Foras Feasa ar Éirinn
Ag so do ṡeanċus Éireann, agus do gaċ ainm d’á dtugaḋ uirre, agus do gaċ roinn d’á ndéarnaḋ uirre, agus do gaċ gaḃáil d’á ndéarnaḋ uirre, agus do gaċ ndroing d’ár ġaḃ í, agus do gaċ gníoṁ tasgaṁail d’á ndéarnaḋ innte re linn gaċ áirdríġ d’á raiḃe ós a cionn, ó ṫús riaṁ gus an aimsir seo, an ṁéid fuaras re a ḃfaisnéis díoḃ.