An treas alt
Do ṁionroinn ar an Míḋe, agus ar na cúigeaḋaiḃ ann so.
Doġéan anois mionroinn ar an Míḋe, agus ar na cúigeaḋaiḃ ar ċeana; agus doḃéar tosaċ na ronna so do’n Ṁíḋe, go ḃfaisnéistear a fearainn, do ḃríġ gurab í fearann buird ríġ Éireann í, do réir na nGaeḋeal, agus go mbíoḋ saor gan dliġeaḋ, gan smaċt, gan ċáin ó neaċ i n-Éirinn, aċt ó ríġ Éireann aṁáin. Oċt dtrioċa deug líon a fearainn; trioċa baile ’san trioċa-ċéad díoḃ; dá ṡeisriġ deug fearainn i san mbaile, do réir an tseanċusa, agus sé fiċid acra ’san tseisriġ. Trí fiċid agus trí céad seisreaċ fearainn i san trioċa ċéad aṁlaiḋ sin. Ceiṫre fiċid agus ceiṫre céad agus sé míle seisreaċ fearainn i san Míḋe uile, do réir an áiriṁ seo. Is uime gairṫear Míḋe ḋi, do ḃríġ gurab do ṁéiḋe gaċ cúigiḋ do ḃean Tuaṫal Teaċtṁar í. Nó is uime gairṫear Míḋe ḋi, ó Ṁíḋe mac Braṫa, mic Deaġḟaṫa, príoṁ-draoi clainne Neiṁeaḋ; agus is leis do fadoiḋeaḋ an ċéid teine i n-Éirinn iar dteaċt clainne Neiṁeaḋ, agus láiṁ re hUisneaċ do ḟadoiḋ í. Do ḃronnadar clanna Neiṁeaḋ an tuaiṫ fearainn bí ann sin dó, agus ó’n draoi sin gairṫear Míḋe ḋi. Agus ní raiḃe d’ḟearann ’san Míḋe, mu’n am soin, aċt an aon tuaiṫ reaṁráiḋte, nó gur ċuir Tuaṫal Teaċtṁar méiḋe nó muinéal gaċ cúigiḋ léi, aṁail ro ráiḋsiom.
Do ṫeorantaċt na Míḋe ann so ris na cúigeaḋaiḃ, aṁail do orduiġ Tuaṫal Teaċtṁar; .i. mar ṫéid ó’n Sionainn soir go hÁṫcliaṫ, ó Áṫcliaṫ go haḃainn Riġe, ó aḃainn Riġe siar go Cluain Connraċ, ó Ċluain Connraċ go hÁṫ an Ṁuilinn Ḟrancaiġ, agus go cumar Ċluana hIoraird, as sin go Tóċar Cairbre, ó Ṫóċar Cairbre go Crannaiġ Ġéisille, go Druim Cuilinn, go Biorra, gus an aḃainn d’á ngairṫear Aḃainn Ċara, gus an Sionainn buḋ ṫuaiḋ, go Loċ Ríḃ, agus na hoiléin uile is leis an Míḋe iad: agus an tSionann go Loċ bó dearg, as sin go Maoṫail, as sin go hÁṫ-luain, as sin go Sgairḃ uaċtaraiġ, go Druim leaṫain, go soiċe an Máġ, go cumar Ċluana hEois, go Loċ-dá-eun, go Máġ Cnoġḃa, go Duiḃir, go Linn-áṫa-an-Daill ar Sliaḃ Fuaid, go Máġ an Ċosnaṁaiġ i gCill-tsléiḃe, go Snáṁ Eugnaċair, go Cumar, agus ó Ċumar go Life, aṁail adeir an seanċaiḋ: —
Ó Loċ bó dearg go Biorra, ó’n Sionainn soir go fairrge,
Go cumar Ċluana hIoraird, ’s go cumar Ċluana hairde.
Trí ṫrioċa deug i gcorp na Míḋe féin, agus cúig trioċa i mBreaġaiḃ, aṁail adeirṫear i sna rannaiḃ seo síos: —
Trí trioċa deug ’san Míḋe, mar adeir gaċ aoin-ḟile;
Cúig trioċa i mBreaġṁaiġ maiṫ — is meaṁair é re heolċaiḃ;
Críoċ Ṁíḋe inneosad daoiḃ, agus críoċ Breaġ go mór-ġnaoi;
Ó Ṡionainn na nGarrḋa nglan, go fairrge — do ḟeadamar;
Fir Ṫeaṫḃa ar imeall buḋ ṫuaiḋ, agus Cairbre go nglan-ḃuaiḋ;
Go líon gaċ saoiṫe ’s gaċ ndáṁ, fir ḃreaġ go nuige an Casán.
