An seiseaḋ alt.
I. Do’n ċeud ġaḃáil do rinneaḋ ar Éirinn ann so.
Do réir droinge do na seanċaḋaiḃ táinig óglaoċ do ṁuinntir Nin mic Béil (d’ár ḃ’ainm Aḋna mac Beaṫa) d’ḟios na hÉireann i dtimċioll seaċt ḃfiċid bliaḋan d’éis dílinne, giḋeaḋ ní fada an cóṁnuiḋe do rinne innte. Luiḋ ar gcúl d’ḟaisnéis an oiléin ad-ċonnairc d’á ċoiḃneasaiḃ, agus páirt nó méid éigin d’ḟeur na hÉireann leis, aṁail léaġtar i san duain darab tosaċ, ‘Fuaras i Saltair Ċaisil,’ ⁊ c. [ag so mar adeir an duain]: —
Aḋna mac Beaṫa go gcéill,
Laoċ do ṁuinntir Nin mic Béil,
Táinig i n-Éirinn d’á fiss,
Gur ḃean fér i ḃFiḋ-inis:
Rug leis lán a ḋuirn d’á fér,
Téid for gcúl d’innisin sgél,
Is í sin gaḃáil ġlan ġrinn,
Is girre seal fuair Éirinn.
Giḋeaḋ, ní ṁeasaim go ndleaġair gaḃáil do ṫaḃairt ar eaċtra an ḟir seo, do ḃríġ naċ déarna sé cóṁnuiḋe innte: agus uime sin gurab í gaḃáil Ṗarṫolóin ceud ġaḃáil is córa d’aireaṁ uirre d’éis dílinne.
II. Do’n ċéid ṗríoṁ-ġaḃáil do rinneaḋ ar Éirinn d’éis dílinne, .i. gaḃáil Ṗarṫolóin ann so.
Do ḃí Éire, iomorro, fás trí ċéad bliaḋan d’éis dílinne, go dtáinig Parṫolón mac Sera mic Srú mic Easrú mic Fraimint mic Fáṫaċta mic Magóg mic Iafeṫ, d’á gaḃáil; do réir mar doġeiḃṫear i san duain darab tosaċ, ‘Áḋaṁ aṫair sruiṫ ár slóġ,’ ⁊ c. [aṁail asbeart an file]: —
Trí ċéad bliaḋan iar ndílinn,
Is sgél fíre mar ríṁim,
Ba fás Éire uile óġ,
Nó go dtáinig Parṫolón.
Measaim, d’á réir sin, gurab dá ḃliaḋain ar ḟiċid sul rugaḋ Abraham táinig Parṫolón i n-Éirinn, agus gurab eaḋ fá haois do’n doṁan d’á réir sin mu’n am so, míle, naoi gcéad, agus trí fiċid agus oċt mbliaḋna deug; aṁail adeir an rann so: —
A hoċt seaċtṁoġad céim glan,
Míle agus naoi gcéad bliaḋan,
Ó ré Áḋaiṁ ċuanna, ċain,
Go gein Abráim ár n-Aṫair.
Giḋeaḋ, ní fírinneaċ ceudfaiḋ na muinntire adeir gurab i gcionn dá ḃliaḋan ar ṁíle d’éis dílinne táinig Parṫolón i n-Éirinn, agus iad ag a adṁáil gurab i n-aimsir Abraham táinig innte, agus gurab é Abraham an t-oċtṁaḋ glún aṁáin ó Ṡem mac Noe; agus Sem féin d’áireaṁ. Óir ní cosṁail go gcaiṫfíḋe tuilleaḋ agus míle bliaḋan re linn seaċt nglún d’éis na dílinne: uime sin measaim gurab fírinniġe an ċeudfaiḋ ṫosaiġ ioná an ċeudfaiḋ ḋéiḋeanaċ, agus, d’á réir sin, is inṁeasta gurab i gcionn trí ċéad bliaḋan [d’éis na dílinne] táinig Parṫolón i n-Éirinn.
