IX.
Ní leanta ḋúinn do ḃreugnuġaḋ na Nua-Ġall so níḋsa-ṁó, bíoḋ gurab iomḋa níḋ ċuirid síos i n-a stáiriḃ do féadfaiḋe do ḃreugnuġaḋ; do ḃríġ urṁór a scríoḃaid go maslaiġṫeaċ ar Éirinn, naċ fuil d’úġdarḋás aca re n-a scríoḃaḋ aċt innisin sceul ainteasdaċ do ḃí fuaṫṁar d’Éirinn, agus aineolaċ i n-a seanċus: óir is dearḃ, na saoiṫe do ḃí re seanċus i n-Éirinn, ná’r ḟóbradar solus do ṫaḃairt dóiḃsean ann, agus mar sin, ná’r ḃ’ḟéidir dóiḃ eolas do ḃeiṫ i seanċus nó i sean-dálaiḃ Éireann aca. Agus Cambrens, do ġaḃ ré’ ais barántas do ḋéanaṁ ar ċáċ, is cosṁail ris gurab dall nó daoi tug frais-eolas faḃaill dó, mar gur ḟágaiḃ gaḃáil Tuaiṫe Dé Danann gan luaḋ do ḋéanaṁ uirre, agus go raḃadar trí bliaḋna teasda do ḋá ċéad i gceannas Éireann, agus go raḃadar naoi ríoġa díoḃ i ḃflaiṫeas Éireann; agus é iar ngaḃáil ré’ ais ceud ġaḃála Éireann do ċur síos, gémaḋ í gaḃáil Ceasraċ í, agus naċ gaḃaid na seanċaḋa go cinnte mar ġaḃáil ria, tar ċeann go luaiḋtear leó i n-a leaḃraiḃ í. Measaim go fírinneaċ naċ raiḃe seaḋ aige i seanċus Éireann do lorgaireaċt, aċt gurab é aḋḃar fa’r ġaḃ do láiṁ scríoḃaḋ uirre le míṫeastaiḃ do ṫaḃairt ar a foirinn re n-a linn féin, agus ar a sinnsearaiḃ rompa: agus fós is gearr an uain do ḃí aige ar ċuartuġaḋ seanċusa Éireann, do ḃríġ naċar ċaiṫ aċt bliaḋain go leiṫ ris gan dul go Sacsaiḃ; agus ar mbeiṫ d’á stáir gan ḃeiṫ críoċnuiġṫe, do-ḟágaiḃ cuid leiṫ-ḃliaḋna teasda ḋi ar ċúram ‘compáin’ dó féin, d’ar ḃ’ainm Bertram Uerdon.
Uime sin, atá dóiġ agam cibé léaġṫóir coṁṫrom léiġfeas gaċ breugruġaḋ d’á ndéinim ar Ċambrens, agus ar na Nua-Ġallaiḃ seo leanas a lorg, gurab mó ċreidfeas an breugnuġaḋ doġním ar a mbreugaiḃ ioná do’n innisin sceul doġníd cáċ, óir atáim aosda, agus drong díoḃ-san óg; do ċonnairc mé agus tuigim príṁ-leaḃair an tseanċusa, agus ní ḟacadar-san iad, agus dá ḃfaicdís, ní tuigfiḋe leó iad. Ní ar ḟuaṫ ná ar ġráḋ droinge ar bioṫ seaċ a ċéile, ná ar ḟuráileaṁ aonduine, ná do ṡúil re soċar d’ḟaġḃáil uaiḋ, ċuirim róṁam stáir na hÉireann do scríoḃaḋ, aċt do ḃríġ gur ṁeasas ná’r ḃ’oirċeas coṁonóraiġe na hÉireann do ċríċ, agus coṁ-uaisle gaċ foirne d’ár áitiġ í, do ḋul i mbáṫaḋ, gan luaḋ ná iomráḋ do ḃeiṫ orra: agus measaim gurab córaide mo ṫeist do ġaḃáil ar Éireannċaiḃ ar an tuarasgḃáil doḃeirim, do ḃríġ gurab ar Ġaeḋealaiḃ is ro-ṁó ṫráċtaim. Cibé lé n-ab mór a n-abraim riu, naċ inṁeasta go mbéarainn breaṫ le báiḋ ag taḃairt iomad molta tar mar do ṫuilleadar orra, agus mé féin do Ṡean-Ġallaiḃ do réir bunaḋasa.
