An Díonḃrollaċ. I.
Ó’n úġdar gus an léaġṫóir.
Cibé duine ’san mbioṫ ċuireas roiṁe Seanċus nó Sinnsearḋaċt críċe ar bioṫ do leanṁain nó do lorgaireaċt, is eaḋ ḋliġeas cinneaḋ ar an slíġe is soiléire noċtas fírinne stáide na críċe, agus dáil na foirne áitiġeas í, do ċur go soléir síos: agus do ḃríġ gur ġaḃas rém’ ais Foras Feasa ar Éirinn d’ḟaisnéis, do ṁeasas ar dtús cuid d’á leaṫtrom agus d’á heugcómlann d’eugnaċ; agus go háiriṫe an t-eugcoṁṫrom atá ag a ḋéanaṁ ar a háitiġṫeoiriḃ, mar atáid na Sean-Ġaill atá ’na seilḃ tuilleaḋ agus ceiṫre ċéad bliaḋan ó ġaḃáltas Gall i leiṫ, mar aon re Gaeḋealaiḃ atá ’na seilḃ (beagnaċ), re trí ṁíle bliaḋan. Óir ní ḟuil stáraiḋe ó ṡoin i leiṫ d’á scríoḃann uirre naċ ag iarraiḋ loċta agus toiḃéime do ṫaḃairt do Ṡean-Ġallaiḃ agus do Ġaedealaiḃ ḃíd.
Bíoḋ a ḟiaḋnaise sin ar an dteist doḃeir Cambrens, Spenser, Stanihurst, Hanmer, Camden, Barclaí, Morison, Dauis, Campion, agus gaċ Nua-Ġall eile d’á scríoḃann uirre ó ṡoin amaċ, ionnus gur b’é nós, beagnaċ, an ṗroimpiolláin doġníd, ag scríoḃaḋ ar Éireannċaiḃ. Is eaḋ, iomorro, is nós do’n ṗroimpiollán, an tan ṫógḃas a ċeann i san saṁraḋ, ḃeiṫ ar foluaṁain ag imṫeaċt, agus gan cromaḋ ar ṁion-scoiṫ d’á mbí ’san maċaire, nó ar ḃláṫ d’á mbí i luḃġort, gémaḋ rós nó líle uile iad, aċt ḃeiṫ ar fuaidreaḋ go dteagṁann bualtraċ bó nó otraċ capaill ris, go dtéid d’á unfairt féin ionnta. Mar sin do’n droing ṫuas; ní cromaḋ ar ṡuḃailciḃ nó ar ṡoiḃeusaiḃ na n-uasal do Ṡean-Ġallaiḃ agus do Ġaeḋealaiḃ do ḃí ag áitiuġaḋ Éireann re n-a linn do rinneadar, mar atá scríoḃaḋ ar a gcróḋaċt agus ar a gcráḃaḋ, ar ar’ ṫógḃadar do ṁainistreaċaiḃ, agus ar a dtugadar d’ḟearann agus d’ḟódaiḃ re haltóir ḋóiḃ; ar ar’ ḃronnadar do ṫearmannaiḃ d’ollaṁnaiḃ Éireann, agus ar gaċ cáḋas d’á dtugsad do ṗearsannaiḃ agus do ṗreuláidiḃ eaglaise: ar gaċ coṁall síoṫa d’á dtugdaois d’á n-ollaṁnaiḃ, agus ar gaċ coṫuġaḋ d’á dtugdaois do ḃoċtaiḃ agus do ḋílleaċtaiḃ; ar gaċ bronntanas d’a dtugdaois d’éigsiḃ agus do luċt iarratais, agus ar ṁéid a n-einiġ d’aoiḋeaḋaiḃ, ionnus naċ féadtar go fírinneaċ a ráḋ go raiḃe luċt a sáruiġṫe i ḃféile nó i n-eineaċ ’san Eoraip riaṁ do réir a gcumais féin i gcoṁaimsir ḋóiḃ. Bíoḋ a ḟiaḋnaise sin ar gaċ gairm scoile d’á dtugadar uaṫa (nós ná’r ċlos ag aon droing eile ’san Eoraip), ionnus go raiḃe an oiread soin d’éigean féile agus einiġ i Sean-Ġallaiḃ agus i nGaeḋealaiḃ Éireann, ná’r lór leo níḋ do ṫaḃairt do gaċ aon d’á dtiocfaḋ d’iarraiḋ neiṫ orra, gan cuireaḋ coitċeann do ṫaḃairt dóiḃ d’á dtoġairm re bronnaḋ seod agus maoine ḋóiḃ. Giḋeaḋ, ní haoin-níḋ ḋíoḃ so lorgairṫear le croiniciḃ Nua-Ġall na haimsire seo, aċt is eaḋ doġníd cromaḋ ar ḃeusaiḃ foḋaoine agus cailleaċ mbeag n-uiríseal, ar dtaḃairt maiṫ-ġníoṁ na n-uasal i ndearmad: agus an ṁéid ḃeanas ris na Sean-Ġaeḋealaiḃ do ḃí ag áitiuġaḋ an oiléin seo ria ngaḃáltas na Sean-Ġall, feuċtar an raiḃe dream ’san Eoraip buḋ ċróḋa ioná iad, re caṫuġaḋ re Róṁánċaiḃ fá iomċosnaṁ na hAlban: óir tugsad fo-deara ar Ḃreatainiḃ cloiḋe do ḋéanaṁ idir Ḃreatain agus Albain, do ċaoṁnaḋ na Breatan ar iomruagaḋ na nGaeḋeal; agus tar ċeann go mbídís dá ṁíle deug agus dá ḟiċid míle do ṡluaġ Róṁánaċ, agus dá ċéad ar marcuiġeaċt ag cosnaṁ an ċloiḋe, agus trí ṁíle fiċead mar aon riu coisliġṫe, agus trí ċéad deug marcaċ ag cosnaṁ crioslaiġ agus cuan na críċe (ar ḟoirneart na Scot agus na bPict); ṫairis sin do lingdís Gaeḋil tar an gcloiḋe, agus do hairgṫí an ċríoċ leó d’aiṁḋeoin na mór-ṡluaġ soin, do réir Samuel Daniel ’na ċroinic. Adeir fós Cormac mac Ċuileannáin i n-a Ṡaltair go dtáinig d’ḟoirneart Gaeḋeal agus Cruiṫneaċ, ré’ ráiḋtear Picti, ar Ḃreatain, go ndearnadar Breaṫnaiġ feall trí huaire ar uaċtaránaiḃ na Róṁánaċ do ḃí ós a gcionn, mar ċeannaċ ar ḃeiṫ do ṡíoṫ re Gaeḋealaiḃ agus re Cruiṫneaċaiḃ. Tuig fós an cuṁgaċ i n-ar ċuirsead Gaeḋil Breaṫnaiġ re linn Uortigern do ḃeiṫ ’na ríġ orra, d’á dtáinig é do ṫaḃairt buannaċta do Hengist go n-a ṡluaġ Gearmáineaċ, aṁail léaġtar ag Monomotensis. Léaġtar ag Samuel Daniel go raḃadar ceiṫre dún-ṗoirt deug ag Róṁánċaiḃ re huċt na Scot agus na bPict, agus go raḃadar na Scuit agus na Pict ag combuaiḋreaḋ na Breatan, d’aiṁḋeoin na Róṁánaċ ó aimsir Iuil Caesair go haimsir an treas Ualentinian Impir, frí ré cúig céad bliaḋan; agus is eaḋ fá haois do’n Tiġearna an tan do ṫréigsead Róṁánaiġ ceannas na Breatan seaċt mbliaḋna ceaṫraċad ar ċeiṫre ċéad, agus is do’n leiṫ istiġ do’n aimsir sin do ḟás easaonta idir Teodosius agus Maximus, go dtáinig de sin go rug Maximus foireann ṁór do luċt na Breataine leis go hArmorica na Fraince, ré’ ráiḋtear an Ḃreatain ḃeag, agus iar ndíbirt na foirne do ḃí rompa ’san tír tug ar an ḃfoirinn do ċuaiḋ leis an ċríoċ d’áitiuġaḋ, go ḃfuil drong d’á slioċt indiu innte.