An cúigeaḋ alt.
Do ġaḃálaiḃ Éireann ria ndílinn ann so síos.
I. Adeirid drong gurab iad teora hinġeana Ċáin ċolaiġ do áitiġ í ar dtús; gonaḋ d’á ḋearḃaḋ sin do ċuireas rann as an duain darab tosaċ “fuaras i Saltair Ċaisil” ann so síos: —
Trí hinġeana Ċáin ċain,
Maraon re Seṫ mac Áḋaiṁ,
Adċonnairc an mBanḃa ar dtús:
Is meaṁair liom a n-iomṫús.
Adeir leaḃar Droma Sneaċta gur ḃ’ Banḃa ainm na céid inġine ro ġaḃ Éire ria ndílinn, agus gurab uaiṫe gairṫear Banḃa d’Éirinn. Trí ċaoga ban tángadar ann, agus triar fear: Laḋra ainm fir díoḃ, agus is uaiḋ ainmniġṫear Árd Laḋrann. Dá ḟiċid bliaḋan dóiḃ ’san inis, go dtárla galar dóiḃ, gur eugsad uile re haoin-tseaċtṁain. Dá ċéad bliaḋan iar sin Éire fás, folaṁ, gan aoinneaċ beo innte, gonaḋ iar sin táinig an díle.
II. Adeirid drong eile gurab triar iascaireaḋ do seolaḋ le hanfaḋ ngaoiṫe ó’n Easpáin, go haiṁḋeonaċ; agus mar do ṫaiṫin an t-oiléan riu gur ḟillsiod ar ċeann a mban do’n Easpáin; agus iar dteaċt ar a n-ais dóiḃ go hÉirinn arís, do fearaḋ an díle dóiḃ ag Tuaiġ-Innḃir, gur báiṫeaḋ iad: Capa, Laiġne, agus Luasad, a n-anmanna. Is dóiḃ ro canaḋ an rann: —
Capa, Laiġne is Luasad grinn,
Ḃádor bliaḋain ria ndílinn,
For inis Banḃa na mbáġ,
Ḃádor go calma coṁlán.
III. Adeirṫear, trá, gurab í Ceasair inġean Ḃeaṫa mic Noe, táinig innte ria ndílinn, gonaḋ dó do rónaḋ an rann: —
Ceasair inġean Ḃeaṫa ḃuain,
Dalta Saḃaill mic Nionuaill,
An ċéid ḃean ċalma ro ċinn
D’inis Banḃa ré ndílinn.
Maḋ áil, iomorro, a ḟios d’ḟaġḃáil creud tug go hÉirinn í: Bioṫ do ċuir teaċta go Noe, d’ḟios an ḃfuiġḃeaḋ féin agus a inġean Ceasair ionad i san áirc d’á gcaoṁnaḋ ar dílinn; ráiḋis Noe naċ fuiġḃidís. Foċtais Fionntain an gceudna, agus ro ráiḋ Noe naċ fuiġḃeaḋ. Téid Bioṫ, Fionntain, Laḋra agus an inġean Ceasair i gcóṁairle iaraṁ. “Déantar mo ċóṁairle-se liḃ,” ar Ceasair. “Do-ġéantar,” ar siad. “Maiseaḋ,” ar síse, “taḃraiḋ láiṁḋia ċugaiḃ, agus aḋraiḋ ḋó, agus tréigiḋ Dia Noe.” Iar sin tugsad láiṁḋia leo, agus adúḃairt [an láiṁḋia] riu loingeas do ḋéanaṁ, agus triall ar muir: giḋeaḋ níor ḃ’ḟeas dó cá tráṫ do ṫiocfaḋ an díle. Do rinneaḋ long leo, as a haiṫle, agus téiḋid ar muir. Is é líon do ċuadar innte triar fear, eaḋon, Bioṫ, Fionntain, agus Laḋra: — Ceasair, Barrann, agus Balḃa, agus caoga inġean i maille riu. Seaċt mbliaḋna agus ráiṫe ḋóiḃ ar muir, gur ġaḃsad cuan i nDún na mbárc i gcríċ Ċorca Ḋuiḃne, an cúigeaḋ lá deug d’eusga, aṁail adeir an seanċaiḋe: —
Is ann do ġaḃadar port
Ag Dún na mbárc, an bantraċt,
I gCúil Ċeasraċ i gCríċ Ċairn,
An cúigeaḋ deug Dia Saṫairn.