Do ronnaḋ an Ṁíḋe d’á éis so, le hAoḋ Oirdniḋe, rí Éireann, idir ḋá ṁac Donnċaiḋ mic Dóṁnaill, (fá rí Éireann roiṁ Aoḋ Oirdniḋe); Conċuḃar agus Oilioll a n-anmanna. Tug an leaṫ iarṫaraċ d’ḟior díoḃ, agus an leaṫ oirṫearaċ do’n ḟior eile, ionnus gur lean an roinn sin di ó sin i leiṫ; agus is innte atá an Ríoġṗort, Teaṁair.
Do roinn cúigiḋ Ċonnaċt ann so.
Cúigeaḋ Ċonnaċt ó Luimneaċ go Droḃaois: naoi gcéad baile biaḋtaiġ atá innte, agus deiċ dtrioċa fiċead sin; agus deiċ mbaile fiċead ’san trioċa-ċéad díoḃ, agus dá ṡeisriġ deug fearainn san mbaile. Sé fiċid acra ’san tseisriġ: oċt gcéad agus deiċ míle seisreaċ fearainn i gConnaċtaiḃ uile. Is uime gairṫear Connaċta ḋi: iomarḃaiḋ draoiḋeaċta tárla idir ḋá draoi do Ṫuaṫaiḃ Dé Danann, Ciṫneallaċ agus Conn a n-anmanna. Do rad Conn sneaċta mór timċioll an ċúigiḋ tré draoiḋeaċt, gonaḋ de ro hainmniġeaḋ Connaċta, eaḋon, sneaċta Ċuinn. Nó is uime gairṫear Connaċta, .i. Conn-ioċta, eaḋon, clanna Ċuinn, óir is ionann ioċt agus clann: agus do ḃríġ gurab iad clanna Ċuinn do áitiġ an cúigeaḋ, mar atáid slioċt Eoċaċ Moiġṁeaḋóin, gairṫear Connaċta ḋíoḃ. Rannais Eoċaiḋ Feiḋleaċ cúigeaḋ Ċonnaċt i n-a ṫrí cotċaiḃ idir ṫriar. Tug d’Ḟiḋeaċ mac Féiġ, d’ḟearaiḃ na craoiḃe, ó Ḟiḋic go Luimneaċ. Tug d’Eoċaiḋ Alaṫ, Iorras Doṁnann, ó Ġailliṁ go Duiḃ agus go Droḃaois. Tug do Ṫinne mac Ċonnraċ, Maġ Sainḃ, agus sean-tuaṫa Taoiḋean ó Ḟiḋic go Teaṁair Broġa niaḋ: is í Cruaċain a ríoġṗort.
Do roinn cúigiḋ Ulaḋ ann so.
Cúigeaḋ Ulaḋ ó Ḋroḃaois go hInnḃear Ċolpṫa, cúig trioċa deug ar ḟiċid; nó a sé deug ar ḟiċid atá ann. Naoi ḃfiċid agus naoi gcéad baile biaḋtaiġ ann. Trí fiċid naoi gcéad agus dá ṁíle deug seisreaċ fearainn i san gcúigeaḋ so uile. Is uime gairṫear Ulaiḋ ḋíoḃ, ó’n ḃfocal so oll-ṡaiṫ, .i. mór-ionnṁas, d’á ċur i gcéill gur móirionnṁasaċ Ulaiḋ do ṫaoiḃ éisg agus spréiḋe. Dearḃaiḋ an rann so gurab ionann saiṫ agus ionnṁas: —
Ceudaoin luiḋ Iudas tar órd, ar lorg deaṁan díoġalġarg;
Ceudaoin ro ġaḃ saint um ṡaiṫ; Ceudaoin ro ḃraiṫ Íosa árd.
Nó is uime ro gaireaḋ Ulaiḋ ḋíoḃ, ó Ollaṁ Fóḋla, mac Fiaċaiḋ fionn-scoṫaiġ, aṁail dearḃas an rann so: —
Ollaṁ Fóḋla feoċair-ġail, uaiḋ ro hainmniġeaḋ Ulaiḋ,
Iar ḃfír-ḟeis Teaṁraċ na dtreaḃ, is leis ar dtús ro hoirneaḋ.
Agus Eaṁain Máċa agus Aileaċ Néid a ríoġṗoirt.
Do roinn cúigiḋ Laiġean ann so.