As an nGréig ṁeaḋonaiġ, .i. Migdonia, ro ġluais Parṫolón. Is é raon i n-ar’ ġaḃ, tré ṁuir dToirrian, do Ṡisilia, agus láiṁ ḋeas ris an Easpáin go ráinig Éire. Dá ṁí go leiṫ ḃí ar fairrge, gur ġaḃ cuan i n-Innḃear Sgéine i n-iarṫar Ṁúṁan, an ceaṫraṁaḋ lá deug i mís Mai. Is dó do ráiḋeaḋ an rann so; [aṁail adeir an file]: —
An ceaṫraṁaḋ dég for Ṁáirt,
Do ċuireadar a saor-ḃáirc
Isin ṗurt iaṫ-ġlan ngorm nglé,
I n-Innḃear sgiaṫ-Ġlan Sgéine.
Ag so an ḃuiḋean táinig le Parṫolón go hÉirinn, agus le n-a ṁnaoi, Dealgnaid a hainm: a dtriar mac, .i. Ruġruiḋe, Slánġa agus Laiġlinne, go n-a mnáiḃ, agus míle do ṡluaġ i maille riu, do réir Nennius, aṁail leaġtar i Saltair Ċaisil.
Is é ionad i n-ar’ áitiġ Parṫolón ar dtús i n-Éirinn, i n-Inis Saiṁér láiṁ re hÉirne. Is aire ro hainmniġeaḋ Inis Saiṁér di; measċú nó coiléan con ḃaoi ag Parṫolón d’ár ḃ’ainm Saiṁér; agus ro marḃasdair í tré eud re n-a ṁnaoi, do rinne míġníoṁ re n-a giolla féin Tóḋga; agus an tráṫ do ċoiriġ Parṫolón í, ní taiṫleaċas do rinne, aċt aduḃairt gur ċóra aiṫḃior na hainḃeirte sin do ḃeiṫ air féin ioná uirrese; agus ro ráiḋ na briaṫra so: — “A Ṗarṫolóin, ar sí, an saoilir gurab ḟéidir bean agus mil do ḃeiṫ i gcóṁġar d’á ċéile, leaṁnaċt agus leanḃ, biaḋ agus fial, feoil agus cat, arm nó oirnéis agus saor, nó fear agus bean i n-uaigneas, gan cumasg ar a ċéile ḋóiḃ”; agus ráiḋis an rann: —
Mil la mnaoi, leaṁnaċt la mac,
Biaḋ la fial, carna la cat,
Saor istiġ agus faoḃar,
Aon la haon is ró-ḃaoġal.
Iar gclos an ḟreagarṫa sin do Ṗarṫolón, meuduiġṫear a eud de, gur ḃuaileasdair an measċoin fa lár go ros marḃ í; gonaḋ uaiṫe ainmniġṫear an inis-se. Céid eud Éireann sin d’éis dílinne. Gonaḋ dó do ráiḋeaḋ an rann so: —
Buailis an rí coin na mná,
Dia ḃois — níor ḃo béd go mba;
Marḃ an cú fri séidbéd seang,
Ba hé sin céid éd Éireann.
An seaċtṁaḋ bliaḋain iar ngaḃáil Éireann do Ṗarṫolón, fuair an céid ḟear d’á ṁuinntir bás, .i. Feaḋa mac Tortan, ó ráiḋtear Maġ Feaḋa.
Is í cúis um a dtáinig Parṫolón i n-Éirinn, tré mar do ṁarḃ sé a aṫair agus a ṁáṫair, ag iarraiḋ riġe d’á ḃráṫair, go dtáinig ar teiṫeaḋ a ḟionġaile, go ráinig Éire, gonaḋ aire sin do ċuir Dia pláiġ ar a ṡlioċt lé’r marḃaḋ naoi míle re haoin-ṡeaċtṁain díoḃ i mBeinn Eadair.
