An ceud alt.
Ar dtús, cuirfeam síos gaċ ainm d’á raiḃe ar Éirinn riaṁ.
An ceud ainm tugaḋ ar Éirinn, Inis na ḃfioḋḃaḋ, eaḋon, oiléan na gcoillteaḋ; agus is é duine do ġair an t-ainm sin di, óglaoċ do ṁuinntir Nín mic Béil, táinig uaiḋ do ḃraiṫ na hÉireann, agus iar dteaċt innte ḋó, fuair ’na haon doire coille í, aċt Maġ n-Ealta aṁáin. Trí huaire, iomorro, do ḃí Éire ’na haon-ċoill, do réir an tsean-ḟocail seo atá ’san seanċus: – “Trí huaire do ċuir Éire trí monga agus trí maola ḋi.”
An dara hainm, Críoċ na ḃfuineaḋaċ, ó ḃeiṫ i ḃfuineaḋ, nó i gcríċ na dtrí rann do’n doṁan do ḃí ar faġḃáil an tan soin; ionann, iomorro, ‘fuin’ agus críoċ, ó’n ḃfocal so Laidne ‘finis.’
An treas ainm, Inis Ealga, eaḋon, oiléan uasal; óir is ionann inis agus oiléan, agus is ionann ealga agus uasal: agus is re linn Fear mBolg fá gnáṫ an t-ainm sin uirre.
An ceaṫraṁaḋ hainm, Éire, agus adeirṫear gurab uime gairṫear sin di, do réir úġdair d’áiriṫe, ó’n ḃfocal so Aeria, fá sean-ainm do’n oiléan d’á ngairṫear Créta nó Candia anois; agus is uime ṁeasas an t-úġdar soin sin, do ḃríġ gur áitiġeadar slioċt Ġaeḋil ġlais i san oiléan sin seal aimsire i ndiaiḋ Ṡrú mic Easrú mic Ġaeḋil d’ionnarbaḋ as an Éigipt; agus doḃeirṫear fós Aere d’ainm ar an Éigipt ó’r ġluaiseadar Gaeḋil. Giḋeaḋ, is í céadfaiḋ ċoitċeann na seanċaḋ gurab uime gairṫear Éire ḋi, ó ainm na bainríoġna do Ṫuaṫaiḃ Dé Danann, do ḃí ’san gcríċ re linn clainne Ṁíleaḋ do ṫeaċt innte: Éire, inġean Dealḃaoiṫ fá hainm di, agus is í fá bean do Ṁac Gréine d’á ngairṫí Ceaṫúr, fá rí Éireann an tan tángadar mic Ṁíleaḋ innte.
An cúigeaḋ hainm, Fóḋla, ó ḃainríoġain do Ṫuaṫaiḃ Dé Danann, d’á ngairṫí Fóḋla: is í fá bean do Ṁac Céċt d’ár ḃ’ainm díleas Teaṫúr.
An seiseaḋ hainm, Banḃa, ó ḃainríoġain do Ṫuaṫaiḃ Dé Danann, do ḃí ’san gcríċ, d’á ngairṫí Banḃa: is í fá bean do Ṁac Cuill d’ár ḃ’ainm díleas Eaṫúr. Na trí ríoġa so do ḃíoḋ i ḃflaiṫeas Éireann gaċ ré mbliaḋain; agus is é ainm mná gaċ fir díoḃ do ḃíoḋ ar an oiléan an ḃliaḋain do ḃíoḋ féin ’na ríġ. Is uime gairṫear Éire do’n oiléan níḋ-sa-ṁionca ioná Fóḋla nó Banḃa, do ḃríġ gurab é fear na mná d’ár ḃ’ainm Éire, fá rí an ḃliaḋain tángadar mic Ṁíleaḋ innte.
An seaċtṁaḋ hainm, Inis Fáil, agus is iad Tuaṫa Dé Danann tug an t-ainm sin uirre, ó ċloiċ tugsad leó innte, d’á ngairṫí an Lia Fáil: agus ‘Saxum fatale’, eaḋon, Cloċ na Cinneaṁna, gaireas Hector Boetius di, i stáir na hAlban; agus fá cloċ í ar a raḃadar geasa, óir do ġéiseaḋ sí fa an neaċ d’ár ċóra flaiṫeas Éireann d’ḟaġḃáil re linn ḃfear n-Éireann do ḃeiṫ i mórḋáil i dTeaṁraiġ re toġa ríġ orra. Giḋeaḋ, níor ġéis sí ó aimsir Ċonċuḃair i leiṫ, óir do balḃuiġeaḋ bréig-ḋealḃa an doṁain an tan rugaḋ Críost. Ag so rann deismireaċta ag a ṡuiḋiuġaḋ gurab ó’n gcloiċ so gairṫear Inis Fáil d’Éirinn [aṁail aduḃairt Cionaoṫ file]: —
An ċloċ atá fóm’ ḋá ṡáil, uaiṫe ráiḋtear Inis Fáil;
Idir ḋá ṫráiġ ṫuile ṫeinn, Maġ Fáil uile for Éirinn.
