An deaċṁaḋ alt.
Do ġaḃáil Ṫuaiṫe Dé Danann ann so.
Ar ṡlioċt an treas taoisiġ do ṡlioċt Neiṁeaḋ do ċuaiḋ ar eaċtra a hÉirinn iar dtoġail Ṫuir Conaing, mar atá Iobáṫ mac Beoṫaiġ, atáid Tuaṫa Dé Danann; agus is é áit i n-ar háitiġeaḋ riu do réir droinge re seanċus i ‘mBoetia’ i dtuaisceart Eorpa. Adeirid drong eile gurab i gcríċ ‘Ateniensis,’ mar a ḃfuil caṫair na hAiṫne d’áitiġeadar. Tuig, a léaġṫóir, gurab san gcríċ do’n Ġréig ré’ ráiḋtear ‘Aċaia’ do réir Pomponius Mela atá ‘Booetia’ agus caṫair na hAiṫne; agus gurab ann d’ḟoġluim siad a ndraoiḋeaċt agus a gcéarda go beiṫ cliste i ngaċ céird ġeintliḋe ḋóiḃ.
Tárla mu’n am soin go dtáinig coḃlaċ mór ó ċríċ na Siria, do ḋéanaṁ cogaiḋ ar luċt críċe ‘Ateniensis’ go mbíaḋ caṫuġaḋ laiṫeaṁail eadorra; agus an drong do marḃtaoi do na ‘hAtenienses’ is iad ḃíoḋ ar a ḃáraċ ag caṫuġaḋ re luċt na Siria. Tré ḋraoiḋeaċt Tuaiṫe Dé Danann doġníṫí an siaḃraḋ soin: óir do ċuiridís deaṁna is na corpaiḃ ceudna d’á dtoġluasaċt. Agus mar ṫugadar luċt na Siria sin d’á n-aire, téiḋid do ḋéanaṁ coṁairle re n-a ndraoi féin. Ráiḋis an draoi riu, faire do ċur ar láṫair nó ar ionad an árṁaiġ, agus cuaille do ḃior caorṫainn do ṡáṫaḋ tré ṁeiḋe gaċ mairḃ do ḃíoḋ ag aiṫeirġe ċuca, agus má’s deaṁna doġníoḋ a gcoirp do ṫoġluasaċt go gclaoċluiḋfiṫí i gcruṁaiḃ fo ċeudóir de sin iad; agus damaḋ é a n-aiṫḃeoḋaḋ dá ríriḃ doġníṫí, naċ géaḃdaois na coirp truailleaḋ ná claoċlóḋ ċuca. Tigid luċt na Siria do ċur an ċaṫa ar a ḃáraċ, agus maoiḋtear rompa, agus sáiṫid na cleaṫa caorṫainn tré sna marḃaiḃ aṁail ro ráiḋ an draoi riu, agus do rinneaḋ cruṁa ḋíoḃ do láṫair; agus lingid luċt na Siria fóṫa iar sin d’á n-óirleaċ.