Cúigeaḋ Laiġean, ó ṫráiġ Innḃeir Ċolpṫa go Cumar na dtrí n-uisge, aoin-trioċa deug ar ḟiċid ann. Deiċ mbaile fiċead agus naoi gcéad baile biaḋtaiġ sin: trí fiċid agus céad agus aoin-ṁíle deug seisreaċ i san gcúigeaḋ so uile. Is uime gairṫear Laiġin díoḃ ó na Laiġniḃ leaṫan-ġlasa tugsad DuḃĠaill leó i n-Éirinn an tan tángadar le Laḃraiḋ Loingseaċ; ionann, ċeana, Laiġean agus sleaġ. Agus do ḃríġ go raḃadar na sleaġa so go gceannaiḃ slinn-leaṫna orra, is uaṫa ro hainmniġeaḋ an cúigeaḋ. Iar marḃaḋ Ċoḃṫaiġ Ċaoilmbreáġ, rí Éireann i nDionnríoġ, ro ġaḃsad Laiġin ainmniuġaḋ. Is d’ḟoillsiuġaḋ gurab ó na sleaġaiḃ seo ro hainmniġeaḋ Laiġin do rinneaḋ an rann so: —
Dá céad ar ḟiċid céad Gall, go Laiġniḃ leaṫna leó anall;
Ó na Laiġniḃ sin, gan oil, díoḃ ro hainmniġeaḋ Laiġin.
Dá ṗríoṁlongṗort do ḃí i Laiġniḃ, i n-a gcleaċtadaois a ríoġraiḋ ḃeiṫ ’na gcoṁnuiḋe, eaḋon, Dionnríoġ agus Nás.
Do roinn cúigiḋ Eoċaiḋ Aḃradruaiḋ ann so.
Cúigeaḋ Eoċaiḋ Aḃradruaiḋ, ó Ċorcaiġ agus ó Luimneaċ soir go Cumar na dtrí n-Uisge; cúig trioċa deug ar ḟiċid ann. Deiċ mbaile seaċt ḃfiċid agus naoi gcéad baile biaḋtaiġ atá innte. Sé céad agus dá ṁíle deug seisreaċ fearainn atá ’san Múṁain ṫoir. Dá ríoġṗort coṁnuiġṫe do ḃíoḋ ag ríoġaiḃ an ċúigiḋ seo, eaḋon, Dún gCrot agus Dún Iasgaiġ.
Do roinn cúigiḋ Ċonraoi mic Dáire ann so.
Cúigeaḋ Ċonraoi mic Dáire ó Ḃealaċ Ċonglais [ag Corcaiġ] go Luimneaċ, agus ó Luimneaċ siar go hiarṫar Éireann. Cúig trioċa deug ar ḟiċid ann: a deiċ, seaċt ḃfiċid, agus naoi gcéad baile biaḋtaiġ ann sin. Sé céad agus ḋá ṁíle deug seisreaċ fearainn atá ’san Múṁain ṫiar. Dá ríoġṗort coṁnuiġṫe do ḃíoḋ ag ríoġaiḃ an ċúigiḋ seo i n-allód, mar atá, Dún gCláire agus Dún Eoċair Ṁáiġe.
Dá ṡlioċt do ḃíoḋ i seilḃ an dá ċúigeaḋ so Múṁan, mar atá, slioċt Dáirḟine agus slioċt Deirgṫine, go haimsir Oiliolla Óloim, do ṡlioċt Deirgṫine, do ġaḃ ceannas an dá ċúigeaḋ, iar n-ionnarbaḋ Mic Con a hÉirinn, do ḃí do ṡlioċt Dáirḟine. Agus do ḟágaiḃ ceannas an dá ċúigeaḋ ag a ṡlioċt féin ó sin anall; i maille re sealaiḋeaċt, gaċ re nglún, do ḃeiṫ ag slioċt Eoġain Ṁóir mic Oiliolla Óloim, agus ag slioċt Ċorbmaic Cais, (an dara mac d’Oilioll Óloim), i ḃflaiṫeas dá ċúigeaḋ Múṁan.