Áirṁid cuid do na húġdaraiḃ gaḃáil eile ar Éirinn roiṁe Parṫolón, mar atá gaḃáil Ċíocail mic Nil mic Gairḃ mic Uġṁóir a Sliaḃ Uġṁóir, agus Lot Luaiṁneaċ a ṁáṫair. Dá ċéad bliaḋan dóiḃ ar iasgaċ agus ar eunlaiṫ go teaċt Ṗarṫolóin i n-Éirinn, gur fearaḋ caṫ Ṁaiġe hIoṫa eatorra; i n-ar’ ṫuit Cíocal, agus i n-ar’ díoṫuiġeaḋ Foṁóraiġ le Parṫolón. I n-Innḃear Doṁnann do ġaḃ Cíocal go n-a ṁuinntir cuan i n-Éirinn: sé longa a líon; caoga fear agus caoga ban líon gaċa loinge ḋíoḃ. Is dóiḃ ro ráiḋtear: —
Seaċtṁaḋ gaḃáil ro dus gaḃ
Airior Éireann na n-árd-ṁáġ,
Le Cíocal gcríonċosaċ gann
Uas ḟaiṫċiḃ Innḃir Doṁnann:
Trí ċéad fear líon an tslóiġ
Táinig a hiaṫaiḃ Uġṁóir,
Nó gur scaraḋ iad iar soin,
Ar n-a sleaċtaḋ re seaċtṁain.
Seaċt loċa do ḃrúċt i n-Éirinn i n-aimsir Ṗarṫolóin, eaḋon, Loċ Measg i gConnaċtaiḃ, tar Máiġ Leargna do ṁoiḋ: i gcionn trí mbliaḋan d’éis caṫa do ṫaḃairt do Ċíocal, do ḃrúċt Loċ Con fa ṫír, agus Máġ Cró ainm an ṁáiġe tar a dtáinig: Loċ Deiċeat i gcionn dá ḃliaḋan deug iar dteaċt do Ṗarṫolón i n-Éirinn. Bliaḋain iar sin fuair an ceaṫraṁaḋ taoiseaċ d’á ṁuinntir bás, .i. Slánġa, agus is ag Sliaḃ Slánġa do haḋnaiceaḋ é. I gcionn bliaḋna iar sin toṁaiḋm Loċa Laiġlinne i n-Ua mac Uais Breaġ, .i. Laiġlinne mac Ṗarṫolóin: agus an tan do ḃí a ḟeart ag a ṫógḃáil, do ṁoiḋ an loċ [fa ṫír; is de sin goirṫear Loċ Laiġlinne ḋi]. I gcionn bliaḋna iar sin, toṁaiḋm Loċa hEaċtra idir Sliaḃ Moḋairn agus Sliaḃ Fuaiḋ i n-Oirġiallaiḃ. Iar sin toṁaiḋm Loċa Ruḋruiġe i n-ar’ báiṫeaḋ é féin: ’san ḃliaḋain ċeudna toṁaiḋm Loċa Cuan.
Ní fuair Parṫolón ar a ċionn i n-Éirinn aċt trí loċa agus naoi n-aiḃne: anmanna na loċ, Loċ Luimniġ i nDeas-Ṁúṁain, Loċ Foirḋreaṁain ag Tráiġ Lí ag Sliaḃ Mis ’san Muṁain, agus Fionnloċ Ceara i n-Iorrus Doṁnan i gConnaċtaiḃ. Is dóiḃ ro ráiḋeaḋ an rann so [aṁail adeir an file]: —
Trí loċa aiḋḃle ammais,
Agus naoi n-aiḃne n-ioṁais;
Loċ Forḋreaṁain, Loċ Luimniġ,
Fionnloċ iar n-imliḃ Iorrais.