Má atá, iomorro, go moltar an fonn leis gaċ stáraiḋe d’á scríoḃann ar Éirinn, díommoltar an ḟoireann leis gaċ Nua-Ġall-stáraiḋe d’á scríoḃann uirre, agus is leis sin do gríosaḋ mise do ċum na stáire seo do scríoḃaḋ ar Éireannċaiḃ, ar ṁéid na truaiġe do ġaḃ mé fa’n eugcóir ḟollusaiġ doġníṫear orra leó. Dá dtugadaois, trá, a ḃfír-ṫeist féin ar Éireannċaiḃ, ní ḟeadar creud as naċ cuirfidís i gcoiṁmeas re haoin-ċineaḋ ’san Éoraip iad i dtrí neiṫiḃ, mar atá, i ngaisgeaṁlaċt, i léiġeantaċt, agus i n-a mbeiṫ daingean i san gcreideaṁ Catoileaca: agus an ṁéid ḃeanas re naoṁaiḃ Éireann, ní raċaḋ d’á ṁaoiḋeaṁ créad a líonṁaire do ḃádar, do ḃríġ go ḃfuilid úġdair coigcríċe na hEorpa ag a adṁáil, agus go n-abraid gur líonṁaire Éire fa naoṁaiḃ ioná aoin-ċríoċ i san Eoraip; agus fós go n-adṁaid go raiḃe árdḟlaiṫeas na fóġluma i n-Éirinn coiṁ-líonṁar [agus] sin gur ḃrúċt sí foirne fóġlumṫa uaiṫe do’n Ḟrainc, do’n Iotáile, do’n Ġearmaine, go Flondrus, go Sacsain, agus go hAlbain, mar is follus as an mbrollaċ atá ag an leaḃar i n-ar’ scríoḃaḋ beaṫa Ṗádraic, Ċoluimcille, agus Ḃríġde i mBeurla: agus an ṁéid ḃeanas re seanċus Éireann, is inṁeasta go raiḃe barántaṁail, do ḃríġ go nglántaoi i ḃFeis Teaṁraċ gaċ treas bliaḋain é, do láṫair uaisle, eaglaise, agus ollaṁan Éireann; agus ó do ġaḃadar Éireannaiġ creideaṁ, do cuireaḋ ar ḟorlaṁas préalaideaḋ eaglaise [é]. Bíoḋ a ḟiaḋnaise sin ar na príṁ-leaḃraiḃ seo síos, atá re a ḃfaicsin fós, mar atá Leaḃar Árda-Máċa; Saltair Ċaisil, do scríoḃ Cormac naoṁṫa mac Ċuileannáin (rí dá ċúigeaḋ Múṁan agus áirdeaspog Ċaisil); Leaḃar na hUaċongṁála; Leaḃar Ċluana heiḋneaċ Fionntain i Laoiġis; Saltair na Rann, ro scríoḃ Aonġus Céile Dé; Leaḃar Ġlinne-dá-loċ; Leaḃar na gCeart, ro sgríoḃ Beinén naoṁṫa mac Seisgnéin; Uiḋir Ċiaráin, ro scríoḃaḋ i gCluain-ṁic-nóis; Leaḃar Buiḋe Moling, agus Leaḃar Duḃ Molaga. Ag so síos suim na leaḃar do ḃí scríoḃṫa ionnta-san, mar atá, an Leaḃar Gaḃála, Leaḃar na gCúigeaḋ, Réim Ríoġraiḋe, Leaḃar na n-Aos, Leaḃar Coṁaimsearḋaċta, Leaḃar Dinnseanċuis, Leaḃar Bainseanċuis, an leaḃar d’á ngairṫí Cóir anmann, an leaḃar d’á ngairṫí Uraiċeapt, ro