III.
Cuirfeam síos ann so beagán do ḃreugaiḃ na Nua-Ġall do scríoḃ ar Éirinn ar lorg Ċambrens; agus doġéan tosaċ ar ḃreugnuġaḋ Ċambrens féin, mar a n-abair go raiḃe cíosċáin ag an ríġ Artúr ar Éirinn, agus gurab é am fa’r ċeangail an cíos orra i gCaṫair Leon, an tan fá haois do’n Tiġearna cúig céad agus naoiḋeug, mar ċuireas Campion ’na ċroinic i san dara caibidil do’n dara leaḃar, mar a n-abair gurab é Giolla Már fá rí Éireann an tan soin. Giḋeaḋ tar ċeann go luaiḋeann Policronicon agus Monomotensis agus drong eile do Nua-Ġallaiḃ an Giolla Már so do ḃeiṫ ’na ríġ Éireann a ṡlán fa aon d’á lorgairiḋiḃ go ḃfuil laoiḋ nó litir a seanċus Éireann i n-a ḃfuil luaḋ nó iomráḋ ar Ġiolla Már do ḃeiṫ ’na ríġ Éireann riaṁ: aċt munab do Ṁuirċeartaċ mór mac Earca fá rí Éireann agus fá fear coṁaimsire do ríġ Artúr ġairmid é; agus níor ḃ’ḟéidir Muirċeartaċ do ḃeiṫ fa ċíosċáin ag an ríġ Artúr, do ḃríġ go raiḃe sé féin treun i n-Éirinn agus i n-Albain, agus gurab é do ċuir a ṡeisear dearḃráṫar i n-Albain, agus gur fear ḋíoḃ fá céid-rí do Ċineaḋ Scoit ar Albain, mar atá Fearġus Mór mac Earca, agus fós gurab le Scotaiḃ agus le Pictiḃ do ṫuit Rí Artúr féin. An Fearġus so aduḃart do b’é céid-rí Alban do Scotaiḃ é: óir tar ċeann go n-áirṁeann Hector Boetius i stáir na hAlban naoi ríoġa ḋeug agus fiċe do ḃeiṫ ar Albain roiṁe an ḃFearġus so, maiseaḋ ní raiḃe aoin-rí de Ċineaḋ Scoit do réir an tseanċusa ar Albain roiṁe: agus mar a n-abair gurab é Fearġus mac Fearċair rí Éireann fá céid rí do Ċineaḋ Scoit ar Albain, ní fíor dó sin, óir ní raiḃe aoin-rí ar Éirinn riaṁ d’ár ḃ’ainm Fearċar, agus mar sin ní raiḃe Fearġus mac Fearċair ’na ríġ Alban, aṁail adeir Hector Boetius: agus má do ḃí gur ṫoil le Muirċeartaċ mór a ḋearḃráṫair Fearġus mac Earca do ḃeiṫ ’na ríġ Alban, maiseaḋ, is é ainm gairṫear do Ṁuirċeartaċ féin i n-annálaiḃ Éireann, “Rex Scotorum,” d’á ċur i gcéill go raiḃe árdċor aige ar na Scotaiḃ i n-Éirinn agus i n-Albain; agus ní hinṁeasta an tí do ḃí i sna cuṁaċtaiḃ seo do ḃeiṫ fa ċíosċáin ag an ríġ Artúr. Agus fós adeir Spíd ’na ċroinic naċ cíosċáin do ḃí ag an ríġ Artúr ar ríġ Éireann, aċt coṁar cáirdeasa cogaiḋ, ionnus cibé haca ar a mbiaḋ leaṫtrom náṁad, go raiḃe d’ḟiaċaiḃ ar an dara fear congnaṁ sluaġ do ṫaḃairt do’n tí díoḃ ar a mbiaḋ leaṫtrom: agus is é ainm ġaireas Spíd do’n ċongnaṁ so “dliġeaḋ cáirdeasa cogaiḋ,” aṁail atá idir rí na Spáinne agus an t-Impir: óir cuiriḋ gaċ aon díoḃ congnaṁ re linn a riaċtanais gus an tí eile, agus ní hiontuigṫe as sin go ḃfuil cíosċáin ag ríġ na Spáinne ar an Impir, nó ag an Impir ar ríġ na Spáinne. Mar an gceudna, má ṫarla coṁmbáiḋ cogaiḋ idir an rí Artúr agus Muirċeartaċ mac Earca rí Éireann ionnus go gcleaċtaoi leó a ċéile d’ḟortaċt re linn leaṫtroim do ḃeiṫ ar ċeaċtar díoḃ, ní hiontuigṫe as sin cíosċáin do ḃeiṫ ag ceaċtar díoḃ ar a ċéile. Is móide is iontuigṫe fírinne an neiṫ seo an níḋ adeir Nubrigiensis i san seiseaḋ caibidil fiċead do’n dara leaḃar d’á stáir, mar a laḃrann ar Éirinn: — “níor luiḋ Éire riaṁ fa ċuṁaċtaiḃ coigcríċe.” Tig fós Cambrens féin leis an níḋ seo, i san seiseaḋ caibidil fiċead, mar a n-abair: — “do ḃí Éire saor ó ṫús ó iomruagaḋ an uile ċiniḋ coigcríċe.” As na briaṫraiḃ seo is follus naċ raiḃe árdċor ag Artúr, nó ag árdḟlaiṫ eile coigcríċe ó ṫús riaṁ ar Éirinn go gaḃáltas Gall: agus fós ní hinṁeasta go raiḃe cor ag Breatainiḃ ar Éirinn, mar naċ fuaradar Róṁánaiġ ionnta féin láṁ do ċur innte, agus ní heaḋ aṁáin gan cor do ḃeiṫ ag Róṁánċaiḃ nó ag eaċtrannaiḃ eile uirre, aċt is í Éire fá cúl dídin do na críoċaiḃ eile re n-a gcaoṁnaḋ ar ḟoirneart [na] Róṁánaċ agus eaċtrann [eile].