Na ceiṫre ríoġṗoirt reaṁráiḋte fá príoṁ-áruis coṁnuiġṫe do ríoġaiḃ an dá ċúigeaḋ seo, go haimsir Ċuirc mic Luiġḋeaċ do ḃeiṫ i ḃflaiṫeas Múṁan. Óir is re n-a linn friṫ Caiseal ar dtús; agus is é fá hainm do’n áit re’ ráiḋtear Carraig Ċaisil indiu, Sioṫḋruim. Do gairṫí fós Leac na gCéad agus Druim Fioḋḃuiḋe do’n ionad ceudna, óir do ḃádar iomad coillteaḋ timċioll an droma soin i n-aimsir Ċuirc. Tangadar, trá, dá ṁucaiḋe do ḃiaṫaḋ a dtorc fa ċoilltiḃ an droma so mu’n am soin, mar atá mucaiḋe ríġ Éile, Ciolarn a ainm, agus mucaiḋe ríġ Ṁusgraiḋe-tíre, d’á ngairṫear Urṁúṁa, Duirdre a ainm-sioṁ. Do ḃádar ag aiṫiḋe na tulċa feaḋ ráiṫe, gur taisealḃaḋ ḋóiḃ dealḃ buḋ coṁġlan ris an ngréin, agus buḋ binne ioná gaċ ceol d’á gcualadar riaṁ, agus í ag beannaċaḋ na tulċa agus an ḃaile, agus ag tairngire Pádraic do ṫeaċt ann. Agus is í dealḃ do ḃí ann, Uictor, aingeal Ṗádraic féin. Iar ḃfilleaḋ tar a n-ais d’á dtiġṫiḃ do na mucaiḋiḃ, noċtaid an níḋ seo d’á dtiġearnaḋaiḃ féin. Iar roċtain na sceul so go Corc mac Luiġḋeaċ, tig gan fuireaċ go Síoṫḋruim, agus do rinne longṗort ann, d’a ngairṫí Lios na laoċraiḋe; agus ar mbeiṫ ’na ríġ Múṁan dó, is ar an gcarraig d’á ngairṫear Carraig Ṗádraic anois do ġlacaḋ a ċíos ríoġḋa. Is aire gairṫear Caiseal do’n ċarraig sin, óir is ionann Caiseal agus Cíosáil: áil, iomorro, ainm do ċarraig; gonaḋ aire sin gairṫear Caiseal, eaḋon, carraig an ċíosa, do’n áit sin.
Ag so dearḃaḋ ar an níḋ seo, as an duain darab tosaċ, ‘Caiseal caṫair clann Ṁóġa,’ do rinne Ua Duḃagáin: —
Corc mac Luiġḋeaċ laoċḋa an fear, céid-ḟear ro ṡuiḋ i gCaiseal;
Fa ṁúiċ-ċiaċ do ḃí an baile, go ḃfuair é an dá aoḋaire.
Muiciḋe ríġ Ṁusgraiḋe i n-óir, Duirdre a ainm ’s ní heugcóir;
’S Ciolarn tre réiḋe ruiḃ, muiciḋe ríġ Éile oirḋeirc.
Is iad fuair fáṫ an ḃaile ar dtús i nDruim Fioḋḃuiḋe.
Druim Fioḋḃuiḋe gan loċt liḃ, ionṁaine le Corc Ċaisil.
Do ṁionroinn Múṁan ann so.
Iar roċtain, iomorro, dá ċúigeaḋ Múṁan do ṡlioċt Oiliolla Óloim, rannaid iad i n-a gcúig rannaiḃ, ar a dtugṫar na Cúig Múṁain. An ċéidṁír ar a dtugṫar Tuaḋ-Ṁúṁa, is é a fad ó Léim Ċongculainn go Sliġe Ḋála, .i. an Bealaċ mór i n-Osraiḋe, agus a tarsna ó Ṡliaḃ Eiċtġe go Sliaḃ Eiḃlinne. [Agus tar ċeann gurab do ṡean-roinn Ċonnaċt a ḃfuil o Ṡliaḃ Eiċtġe go Luimneaċ, maiseaḋ,] do rinne Luġaiḋ Meann, mac Aonġusa Tíriġ, mic Fir Ċuirb, mic Moġa Ċuirb, mic Ċorbmaic Cais, mic Oiliolla Óloim, fearann claiḋiṁ d’á ḃfuil ó Eiċtġe go Luimneaċ agus ó Ṡionainn siar go Léim Ċongculainn, gur ċuir leis an Múṁain é: agus is é ainm do gairṫí ḋe, Gairḃ-ḟearann Luiġḋeaċ, agus do ḃíoḋ sé saor ag Dál gCais gan cíos gan cánaiġ ó ríoġaiḃ Éireann. An dara mír Ur-Ṁúṁa, is é a fad ó Ġaḃran go Cnáṁċoill ag Tiobruid Árann, agus a tarsna ó Ḃéarnan Éile go hOiléan Uí Ḃric. An treas mír, eaḋon Meaḋon Múṁan, is é a fad ó Ċnáṁċoill go Luaċair Ḋeaġaiḋ, agus a tarsna ó Ṡliaḃ Eiḃlinne go Sliaḃ Caoin. An ceaṫraṁaḋ mír, Deas-Ṁúṁa, is é a fad ó Ṡliaḃ Caoin go fairrge buḋ ḋeas. An cúigeaḋ mír Iar-Ṁúṁa, is é a fad ó Luaċair Ḋeaġaiḋ go fairrge siar, agus a tarsna ó Ġleann ua Ruaċta go Sionainn.