Dála Ṫuaiṫe Dé Danann, mar do ċonncadar luċt na Siria ag buaḋuġaḋ ar luċt na críċe, triallaid ar a n-eagla d’aon ḃuiḋin as an gcríċ sin, agus ní ḋearnadar coṁnuiḋe go rángadar do ċríċ Loċlonn, eaḋon, Fionn-Loċlonnaiġ, mar atá luċt na ‘Noruegia,’ mar a ḃfuairsiod fáilte ó luċt na críċe ar iomad a n-ealaḋan agus a n-ilċéard. Is é fá taoiseaċ orra ’san am soin, Nuaḋa Airgeadláṁ mac Euċtaiġ mic Edarláiṁ do ṡlioċt Neiṁeaḋ. Fuaradar, iomorro, ceiṫre caṫraċa re ḃeiṫ ag múnaḋ aosa óig na críċe sin ionnta. Anmanna na gcaṫraċ ann so: Fáilias, Gorias, Finias, agus Murias. Cuirid Tuaṫa Dé Danann ceiṫre saoiṫe do ṫeagasg na n-ealaḋan agus na n-ilċéard baoi aca d’ógaiḃ na tíre i sna caṫraċaiḃ sin: Semias i Murias, agus Arias i ḃFinias, agus Úrus i nGorias, agus Morias i ḃFáilias. Iar mbeiṫ sealad d’á n-aimsir dóiḃ i sna caṫraċaiḃ seo, triallaid go tuaisceart Alban, go mbádar seaċt mbliaḋna ag Doḃor agus ag Iardoḃor. Ḃádar ceiṫre seoid uaisle aca tugsad as na caṫraċaiḃ sin, mar atá, cloċ buaḋa ó Ḟáilias; is di gairṫear an Lia Fáil: [Agus is í do ġéimeaḋ fa gaċ ríġ Éireann re mbeiṫ ag a ṫoġa dóiḃ go haimsir Ċonċuḃair, agus is do’n ċloiċ sin gairṫear i Laidin ‘Saxum fatale.’ Is uaiṫe fós gairṫear Inis Fáil d’Éirinn; conaḋ uime sin do rinne seanċaiḋe d’áiriṫe an rann so: —
An ċloċ atá fám’ ḋá ṡáil,
Uaiṫe ráiḋtear Inis Fáil;
Idir ḋá ṫráiġ ṫuile ṫinn,
Máġ Fáil uile ar Éirinn.]
Ainm eile ḋi Cloċ na Cinneaṁna; óir do ḃí i gcinneaḋ do’n ċloiċ seo, cibé háit i n-a mbeiḋeaḋ, gurab duine do Ċineaḋ Scoit, eaḋon, do ṡíol Ṁíleaḋ Easpáine, do ḃeiḋeaḋ i ḃflaiṫeas na críċe sin, do réir mar léaġtar ag Hector Boetius i stáir na hAlban. Ag so mar adeir: —
Cineaḋ Scoit, saor an fine,
Mun ba breug an ḟáisdine,
Mar a ḃfuiġid an Lia Fáil,
Dliġid flaiṫeas do ġaḃáil.
Iar n-a ċlos do Ċineaḋ Scoit an ḃuaiḋ seo do ḃeiṫ ar an gcloiċ, iar ngaḃáil neirt Alban d’Ḟearġus mór mac Earca, agus iar n-a ċur roiṁe rí Alban do ġairm de féin, cuiris fios i ndáil a ḋearḃráṫar Muirċeartaċ mac Earca (do ṡíol Eireaṁóin) fá rí Éireann an tan soin, d’á iarraiḋ air an ċloċ so do ċur ċuige re suiḋe uirre, re huċt ‘rí Alban’ do ġairm de. Cuiris Muirċeartaċ an ċloċ ċuige, agus do gaireaḋ ‘rí Alban’ de ar an gcloiċ gceudna, agus fá héisiḋe céid rí Alban do Ċineaḋ Scoit: agus bíoḋ go dtugṫaoi ríoġa Alban ar ċuid do Ċruiṫneaċaiḃ, eaḋon, na ‘Picti,’ sul do ríoġaḋ Fearġus, ní raiḃe aon rí iomlán díoḃ, gan ḃeiṫ fó ċíos agus fó ċánaiġ ag ríoġaiḃ Éireann ó aimsir go haimsir: agus go háiriḋe ó aimsir Eireaṁóin mic Míleaḋ i leiṫ, ler’ cuireaḋ na ‘Picti’ d’áitiuġaḋ na hAlban as Laiġniḃ (aṁail adéaram i ḃflaiṫeas Eireaṁóin) go flaiṫeas an Ḟearġusa so. Dála na cloiċe, baoi aca aṁlaiḋ sin sealad aimsire diaiḋ i ndiaiḋ go ráinig d’á éis sin go Sacsain, go ḃfuil ann anois ’san gcaṫaoir i n-a ngairṫear rí Sacsan, iar n-a taḃairt as Albain go haiṁḋeonaċ as mainistir Scón; agus an céid Eadḃard, rí Sacsan tug leis í, ionnus gur fíoraḋ tairrngire na cloiċe sin i san ríġ seo againn anois, eadon, an céid rí Séarlus, agus i n-a aṫair an rí Séamus (táinig do Ċineaḋ Scoit, mar atá, do ṡlioċt Ṁáine mic Ċuirc mic Luiġḋeaċ, táinig ó Eiḃear mac Míleaḋ Easpáine), d’ár’ ġaḃadar gairm ríoġ na Sacsan ar an gcloiċ reaṁráiḋte.