Ag so na haiḃne: — Buas, idir Ḋál n-Áruiḋe agus Dál Riada, eaḋon an Rúta; Rurṫaċ, .i. Aḃann Life, idir Uiḃ Néill agus Laiġniġ; Laoi, i Múṁain tré Ṁuscraiḋe go Corcaiġ; Sligeaċ; Saṁaoir; Muaiḋ i gConnaċtaiḃ re hUiḃ ḃFiaċraċ an tuaiscirt; Moġorn i dTír Eoġain; Fionn idir Ċinéal Eoġain agus Tír Ċonaill; agus Banna idir Lé agus Eille: aṁail adeirṫear i san duain darab tosaċ, ‘A ċaoṁa Ċláir Ċuinn ċaoiṁ-ḟinn’: —
Muaiḋ, Sligeaċ, Saṁaoir sloinne,
Buas buinne a blaḋaoiḃ beinde,
Moġorn, Fionn go ngné ngalla,
Banna idir Lé agus Elle.
Nó fós i san duain darab tosaċ, ‘Aḋaṁ aṫair sruiṫ ár slóġ’: ⁊ c. —
Laoi, Buas, Banna, Bearḃa ḃuan,
Saṁaoir, Sligeaċ, Moġorn, Muaiḋ,
Is Life i Laiġniḃ maille,
Ag sin iad na sean-aiḃne.
I gcionn ċeiṫre mbliaḋan iar dtoṁaiḋm Murṫola, fuair Parṫolón bás ar Ṡeanṁáiġ Ealta Eadair, agus is ann ro haḋnaiceaḋ é. Is uime gairṫear Seanṁáġ ḋe naċ fásaḋ coill riaṁ air; agus is uime gairṫear Máġ n-Ealta ḋe fós, gurab ann tigdís eunlaiṫ Éireann d’á ngrianġoraḋ. I gcionn trioċad bliaḋan iar dteaċt Ṗarṫolóin i n-Éirinn, do eug sé. Adeirid drong re seanċus gurab dá ṁíle agus sé ċéad agus oċt mbliaḋna fiċead aois doṁain an tan fuair Parṫolón bás; giḋeaḋ, is eaḋ ṁeasaim, do réir gaċ neiṫ d’á ndúḃramar roṁainn, gurab sé bliaḋna agus ceiṫre fiċid ar naoi gcéad ar ṁíle ó ṫús doṁain go bás Ṗarṫolóin. Adeirid drong eile gurab fiċe bliaḋan agus cúig ċéad ó ḃás Ṗarṫolóin go táṁ a ṁuinntire; giḋeaḋ, atá ceudfaiḋ ċoitċeann na seanċaḋ ’na aġaiḋ sin, mar a n-abraid naċ raiḃe ’na fásaċ aċt deiċ mbliaḋna fiċead ḃaoi ó ḃás muinntire Ṗarṫolóin go teaċt Neiṁeaḋ innte; aṁail adeir an [file ’san] rann so: —
Ré trioċad bliaḋan beaċta,
Ba fás fri fianaiḃ feaċta,
Iar n-eug a sluaiġ fri seaċtṁain
’Na n-ealtaiḃ ar Maiġ n-Ealta.
Tig Cormac naoṁṫa mac Cuileannáin leis an níḋ gceudna i Saltair Ċaisil, mar a n-abair gurab trí ċéad bliaḋan ḃaoi ó ṫeaċt Ṗarṫolóin i n-Éirinn go táṁ a ṁuinntire. Tig an file Eoċaiḋ Ua Floinn leis, mar an gceudna, do réir an rainn seo: —
Trí céad bliaḋan, cia ad féisiḋ,
Ós déisiḃ diaṁra duasaiġ,
Do’n ġasraiḋ ġléiḃinn gnásaiġ
For Éirinn ḟásaiġ, uasail.
As gaċ níḋ ḋíoḃ so, ní hinċreidte an drong adeir go raiḃe tuilleaḋ agus cúig ċéad bliaḋa nó ḃás Ṗarṫolóin go táṁ a ṁuinntire; agus ní hinṁeasta go mbiaḋ Éire ar áitiuġaḋ an coṁḟad sin, agus gan do ḋaoiniḃ innte aċt cúig ṁíle fear agus ceiṫre ṁíle ban.