Do réir Ḃreasail Uí Ṫreasaiġ, an tan do roinneaḋ an Ṁúṁa ’na cúig míriḃ, do ḃíoḋ cúig aicme ’san mír, agus cúig buiḋne ’san aicme, agus cúig céad fear inḟeaḋma ’san mbuiḋin. Agus dá meastaoi neart Éireann uile an tan soin, is éigcneasta baraṁail na druinge do ṡaoil go ḃféadfaḋ an Roṁánaċ le ‘legion’ nó le dá ‘legion,’ Éire do ċur fa ġion gai agus claiḋiṁ [dó féin], agus Éireannaiġ do ṡíor ’na ndaoiniḃ gaisgeaṁla.
Is uime gairṫear Múṁa do’n dá ċúigeaḋ so Múṁan, .i. gurab mó, do ḃríġ gurab mó í ioná aon ċúigeaḋ eile d’Éirinn. Óir atáid cúig trioċa deug agus fiċe i ngaċ cúigeaḋ do’n dá ċúigeaḋ so Múṁan, agus gan an oiread soin i n-aon ċúigeaḋ eile i n-Éirinn. Óir, ar son go n-áirṁṫear a sé deug agus fiċe i gcúigeaḋ Ulaḋ, ní raiḃe aċt a trí deug agus fiċe innte go haimsir na gcúigeaḋaċ. Óir is é Cairbre Nia Fear rí Laiġean do léig trí trioċa-ċéad do Laiġniḃ, (mar atá ó Loċ an ċóigiḋ go fairrge), le cúigeaḋ Ulaḋ, i gcomaoin inġine Ċonċuḃair mic Neasa d’faġḃáil ’na mnaoi ḋó, aṁail adéaram d’á éis so i gcorp na stáire.
Cúig trioċa agus naoi ḃfiċid trioċa céad i n-Éirinn uile: deiċ mbaile agus dá ḟiċid, cúig céad agus cúig míle baile biaḋtaiġ atá innte: sé céad, agus sé míle, agus trí fiċid míle seisreaċ fearainn innte, do réir sean-ronna na nGaeḋeal. Tuig, a léaġṫóir, gurab mó, fa ḋó nó fa ṫrí, acra do ṫoṁas na nGaeḋeal, ioná acra do roinn Gall anois.
Do ṡuiḋiuġaḋ na hÉireann ann so.
Is é suiḋiuġaḋ atá ar Éirinn; an Spáin do’n leiṫ ṫiar-ṫeas di, an Ḟrainc do’n leiṫ ṫoir-ṫeas di, an Ḃreatain ṁór do’n leiṫ ṫoir di, Alba do’n leiṫ ṫoir-ṫuaiḋ, agus an t-aigéan do’n leiṫ ṫiar-ṫuaiḋ, agus do’n leiṫ ṫiar di. Agus ar cuma uiġe atá sí dealḃṫa, a bonn re hAlbain, soir buḋ ṫuaiḋ, a ceann ris an Spáin, siar buḋ ḋeas; agus do réir Ṁaginus, ag scríoḃaḋ ar Ptolomeus, is ceiṫre céime go leiṫ do’n ċrios grianda, d’á ngairṫear ‘Zodiacus,’ atá i n-a leiṫead; agus adeir an fear ceudna gurab sé huaire deug agus trí ceaṫraṁna ḃíos ar fad ’san ló is faide ’san mbliaḋain i san leiṫ is sia buḋ ḋeas d’Éirinn, agus oċt n-uaire deug ’san ló is faide i san leiṫ buḋ ṫuaiḋ. Fad na hÉireann ó Ċarn Uí Néid go Cloiċ an stocáin, agus a tarsna ó’n Innḃear mór go hIorrus Doṁnann.
Tuig, a léaġṫóir, naċ tré ḋearmad naċ luaiḋim ann so cuanta, náid caṫraċa, náid bailte móra Éireann; aċt go dtaḃair Camden agus na croiniciḋe nuaḋa so a dtuarasgḃáil síos go soiléir, agus naċ é so áit a gcuirṫe síos, aċt i dtús gaḃáltais Gall, lér’ horduiġeaḋ iad.