An dara seod tugsad Tuaṫa Dé Danann i n-Éirinn an tan soin, eaḋon, an claiḋeaṁ do ċleaċtaḋ Lúġ Láṁḟada, agus a Gorias tugaḋ é. An treas seod, eaḋon, an tsleaġ do ḃíoḋ ag an Lúġ gceudna re haġaiḋ coṁloinn, agus a Finias tugaḋ í. An ceaṫraṁaḋ seod, coire an Dáġḋa: ní ṫeiḋeaḋ dáṁ diomḋaċ uaiḋ, agus a Murias tugaḋ. Ag so laoiḋ as Leaḃar Gaḃála d’áiriṫe do ṡuiḋiuġaḋ ar na neiṫiḃ ceudna [’san duainse i n-ár ndiaiḋ]: —
Tuaṫa Dé Danann na séd suim,
Áit a ḃfuaradar foġluim,
Rángadar a saoiḋeaċt slán,
A ndraoiḋeaċt, a ndiaḃaltán.
Iarḃoinél fionn, fáiḋ go ḃfeiḃ,
Mac Neiṁeaḋ mic Agnomáin,
D’ár’ ṁac baoṫ Beoṫaċ beartaċ,
Fá laoċ leoṫaċ láinfeartaċ;
Clanna Beoṫaiġ, beoḋa a mbláḋ,
Rángadar sluaġ niaḋ neartṁar,
Iar sníoṁ is iar dtuirrsi dtroim,
Líon a loingse go Loċlainn.
Ceiṫre caṫraċa clú ceart,
Gaḃsad i léim go rói-neart,
Do ċuirdís coṁlonn go cas
Ar ḟoġluim, ar ḟinneolas.
Fáilias agus Gorias glan,
Finias, Murias na mór-ġal,
Do ṁaoiḋeaṁ maḋmann amaċ,
Anmanna na mór-ċaṫraċ.
Morias agus Euras árd,
Arias, Simias síor-ġarg —
A ngarmann is luaḋ leasa —
Anmann suaḋ na saoir-leasa.
Morias file Fáilias féin,
Euras i nGorias, maiṫ méin;
Simias i Murias, dionn deas,
Arias file fionn Finias.
Ceiṫre haisgeaḋa leo anall,
D’uaisliḃ Tuaiṫe Dé Danann: —
Claiḋeaṁ, cloċ, coire cumaḋ,
Sleaġ re haġaiḋ árd-ċuraḋ;
Lia Fáil a Fáilias anall,
Do ġeiseaḋ fó ríġ Éireann;
Claiḋeaṁ láṁa Lóġa luiḋ
A Gorias, roġa roċruiḋ;
A Finias, tar fairrge i ḃfad,
Tugaḋ sleaġ Lóġa ná’r lag;
A Murias, maoin aḋḃal, oll,
Coire an Daġḋa na n-árd-ġlonn.
Rí neiṁe, Rí na ḃfear ḃfann,
Rom’ aince, Rí na ríġreann,
Flaiṫ, ’ga ḃfuil fulang na ḃfuaṫ,
Agus cuṁong na gcaoṁ-ṫuaṫ.
Iomṫusa Ṫuaiṫe Dé Danann, iar gcaiṫeaṁ seaċt mbliaḋan dóiḃ i dtuaisceart Alban, tángadar i n-Éirinn; agus iar dteaċt i dtír dóiḃ, Luan Béaltaine, i dtuaisceart Éireann, loisgid a longa, gonaḋ, d’á ḋearḃaḋ sin, do rinneaḋ an rann so: —
Do loisg gaċ laoċ ḋíoḃ a loing
Ó do rioċt Éire aḋṁoill:
Do buḋ gleo trom ag a ċor
Ceo na long ag a losgaḋ.