III. Ag so an roinn do rónsad ceiṫre mic Ṗarṫolóin ar Éirinn; agus is í ceud-roinn Éireann í.
Er, Orba, Fearón, agus Feargna, a n-anmanna; agus ḃádar ceaṫrar a gcoṁanmann so ag macaiḃ Ṁíleaḋ, aṁail ċuirfeam síos i n-a ngaḃáltas féin.
Ó Aileaċ Néid ṫuaiḋ go hÁṫcliaṫ Laiġean, cuid Eir.
Ó’n Áṫcliaṫ ceudna go hOiléan Árda Neiṁeaḋ, d’á ngoirṫear Oiléan Mór an Barraiġ indiu, cuid Orba.
Ó’n Oiléan Mór go Meaḋraiḋe ag Gailliṁ, roinn Ḟearóin.
Ó Áṫcliaṫ Meaḋraiḋe go hAileaċ Néid, cuid Ḟeargna: — aṁail adeir Eoċaiḋ Ua Floinn ’sna rannaiḃ seo; agus fá hé árd-ollaṁ Éireann re filiḋeaċt é i n-a aimsir: —
Ceaṫrar mac ba gríoḃḋa glór,
Do ṗríoṁ-ċlainn ag Parṫolón;
Do ġaḃ le’ ċéile fa ṡeol
Treaḃa Éireann gan aiṫċeoḋ.
Níor ṡoirḃ do’n ríoġraiḋ a roinn,
Inis Éireann ’na haon-ċoill,
Cnuas gar i ngaċ lios re a linn;
Fuair gaċ fear fios a ċuiḃrinn.
Er a sinnsear ba saor sóḋ,
Suairc a ċuid, cian gan claoċlóḋ;
Ó Aileaċ Néid, iaṫ gan feall,
Go hÁṫcliaṫ Laiġean láin-teann.
Ó Áṫcliaṫ Laiġean, léim lir,
Go hOiléan Árda Neiṁeaḋ,
Gan doġra, níor ṫais a ṫreoir,
Cuid Orba, d’iaṫ a ċineoil.
Ó’n áṫ a ḃfuair Neiṁeaḋ níoṫ
Go Meaḋraiḋe na móir-ċríoċ,
Fáṫ deaġ-ṡóiḋ gan aga ann,
Cuid Fearóin, fada an fearann.
Ó Ṁeaḋraiḋe, fada fós,
Go hAileaċ Néid go ndeaġ-nós;
Tórainn da leanam ’s gaċ eing,
Fuair Feargna, fearann fairseing.
I n-Éirinn féin, ní fáṫ fill,
Rugaḋ na tréinḟir tuirḃim,
Dream saor, fá bunata bláḋ,
Ba caoṁ curata an ceaṫrar.
IV. Do Ṁuinntir Ṗarṫolóin ann so.
Ag so anmanna na dtreaḃṫaċ do ḃí aige, eaḋon, Tóṫaċt, Trén, Ioṁas, Aiċeaċḃél, Cúl, Dorċa, agus Daṁ. Anmanna na gceiṫre ndaṁ do ḃí aca, .i., Liag, Leagṁaġ, Iomaire, agus Eitriġe. Beoir ainm an ḟir tug foiġḋe nó aoiḋeaċt uaiḋ ar dtús i n-Éirinn. Breaġa, mac Seanḃoṫa, do rinne coṁrac aoinḟir ar dtús i n-Éirinn. Samaliliaṫ do rinne an ceud ól corma innte. Fios, Eolas, agus Foċṁorc a ṫriar druaḋ. Maċa, Mearan, agus Muicneaċán a trí tréinḟir. Bioḃal agus Beaḃal a ḋá ċeannaiḋe. Ḃádar deiċ n-inġeana agus deiċ gcleaṁnaiḋe ag Parṫolón.