Ag so mar ṫig Camden leis so ’san leaḃar d’á ngairṫear “Britannia Camdeni,” mar a n-abair; — “Ar mbeiṫ do Róṁánċaiḃ ag foir-leaṫnuġaḋ a ḃflaiṫis, tangadar gan aṁras an iomad ó’n Spáinn, ó’n ḃFrainc, agus ó’n mBreatain annso (ag laḃairt ar Éirinn), do réiḋeaċaḋ a muineul féin ó ċuing ró-urċóidiġ na Róṁánaċ.” As so is iontuigṫe naċ eaḋ aṁáin gan Róṁánaiġ do ṫeaċt i n-Éirinn, aċt fós gurab innte do cuṁduiġṫí luċt na gcríoċ eile ó Róṁánċaiḃ. Ag so fós mar adeir an Camden ceudna, ag breugnuġaḋ na droinge adeir, do réir baraṁla, go raiḃe cor ag Róṁánċaiḃ ar Éirinn: — “Is ar éigin do ċreidfinn i’m intinn go raiḃe Éire riaṁ fa ċuṁaċt na Róṁánaċ.”
Adeir Cambrens i san naoṁaḋ caibidil, go dtugdaois na fir i n-Éirinn na mná do ḃíoḋ pósta ag a ndearḃráiṫriḃ i ndiaiḋ báis na ndearḃráiṫreaḋ soin: agus adeir naċ díoltaoi an deaċṁaiḋ i n-Éirinn, agus naċ bíoḋ cion ar ṗósaḋ innte, go teaċt an ċáirdionáil Iohannes Papiron; giḋeaḋ, ní fíor ḋó so, aṁail ċruṫóċam i gcorp na stáire, agus mar ḃus follus as an díonḃrollaċ so féin go grod i n-ár ndiaiḋ. Adeir i san seaċtṁaḋ caibidil, mar a dtráċtann ar iongantaiḃ na h-Éireann, go ḃfuil tobar ’san Múṁain, doġní duine liaṫ do láṫair an tan ḟoilceas a ḟolt nó a ḟionnfaḋ as, agus, mar an gceudna, go ḃfuil tobar i n-Ultaiḃ doġní toirmeasg na léiṫe. Giḋeaḋ, ní ḟuilid saṁail na dtobar so i n-Éirinn anois, agus ní ṡaoilim go raiḃe i n-aimsir Ċambrens, aċt na hiongantais seo do ċur síos mar ḋaṫuġaḋ ar a ḃreugaiḃ.