D’á éis sin cuirid ceo draoiḋeaċta i n-a dtimċeall feaḋ trí lá go ná’r léir d’aon duine d’Ḟearaiḃ Bolg iad, go rángadar Sliaḃ an Iarainn. Cuirid as sin teaċta uaṫa go hEoċaiḋ mac Eirc agus go maiṫiḃ Ḟear mBolg d’iarraiḋ ríoġaċta Éireann nó caṫa tar a ceann. Coṁmórṫar uime sin caṫ Ṁaiġe Tuireaḋ ṫeas idir Ḟearaiḃ Bolg agus Tuaṫa Dé Danann, gur briseaḋ an caṫ ar Ḟearaiḃ Bolg, agus gur marḃaḋ céad míle ḋíoḃ do réir mar aduḃramar ṫuas.
Deiċ mbliaḋna fiċead ó ċaṫ Ṁaiġe Tuireaḋ ṫeas go caṫ Ṁaiġe Tuireaḋ ṫuaiḋ, mar adeir an rann: —
Deiċ mbliaḋna fiċead, ro feas,
Ó ċaṫ Ṁoiġe Tuireaḋ ṫeas.
Go caṫ Ṁoiġe Tuireaḋ ṫuaiḋ.
I n-ar ṫuit Balar an ṁór-ṡluaiġ.
Adeirid drong re seanċus gurab ó’n triar mac rug Danann, inġean Dealḃaoiṫ, eaḋon, Brian, Iuċar, agus Iuċarḃa, eaḋon, triar do ċlainn Dealḃaoiṫ mic Ealaṫan mic Néid, mic Iondaoi, mic Allaoi, mic Tait, mic Taḃairn, mic Enna, mic Baṫaiġ, mic Iobaiṫ, mic Beoṫaiġ, mic Iarḃoineoil Ḟáiḋ, mic Neiṁeaḋ, gairṫear Tuaṫa Dé Danann, do ḃríġ go raḃadar an triar reaṁráiḋte coiṁ-ḋearsgnaiġṫe a’s sin i gcéardaiḃ geintliḋe, gur ṫoil leis na tuaṫaiḃ seo ag a raḃadar dée do ġairm díoḃ, agus iad féin d’ainmniuġaḋ uaṫa. Ag so rann deismireaċta ag a ḋeiṁniuġaḋ gurab iad an triar so na trí dée Danann, aṁail adeir an duain darab tosaċ ‘Éistiġ a eolċa gan on’ ⁊ c.: —
Brian, Iuċarḃa, is Iuċar ann,
Trí dée Tuaiṫe Dé Danann;
Marḃ iad ag Mana os muir meann,
Do láiṁ Lóġa, mic Eiṫneann.
Is ó’n Danann, fá ṁáṫair do’n triar so, gairṫear dá ċíċ Ḋanann do’n dá ċnoc ḃfuil i Luaċair Ḋeaġaiḋ i nDeas Ṁúṁain. Adeirid araile gurab uime gairṫear Tuaṫa Dé Danann díoḃ, do ḃríġ gurab i n-a dtrí ndrongaiḃ do ḃádar ar an eaċtra so da ndeaċsad a hÉirinn. An ċeud drong díoḃ, d’á ngairṫear Tuaṫ, do ḃíoḋ ar leirg uaisle agus ceannais féaḋna: ionann, iomorro, tuaṫaċ agus tiġearna, aṁail is ionann tuaṫ agus tiġearnas. Is córaide sin do ċreideaṁain, mar do beirṫear dá ḃantuaṫaiġ ar Ḃeuċuill agus ar Ḋanainn, do ḃí ’na mbaintiġearnaiḃ aca: gonaḋ d’á ċur sin i gcéill atá an rann so: —
Beuċuill agus Danann dil,
Fá marḃ an dá ḃantuaṫaiġ;
Feasgor a ndraoiḋeaċt fo ḋeoiġ,
Le deaṁnaiḃ oḋra aieoir.
An dara drong d’á ngairṫí dée, mar atáid a ndraoiṫe, is uime sin adeirṫí na trí dée Danann ris an triar ṫuas. Is uime do gairṫí dée ḋíoḃ ar iongantas a ngníoṁ ndraoiḋeaċta. An treas drong d’á ngairṫí Danann, eaḋon, an drong do ḃíoḋ re dánaiḃ nó re céardaiḃ, óir is ionann dán agus céard.