Agus dá ḟiċid lá ria ndílinn sin aṁail adeirṫear: —
Dá ḟiċit lá ria ndílinn,
Táinig Ceasair i n-Éirinn,
Fionntain, Bioṫ, is Laḋra luinn,
Is caoga inġean áluinn.
[Tig file eile leis an niḋ gceudna mar a n-abair ’san rann so: —
Do luiḋ a n-oir Ceasair,
Inġean Ḃeaṫa an ḃean,
Go n-a caogaid inġean,
Agus go n-a triar fear.]
Luċt [aon] loinge do ḃádar ar an eaċtra soin go Dún na mbárc. Táinig Ceasair, ⁊ líon na loinge sin i dtír ann sin [mar atá caoga ban ⁊ triar fear, .i. Bioṫ ⁊ Fionntain ⁊ Laḋra, aṁail a duḃramar]. Fá hé an Laḋra soin ro ráiḋsiom ceud ṁarḃ Éireann do réir na droinge adeir ná’r ġaḃsad luċt ar biṫ Éire ria ndílinn aċt Ceasair agus a drong táinig lé; agus is uaiḋ ainmniġṫear Árd Laḋrann. Ó Bioṫ ainmniġṫear Sliaḃ Beaṫa, ó Ḟionntain ainmniġṫear Feart Fionntain ós Tultuinne i nDúṫaiġ Araḋ, láiṁ re Loċ Deirgḋeirc; ó Ċeasair ainmniġṫear Carn Ceasraċ i gConnaċtaiḃ. Triallaid as sin go Bun Suaiṁne, eaḋon, Cumar-na-dtrí-n-uisge, áit a ḃfuil suaineaṁ Siuire agus Feoraċ agus Bearḃa. Rannaid ann sin a gcaoga inġean i dtrí rannaiḃ eatorra. Rug Fionntain Ceasair leis, agus seaċt mná deug i maille ria: rug Bioṫ Barran leis, agus seaċt mná deug eile ’na farraḋ: agus rug Laḋra Balḃa, go sé mnáiḃ deug mar an gceudna leis, go ráinig Árd Laḋrann, go ḃfuair bás ann. Fillis Balḃa agus a sé mná deug go Ceasair arís. Cuiris Ceasair sceula go Bioṫ. Tig Bioṫ d’ḟios Ḟionntain, gur roinnsiod na sé mná deug soin leaṫaċ eatorra. Rug Bioṫ a ċuid féin díoḃ leis go Sliaḃ Beaṫa i dtuaisceart Éireann, agus níor ċian as a haiṫle gur eugastair ann. Dála na mban so Beaṫa, tigid d’ḟios Ḟionntain iar sin, giḋeaḋ, teiṫis Fionntain rómpa i Laiġniḃ, tar Bun Suaiṁne, tar Sliaḃ gCua, i gCeann Feaḃrad Sléiḃe Caoin, agus láiṁ ċlé re Sionainn soir go Tultuinne, ós Loċ Deirgḋeirc. Téid Ceasair go n-a bantraċt go Cúil Ceasraċ i gConnaċtaiḃ, gur ḃris a croiḋe tre ḃeiṫ i n-iongnais a fir, agus tré eug a haṫar agus a bráṫar; agus ní raiḃe uaiṫe go dílinn ann sin aċt sé láiṫe. Gonaḋ d’á ḋeiṁniuġaḋ sin do ráiḋeaḋ an rann so: —
Is iad sin — iar n-uair ḃfeaċta —
A n-oiġeaḋa, a n-imṫeaċta;
Ní raiḃe aċt seaċtṁain namá,
Uaṫa gus an gceaṫraċa.
