadóra é.
Níḋ eile adeir i san gceaṫraṁaḋ leaṫanaċ fiċead gurab do Loċlonnaiḃ ó’n Dania Fionn mac Ċúṁaill; giḋeaḋ ní fíor dó so, do réir an tseanċusa, aċt is do ṡlioċt Nuaḋat Neaċt rí Laiġean é, táinig ó Eireaṁón mac Míliḋ. Adeir fós i san gcúigeaḋ leaṫanaċ fiċead, gurab mac do ríġ Tuaṫ-Ṁúṁan an tí d’á ngairid na húġdair Giolla Már, rí Éireann; giḋeaḋ is lór linn an breugnuġaḋ tugamar ar an níḋ seo ċeana.
Saoilim gurab tré ḟonóṁad ċuireas Hanmer Caṫ Fionntráġa síos ag foċuidṁeaḋ go fallsa fa na seanċaḋaiḃ, ionnus go gcuirfeaḋ i gcéill do’n léaġṫóir naċ fuil taḃaċt i seanċus Éireann aċt mar ċaṫ Fionntráġa. Giḋeaḋ, is follus naċ fuil agus naċ raiḃe meas stáire fírinniġe ag na seanċaḋaiḃ ar ċaṫ Fionntráġa, aċt gurab dearḃ leo gurab finnsceul filiḋeaċta do cumaḋ mar ċaiṫeaṁ aimsire é. An freagraḋ ceudna doḃeirim ar gaċ sceul eile d’á gcuireann síos ar an ḃFéinn. Ní fíor dó fós mar adeir go raiḃe Sláinġe mac Deala tríoċa bliaḋan i ḃflaiṫeas Éireann, óir, do réir an tseanċusa, ní raiḃe i ḃflaiṫeas aċt aon ḃliaḋain aṁáin.
Is neiṁḟíor dó, mar an gceudna, a ráḋ go raiḃe cor ó aimsir Augustín manaċ ag áirdeaspog Ċaintearbuiriḋ ar ċléir Éireann. Óir is dearḃ naċ raiḃe cor ag áirdeaspog Ċaintearbuiriḋ ar ċléir Éireann go haimsir Uilliaim ‘Concur,’ agus naċ raiḃe cor aca an tráṫ soin féin aċt ar ċléir Áṫa-cliaṫ, Loċa-garman, Ṗoirt-lairge, Ċorcaiġe agus Luimniġ; agus is iad an ċliar soin féin tré ċoṁmbáiḋ fialasa le luċt na Normandie, ar mbeiṫ ḋóiḃ féin d’iarṁar na Loċlonnaċ d’á ngairṫí Normanni, agus fós tré neaṁmbáiḋ re Gaeḋealaiḃ, tugsad iad féin fa smaċt áirdeaspoig Ċaintearbuiriḋ; agus ní ṁeasaim go raiḃe cor aige orra sin féin aċt re linn trí n-áirdeaspog d’á raiḃe i gCaintearbuiriḋ, mar atá Radulf, Lanfranc agus Anselm. Mar sin is breugaċ ḋó a ráḋ go raiḃe cor ag áirdeaspog Ċaintearbuiriḋ ar ċléir Éireann ó aimsir Augustín manaċ.
Is breugaċ adeir, mar an gceudna, go raiḃe Murċaḋ mac Coċlain ’na ríġ ar Éirinn an tan fá haois do’n Tiġearna sé bliaḋna ar ṫrí ḟiċid ar ċéad ar ṁíle, óir is dearḃ gurab é Ruaiḋrí Ua Conċuḃair do ḃí ag gaḃáil ċeannais Éireann re a ais an tan soin, agus gurab ċeiṫre bliaḋna ria ngaḃáltas Gall an uair sin.
Adeir arís gurab i san mBreatain Ṁóir rugaḋ Coṁġall, abb Ḃeannċair i n-Áird Ulaḋ: giḋeaḋ ní fíor dó sin, óir léaġtar i n-a ḃeaṫaiḋ gurab i nDál Aruiḋe i dtuaisceart Ulaḋ rugaḋ é, agus gurab do Ċineaḋ Ḋál n-Aruiḋe ḋó. Is uime do ṁeas Hanmer Breaṫnaċ do ḋéanaṁ do Ċoṁġall, do ḃríġ gurab é Coṁġall do ṫógaiḃ Mainistir Ḃeannċair i n-Áird Ulaḋ, fá máṫair do ṁainistreaċaiḃ Eorpa uile, agus gur ṫógaiḃ mainistir eile i Sacsaiḃ, láiṁ re Uestċester, d’á ngairṫear Bangor: agus dá dteagṁaḋ do Hanmer a ċur i gcéill do’n léaġṫóir gur Ḃreaṫnaċ Coṁġall, go gcuirfeaḋ d’á réir sin i gcéill, gaċ oirḋearcas d’á ḃfuil ar ṁainistir Ḃeannċair Ulaḋ do ḋul i gclú do Ḃreaṫnaċaiḃ a los Ċoṁġaill do ḃeiṫ ḋíoḃ, nó gaċ clú d’ár ṫuill Beannċar Ulaḋ go gcuirfiḋe i leiṫ na mainistreaċ atá i Sacsaiḃ darab ainm Bangor í.
Adeir Hanmer gur ċlann bastáird do ríġ Laiġean Fursa, Faolán, agus Ultán; giḋeaḋ go fírinneaċ is clann d’Aoḋ Beannáin rí Ṁúṁan iad, do réir naoṁ-ṡeanċusa Éireann. Mar so, do ṁórán eile do ḃreugaiḃ Hanmer ag scríoḃaḋ ar Éirinn, agus léigim díom gan leanṁain orra níos faide, do ḃríġ go mbaḋ liosta re a luaḋ uile iad.