Adeir Cambrens i san dara caibidil fiċead, an tan ḃíd daoine uaisle i n-Éirinn ag taḃairt daingin d’á ċéile, do láṫair easpoig, go bpógaid an tráṫ soin taise naoiṁ, agus go n-íḃid fuil a ċéile, agus ann sin go mbíd ullaṁ re déanaṁ feille ar a ċéile. Mo ḟreagraḋ air ann so, naċ fuil laoiḋ ná litir, seanċuis náid sein-scríḃne iris náid annálaiġ ag teaċt leis ar an mbréig seo: agus fós is follus go raiḃe d’ḟiaċaiḃ ar na seanċaḋaiḃ gan a ṡaṁail seo do ḋroċ-nós do ċeilt, agus fós a ċur i gcairt i bpéin a n-ollaṁantaċta do ċaill, dá mbíoḋ sé ar gnáṫuġaḋ i n-Éirinn. Uime sin is follus gur breug do rinne Cambrens ann so. Adeir Cambrens, i san deaċṁaḋ caibidil, gurab cineaḋ neiṁḟial Gaeḋil; ag so mar adeir: — “Cineaḋ, iomorro, neiṁḟial an cineaḋ so,” (ar sé). Giḋeaḋ, ní beag liom Stanihurst i n-a stáir ag freagraḋ ḋó i san níḋ seo, ag laḃairt ar eineaċ na n-Éireannaċ; ag so mar adeir: — “Go deiṁin (ar sé), is daoine róiḟiala iad, agus ní ḟuil céim is mó i n-a b’ḟéidir leat a mbuiḋeaċas do ṫuilleaṁ ioná d’aiṫiḋe do ḋéanaṁ dod’ ḋeoin agus dod’ ṫoil d’á dtiġṫiḃ.” As so is iontuigṫe gurab daoine fiala fír-einiġ fa ḃiaḋ iad, gan cead do Ċambrens. Adeir Cambrens mar a scríoḃann ar Éirinn, gurab í bean ríġ Míḋe do ċuaiḋ ar eulóḋ le Diarmuid na nGall; giḋeaḋ ní fíor ḋó sin, aċt fá hí bean Ṫiġearnáin Uí-Ruairc rí Breiṫfne í, agus fá hí inġean Ṁurċaḋa mic Ḟloinn mic Ṁaoilseaċlainn rí Míḋe í, agus Dearḃḟorgaill fá hainm di. Adeir fós gurab a Sliaḃ Bláḋma ḟásas Siuir agus Feoir agus Bearḃa, giḋeaḋ ní fíor ḋó sin; óir is follus gurab a heudan Ṡléiḃe Bláḋma do’n leiṫ ṫoir ḟásas an Ḃearḃa, agus gurab a heudan Ṡléiḃe Aildiuin ris a ráiḋtear Sliaḃ an ḃearnáin i n-Uiḃ-Cairin ḟásas Siuir agus Feoir.
Adeir arís i san gcúigeaḋ caibidil fiċead do’n leaḃar tuarasgḃála tug ar Éirinn, gurab aṁlaiḋ doġníṫí rí Ċinéil gConaill, eaḋon Ó Doṁnaill, cruinniuġaḋ do ċur ar luċt a ṫíre ar ċnoc árd i n-a ḋúṫaiġ, láir ḃán do ṁarḃaḋ, a cur d’á bruiṫ i gcoire ṁór ar lár an ṁaċaire, agus iar n-a bruiṫ, a ḃeiṫ ag ól a hanḃruiṫ aṁail ġaḋar nó ċoin le n-a ḃeul, agus ḃeiṫ ag iṫe na feola as a láṁaiḃ gan sgín gan arm d’á gearraḋ aige, agus go roinneaḋ an ċuid eile do’n ḟeoil ar an gcoṁḋáil, agus go ḃfoṫruigeaḋ é féin as an anḃruiṫ. Is follus gur breugaċ an níḋ seo adeir Cambrens, do réir seanċusa na hÉireann; óir is aṁlaiḋ ḟoillsiġeas gurab aṁlaiḋ do gairṫí Ua Doṁnaill, i maille re suiḋe ḋó i measg uasal agus oireaċta a ċríċe féin, agus taoiseaċ d’uaisliḃ a ċríċe féin do ṡeasaṁ i n-a ḟiaḋnaise, go slait ndíriġ mbáin i n-a láiṁ, agus an tan do ḋáileaḋ do ríġ Ċinéil gConaill í, is eaḋ adeireaḋ ris, ceannas a ċríċe féin do ġaḃáil, ceart agus coṁṫrom do ċongḃáil idir gaċ dá roinn d’á ḋúṫaiġ; agus gurab uime do horduiġeaḋ an tslat do ḃeiṫ díreaċ bán, d’á ċur i gcuiṁne ḋó, gurab eaḋ do ḋliġfeaḋ ḃeiṫ díreaċ i n-a ḃreiṫeaṁnas, agus glan ionnraic i n-a ġníoṁaiḃ. Is iongnaḋ liom Cambrens do luaḋ na bréige seo, agus measaim gurab le meaḃail do ċuir síos i n-a ċroinic í. Óir is follus gur ḋaoine cráiḃṫeaċa caondúṫraċtaċa iad ó aimsir go haimsir, agus gur ṫréigeadar mórán díoḃ an saoġal, agus gur ċríoċnuiġsead a mbeaṫaiḋ go raṫṁar riaġalta, agus fós go dtáinig iomad do naoṁaiḃ díoḃ, mar atá Columcille, Baoiṫín, agus Aḋamnán, agus móran eile [do naoṁaiḃ naċ luaiḋfeam ann so]. Ní hinċreidṫe fós go dtiuḃradaois uaisle Éireann fulang do ríġ Ċinéil gConaill an nós barbarḋa úd luaiḋeas Cambrens do ḃeiṫ ar aiṫiḋe aige; agus an Creideaṁ Catoileaca ar marṫain aca, ó aimsir Ṗádraig go gaḃáltas Gall: agus d’á réir sin, measaim gurab breug ṁeaḃlaċ gan barántas do rinne Cambrensis ann so.