IV. Bíoḋ a ḟios agat, a léaġṫóir, naċ mor stáir ḟírinniġ ċuirim an gaḃáil seo síos, ná aon ġaḃáil d’ár luaiḋeamar go ró so; aċt do ḃríġ go ḃfuaras scríoḃṫa i sein-leaḃraiḃ iad. Agus fós ní ṫuigim cionnus fuaradar na seanċaḋa sceula na ndrong adeirid do ṫeaċt i n-Éirinn ria ndílinn, aċt munab iad na deaṁain aerḋa do ḃíoḋ ’na leannánaiḃ síḋe aca re linn a mbeiṫ págánta tug dóiḃ iad: nó munab i leacaiḃ cloċ fuairsiod scríoḃṫa iad iar dtráġaḋ na dílinne, dámaḋ fíor an sceul; óir ní ionráiḋ gurab é an Fionntain úd do ḃaoi rés an dílinn do ṁairfeaḋ d’á héis, do ḃríġ go ḃfuil an Scrioptúir ’na aġaiḋ, mar a n-abair naċ deaċaiḋ do’n droing daonna gan báṫaḋ, aċt oċtar na háirce aṁáin, agus is follus ná’r ḋíoḃ sin éisean. Is neiṁḟíor an suiḋiuġaḋ atá ag droing do seanċaḋaiḃ ar Ḟionntain do ṁarṫain re linn dílinne, mar a n-abraid gur ṁairsiod ceaṫrar i gceiṫre háirdiḃ an doṁain re linn na dílinne, mar atá Fionntain, Fearón, Fors, agus Andóid. Giḋeaḋ, a léaġṫóir, ná meas gurab í so ceudfaiḋ na muinntire is úġdarḋa ’san seanċus. Uime sin, cuiriḋ úġdar d’áiriṫe an niḋ so roṁainn i laoiḋ, d’á ḟoillsiuġaḋ naċ tig sé le fírinne an ċreidiṁ a ráḋ go mairfeaḋ Fionntain nó ceaċtar do’n triar eile iar ndortaḋ dílinne, agus roimpe. Ag so an laoiḋ: —
Anmann ceaṫrair ceart ro ċinn,
Do ḟágaiḃ Dia fo ḋílinn
Fionntain, Fearón, Fors caoṁ cóir,
Agus Andóid mac Eaṫóir.
Fors i n-oirṫear ṫoir do ḋliġ;
Fearón re huarḋa an éidiḋ;
Fionntain re fuineaḋ go beaċt,
Agus Andóid re deisceart.
Gé áirṁid seanċaḋa sin,
Ni áirṁeann Canóin cuḃuiḋ,
Aċt Noe do ḃí i n-áirc ’s a ċlann,
’S a mná fuair caoṁna a n-anman.
Is tuigṫe as sin naċ ceudfaiḋ ċoitċeann do na seanċaḋaiḃ uile aon díoḃ so do ṁarṫain d’éis dílinne: giḋeaḋ, dá n-abraḋ aon tseanċaiḋe, mar ċaoṁna ar ċlaonaḋ an ċreidiṁ, gur báiṫeaḋ Fionntain fear mar ċáċ fó’n dílinn, agus gur haiṫḃeoḋuiġeaḋ é le Dia, d’á éis sin, do ċaoṁna agus do ċoiméad imṫeaċta na sean, go n-a sceulaiḃ, go haimsir Ṗádraic, agus iar sin go haimsir Ḟinnéin Maiġe Bile; ní ṫuigim cionnus buḋ féidir a ċoiṁ-iongantaċ so do níḋ do ceilt ar feaḋ na hEorpa, agus a ṁionca, re linn Ḟinnéin, agus ó sin i leiṫ, do ċuadar dronga dearsgnuiġṫe do ḋiaḋairiḃ agus d’ḟeallsaṁnaiḃ, agus mórán do ḋaoiniḃ eolċa eagnuiḋe eile a hÉirinn fo ċríoċaiḃ oirrḋearca Eorpa do ṁúnaḋ cléire agus coiṁtonól, agus do ṫeagasg scol gcoitċeann: agus a ráḋ naċ biaḋ ar a lorg deisciobal éigin le’ ḃfúigfiḋe laoiḋ nó litir i n-a mbiaḋ luaḋ nó iomraḋ ar Ḟionntain, agus a ṁionca do scríoḃadar neiṫe eile atá re n-a ḃfaicsin indiu; agus fós naċ faicim iomraḋ air i bpríṁleaḃraiḃ barántaṁla; agus saolim, d’á réir sin, naċ fuil aċt finnsceul filiḋeaċta i san stáir d’ḟaisnéiḋfeaḋ Fionntain do ṁarṫainn ria ndílinn, agus ’na diaiḋ. Giḋeaḋ, ní abraim naċ raiḃe duine críonna cianaosda ann ria dteaċt Ṗádraic go hÉirinn, agus gur ṁair sé iomad do ċéadaiḃ bliaḋan, agus gaċ níḋ buḋ cuiṁneaċ leis gur ḟaisnéiḋ do Ṗádraic é; agus fós gaċ beuloideas d’á ḃfuair ó n-a ṡinnsearaiḃ ar na haimsearaiḃ do ċuaiḋ roiṁe: agus measaim go raiḃe a ṡaṁail sin do ṡeanóir ann d’á ngairṫí Tuan mac Cairill do réir droinge re seanċus, agus do réir droinge eile Roanus, eaḋon Caoilte mac Rónáin, do ṁair tuilleaḋ agus trí ċéad bliaḋan, agus do noċt mórán seanċusa do Ṗádraic, aṁail is follus i n-Agallaiṁ na Seanóraċ; agus is ar Ċaoilte is cóir Roanus, nó Ronánus do ṫaḃairt. Óir ní léaġtar i leaḃar ar bioṫ do ṡeanċus Éireann, go ngairṫí Roanus nó Ronánus d’Ḟionntain; aċt giḋ air do ḃeir Cambrens, mar gaċ bréig eile d’á ċlaoinṡeanċus, é: agus aṁail do ċuir-sean ‘Roanus’ síos i n-a ċroinic i n-áit ‘Ronánus,’ scríoḃaiḋ gaċ aon do na Nua-Ġallaiḃ scríoḃas ar Éirinn ‘Roanus’ ar lorg Ċambrens mar ainm ar Ḟionntain, do bríġ gurab é, Cambrens, is tarḃ tána ḋóiḃ le scríoḃaḋ saoiḃ-ṡeanċusa ar Éirinn, ar an aḋḃar naċ fuil a ṁalairt do ṫreoraiḋe aca. Is córaide a ṁeas gurab ar Ċaoilte doḃeirṫear Ronánus, mar ċuirid sean-úġdair síos idir oibreaċaiḃ Ṗádraic gur scríoḃ sé ‘Historia Hiberniae ex Roano seu Ronáno’: is é, iomorro, sloinneaḋ an úġdair is gnáṫ do ċur ós cionn gaċ oibre d’á scríoḃann neaċ, mar is follus do gaċ léaġṫóir ċleaċtas úġdair do léaġaḋ.
Agus ní fíor do Hanmer i n-a ċroinic mar adeir gurab mór an meas atá ag Gaeḋealaiḃ ar sceulaiḃ Ḟionntain, d’á ngaireann seiseann ‘Roanus,’ mar adeirid gur folċaḋ fa ḋílinn é, agus gur ṁair ’na diaiḋ tuilleaḋ agus dá ṁíle bliaḋan go rug ar Ṗádraic, agus gur ġaḃ baisdeaḋ uaiḋ, agus gur noċt iomad seanċusa ḋó, agus go ḃfuair bás i gcionn bliaḋna iar dteaċt Ṗádraic i n-Éirinn, agus gur haḋnaiceaḋ láiṁ re Loċ Ríḃ i n-Ur-Ṁúṁain é, mar a ḃfuil teampoll ar n-a ainmniuġaḋ, nó ar n-a ḃeannuġaḋ i n-a ainm, agus go ḃfuil fós ar n-a ainmniuġaḋ i measg naoṁ Éireann. Giḋeaḋ, is follus naċ duḃairt seanċaiḋe riaṁ, agus fós naċar ḟágaiḃ scríoḃṫa an níḋ seo adeir Doċtúir Hanmer. Óir atáid triar re a luaḋ ann so i rioċt aon duine, mar atá Fionntain, d’á ngaireann Cambrens Roanus, .i. Caoilte mac Rónáin do baisdeaḋ lé Ṗádraic agus tug iomad seanċusa ḋó; agus Ruaḋan, d’ár beannuiġeaḋ Loṫra i n-Ur-Ṁúṁain, láiṁ re Loċ Deirgḋeirc, agus ní láiṁ re Loċ Ríḃ atá mar adeir Hanmer; agus Tuan mac Cairill. Ní leanfam níḋ-sa-ṁó do ḃreugaiḃ Hanmer, nó an ḃaránta atá aige: agus fós measaim gurab i rioċt an ḟocail seo Ronánus do scríoḃ Cambrens ‘Roanus’ ar dtús, agus gur ḟágaiḃ gan leasuġaḋ ag a lorgairiḋiḃ ó sin i leiṫ é.