An t-oċtṁaḋ hainm, Muicinis; agus is iad Clanna Ṁíleaḋ tug an t-ainm sin uirre, sul rangadar i dtír innte. Mar tángadar, iomorro, go bun Innḃeir Sláinġe, d’á ngairṫear cuan Loċa-garman indiu, tionólaid Tuaṫa Dé Danann go n-a ndraoiṫiḃ ’na gcoinne ann, agus imrid draoiḋeaċt orra, ionnus ná’r léir ḋóiḃ an t-oiléan aċt ar ċosṁaileas muice, gonaḋ uime sin tugadar Muicinis for Éirinn.
An naoṁaḋ hainm, ‘Scotia’; agus is iad mic Míleaḋ tug an t-ainm sin uirre, ó n-a máṫair, d’ár ḃ’ainm Scota, inġean Ṗarao Nectonibus; nó is uime tugadar Scotia uirre, do ḃríġ gurab iad féin Cineaḋ Scuit ó’n Scitia.
An deaċṁaḋ hainm, ‘Hibernia’; agus is iad mic Míleaḋ tug an t-ainm sin uirre. Giḋeaḋ, adeirṫear gurab ó aḃainn atá ’san Spáin d’á ngairṫear ‘Hiberus’ tugṫar ‘Hibernia’ uirre. Adeirṫear fós gurab ó Éiḃear mac Míleaḋ gairṫear ‘Hibernia’ ḋi; aċt ċeana, adeir Cormac naoṁṫa mac Ċuileannáin gurab uime adeirṫear ‘Hibernia’ ria, ó’n gcoṁḟocal Greugaċ so ‘hiberoc,’ .i. ‘occasus’ i Laidin, agus ‘nyaon,’ .i. ‘insula’; ionann sin re a ráḋ agus ‘insula occidentalis,’ eaḋon, oiléan iarṫaraċ.
An t-aonṁaḋ hainm deug, ‘Iernia’ do réir Ptolomeus, nó ‘Iuerna’ do réir Solínus, nó ‘Ierna’ do réir Claudianus, nó ‘Uernia,’ do réir Eustatius. Measaim naċ fuil do ċéill ’san deiṫḃir atá idir na húġdaraiḃ seo do ṫaoiḃ an ḟocail seo ‘Hibernia,’ aċt ná’r ṫuigeadar créad ó dtáinig an focal féin; agus, d’á réir sin, go dtug gaċ aon fa leiṫ ḋíoḃ, amus uaiḋ féin air, ionnus gurab de sin táinig an ṁalairt seo ar an ḃfocal.
An dara hainm deug ‘Irin,’ do réir Diodorus Siculus.
An treas ainm deug ‘Irlanda’; agus measaim gurab é fáṫ fa dtugaḋ an t-ainm sin uirre, do ḃríġ gurab é Ir mac Míleaḋ ceud duine do haḋnaiceaḋ fa úir Éireann do ċlannaiḃ Míleaḋ, agus d’á réir sin do hainmniġeaḋ an t-oiléan uaiḋ: ionann, iomorro, ‘Irlanda’ agus fearann Ir, óir is ionann ‘land’ i mBeurla, agus fonn nó fearann i nGaeḋeilg. Is móide is measta fírinne an neiṫ seo, mar adeir Leaḃar Árda Máċa gurab ainm do’n oiléan so, Ireo, eaḋon, uaiġ Ir, do ḃríġ gurab ann atá feart nó uaiġ Ir.
An ceaṫraṁaḋ hainm deug ‘Ogigia’ do réir Plutarcus: ionann, trá, ‘Ogigia’ i nGréigis agus ‘Insula perantiqua,’ eaḋon, oiléan ró-ársaiḋ; agus is cneasta an t-ainm d’Éirinn sin, do ḃríġ gurab cian ó do háitiġeaḋ ar dtús í, agus gurab foirḃṫe an fír-eolas atá ag a seanċaḋaiḃ ar ḋálaiḃ a sean ó ṫús na n-aimsear, diaiḋ i ndiaiḋ.