VIII.
Doġeiḃ Seon Dauis loċt ar an mbreiṫeaṁnas tuaiṫe, do ḃríġ, dar leis féin, go ḃfuilid trí droċ-nóis ann. An ceud nós díoḃ, an tánaiste do ṫeaċt ar beulaiḃ mic tiġearna an ḟuinn. An dara nós, an roinn do ḃí ar an ḃfearann idir na coṁmbráiṫriḃ, d’á ngairid Gaill ‘gaḃáil ciniḋ,’ mar a ndéantaoi mion-roinn idir na coṁmbráiṫriḃ ar an ḃfearann. An treas nós, éiric do ġaḃáil a marḃaḋ duine. Mo ḟreagraḋ ar an níḋ so, naċ fuil críoċ ’san mbioṫ naċ déantar malairt ar reaċtaiḃ agus ar nósaiḃ innte, do réir mar ṫéid malairt ar stáid na críċe. Óir, ní raḃadar na nóis úd orduiġṫe i san mbreiṫeaṁnas tuaiṫe, gur lingeadar Éireannaiġ ar ċogaḋ agus ar ‘ċoinḃlioċt’ do ḃeiṫ idir gaċ dá ċríċ ḋíoḃ, ionnus go mbídís ag marḃaḋ, ag argain, agus ag creaċaḋ a ċéile: agus mar do connarcas d’uaisliḃ Éireann, agus d’á n-ollaṁnaiḃ, an doċar do ḃí ag teaċt do’n easaontaiḋ do ḃíoḋ idir ḟoirinn a gcríċe an tan soin, do ṁeasadar gur ḃ’oirċeas na trí nóis úd d’orduġaḋ.
Ar dtús do ṫuigeadar gur ċneasta an tánaisteaċt, ionnus go mbiaḋ caiptín inḟeaḋma ag déanaṁ barántais ar ṡluaġ gaċa críċe d’á raiḃe i n-Éirinn, ag cosnaṁ a gcreaċ agus a maoine dóiḃ. Óir, dámaḋ é an mac i n-áit an aṫar do ḃiaḋ ann, dob’ ḟéidir ar uairiḃ an mac do ḃeiṫ ’na ṁionaois, agus, mar sin, naċ biaḋ inḟeaḋma re cosnaṁ a ċríċe féin, agus go dtiocfaḋ lot na dúiṫċe as a los sin. Níor ḃ’ḟéidir fós gan an dara nós do ḃeiṫ ar marṫain i n-Éirinn an tan soin, mar atá roinn ċoṁmbráiṫreaċ do ḃeiṫ ar an ḃfearann. Óir, níor ḃ’ḟiu cíos na críċe an tuarasdal do raċaḋ do’n líon buannaḋ do ċoiseonaḋ í: giḋeaḋ, an tan do roinntí an ċríoċ idir na coṁmbráiṫriḃ, do ḃiaḋ an bráṫair buḋ lúġa mír ḋi coiṁéasgaiḋ re n-a cosnaṁ fa n-a ḋíċeall, agus do ḃiaḋ an ceann-feaḋna do ḃíoḋ aca. Níor ḃ’ḟéidir, mar an gceudna, gan an éiric do ḃeiṫ ar bun mu’n am so: Óir, dá marḃaḋ neaċ duine an tráṫ soin, doġéaḃaḋ comairce i san gcríċ ba foicsi ḋó, agus do ḃríġ naċ bíoḋ ar ċumas carad an tí do marḃṫaoi, cúitiuġaḋ ná eineaclann do ḃuain do’n tí doġníoḋ an marḃaḋ, do agradaois a ġaol i san gcion, mar smaċtuġaḋ ar an marḃṫóir; agus do ḃríġ naċ bíoḋ rún an ṁarḃṫa ag an ngaol, níor ḋliġṫeaċ a ḃfuil do ḋortaḋ, giḋeaḋ, do cuirṫí cáin orra, mar smaċtuġaḋ ar an tí doġníoḋ an marḃaḋ, agus doċím an nós so ar marṫain ag Gallaiḃ anois, mar go leantar an cion coṁgais leó. Is ionann, iomorro, éiric agus cion coṁgais; óir is ionann cion agus coir, agus is ionann coṁgas nó coṁḟogus agus gaol, agus is é ċialluiġeas an cion coṁgais, cáin nó díol do ḃuain amaċ i n-éiric nó i n-eineaclainn an loit nó an doċair doġní neaċ (gémaḋ marḃaḋ nó míġníoṁ eile é), d’á ċaraid nó d’á ċineaḋ; agus doċím go ḃfuilid Gaill anois ag coiméad an nóis sin, mar go leantar an cion coṁgais leó. D’á ḃríġ sin, níor ċneasta do Ṡeon Dauis loċt d’ḟaġḃáil ar an mbreiṫeaṁnas tuaiṫe ṫríd; agus an ṁéid ḃeanas ris an dá nós eile, ní raiḃe teaċt ’na n-éagmais ag Éirinn an tan do horduiġeaḋ iad, agus mar sin, níor ḃ’inḃéime an breiṫeaṁnas tuaiṫe tríoṫa. Óir, gion go ḃfuilid oireaṁnaċ d’Éirinn anois, do ḃádar éigeantaċ an tan do horduiġeaḋ iad.
Adeir Camden gurab nós d’Éireannċaiḃ, breiṫeaṁain, leaġa, seanċaḋa, filiḋ, agus aos teud do ḃeiṫ ag a n-uaisliḃ, agus tearmainn do ḃronnaḋ dóiḃ, agus fós saoirse do ḃeiṫ ag a bpearsannaiḃ, ag a ḃfearann, agus ag a spréiḋ. Ag so mar adeir, ag laḃairt orra: — “Atá (ar sé), ag na flaṫaiḃ seo a ndliġṫeoiriḋe féin, d’á ngairid breiṫeaṁain, a stáirṫeoiriḋe re scríoḃaḋ a ngníoṁ, a leaġa, a ḃfiliḋ, d’á ngairid báird, agus a luċt seanma, agus fearann cinnte do gaċ aon díoḃ so, agus gaċ aon díoḃ ag áitiuġaḋ i n-a ḟearann féin, agus fós gaċ aon díoḃ do ṫreiḃ ċinnte fa seaċ; mar atáid na breiṫeaṁain do ṫreiḃ agus do ṡloinneaḋ d’áiriṫe, na seanċaḋa nó na stáirṫeoiriḋe do ṫreiḃ agus do ṡloinneaḋ eile, agus mar sin do ċáċ ó sin amaċ, do ṡeoladaois a gclann agus a ngaolta, gaċ aon díoḃ i n-a ċéird féin, agus bíd luċt a leanta i sna healaḋnaiḃ seo díoḃ féin do ṡíor.”
As na briaṫraiḃ seo Ċamden, is follus gurab maiṫ an t-orduġaḋ do ċuireadar Éireannaiġ síos re coiméad na n-ealaḋan so i n-Éirinn ó aimsir go haimsir. Óir tugadar fearann ollaṁantaċta do gaċ treiḃ díoḃ, ionnus go mbiaḋ coṫuġaḋ aca orra féin, le saoṫruġaḋ na n-ealaḋan go naċ cuirfeaḋ boċtaċt d’á ndruim iad; agus fós is é an tí fá dearsgnaiġṫe do’n treiḃ sin, nó do’n treiḃ eile, doġeiḃeaḋ ollaṁantaċt na flaiṫe fearainn do ḃíoḋ aige, agus tigeaḋ de sin gaċ aon díoḃ do [ḋéanaṁ díċill ar] ḃeiṫ rói-eolaċ i n-a n-ealaḋain féin [i ndóiġ] re greamuġaḋ na hollaṁantaċta tar an gcuid eile d’á ṫreiḃ: agus is mar sin doġníṫear do’n leiṫ ṫall d’ḟairrge anois le mórán ṫéid do ḃuain caṫaoireaċ amaċ a los a ḃfóġluma. Is móide fós do féadaḋ na healaḋna so do ċoiméad mar do orduiġeadar uaisle Éireann tearmann agus comairce do ḃeiṫ ag fearann, ag pearsannaiḃ, agus ag spréiḋ na n-ollaṁan; óir, an tan do ḃídís Gaeḋil agus Gaill easaontaḋaċ ré’ ċéile, naċ cuirfidís buaiḋreaḋ ná toirmeasg ar na hollaṁnaiḃ ná ar na daltaḋaiḃ fóġluma do ḃíoḋ aca, d’á dtoirmeasg ó ṡaoṫruġaḋ na n-ealaḋan. Léaġtar ag Iul Caesar, i san seiseaḋ leaḃar d’á stáir, go raiḃe an tearmann ceudna ag na draoiṫiḃ táinic ó iarṫar Eorpa do ṡeolaḋ scol do’n Ḟrainc, agus saoilim gurab a hÉirinn rugadar an nós soin leó.