scríoḃ Ceannfaolaiḋ na fóġluma, agus an leaḃar d’á ngairṫear Aṁra Ċoluimcille ro scríoḃ Dallán Forgaill go grod i ndiaiḋ báis Ċoluimcille. Atáid fós iomad do stáiriḃ eile ré a ḃfaicsin i n-Éirinn, i n-éagmais na bpríṁ-leaḃar do luaiḋeamar, mar a ḃfuil mórán seanċusa ré a ḟaisnéis, mar atá Caṫ Ṁuiġe Muccraiṁe, Forḃais Droma Dáṁġaire, Oiḋiḋ na gCuraḋ, Caṫ Ċrionna, Caṫ Fionnċoraḋ, Caṫ Ruis na Ríoġ, Caṫ Ṁuiġe Léana, Caṫ Ṁuiġe Raṫ, Caṫ Ṁuiġe Tualaing, agus mórán do stáiriḃ eile naċ luaiḋfeam ann so. Is móide fós is inṁeasta seanċus Éireann do ḃeiṫ barántaṁail, mar do ḃí ós cionn dá ċéad ollaṁ re seanċus ag coiméad seanċusa na hÉireann, agus coṫuġaḋ ó uaisliḃ Éireann ag gaċ aon díoḃ d’á ċionn, agus froṁaḋ uaisle agus eaglaise Éireann orra ó aimsir go haimsir. Is móide, mar an gceudna, is inċreidte ḋó an ársaiḋeaċt atá ann, agus, fós, naċ deaċaiḋ béarnaḋ ná múċaḋ air le foirneart eaċtrann. Óir, tar ċeann go raḃadar Loċlonnaiġ ag buaiḋreaḋ Éireann seal, do ḃí an oiread soin d’ollaṁnaiḃ ag coiméad an tseanċusa, gur caoṁnaḋ suim an tseanċusa leó, bíoḋ go ráinig iomad do leaḃraiḃ na Loċlonnaiġ. Giḋeaḋ, ní mar sin do ċríoċaiḃ eile na hEorpa, do ḃríġ gur ṁúċadar Róṁánaiġ, Galli, Goti, Uandali, Sacsanaiġ, Saraceni, Múraiġ agus Loċlonnaiġ a seanċus i ngaċ ruaṫar ríoġ d’á dtugadar fúṫa: giḋeaḋ, ní ṫáinig d’aon-droing díoḃ-san Éire d’argain, do réir Ċambrens, ’san seiseaḋ caibidil a’s dá ḟiċid, mar a n-abair, ag laḃairt ar Éirinn: – “Do ḃí Éire saor ó ṫús ó ruaṫar an uile ċiniḋ ċoigcríċe.” As so is iontuigṫe go raiḃe Éire saor ó iomruaṫar náṁad lé’ múċfaiḋe a seanċus agus a sean-dála; agus ní mar sin d’aoin-ċríċ eile ’san Eoraip. Uime sin measaim gurab córa creideaṁain do ṡeanċus Éireann ioná do ṡeanċus aoin-ċríċe eile ’san Eoraip, agus fós mar do sgagaḋ le Pádraic, agus le naoiṁ-ċléir Éireann é, ó aimsir go haimsir.
Giḋeaḋ, tuig, a léaġṫóir, go ndéarna mé malairt ar an áireaṁ bliaḋan innistear do ḃeiṫ i ḃflaiṫeas beagáin do ríoġaiḃ págánta na hÉireann seaċ mar cuirṫear síos i san Réim Ríoġraiḋe, agus i sna duantaiḃ atá cumṫa orra é; agus is é is fáṫ ḋam ċuige sin naċ faġḃaim ag teaċt le háireaṁ na n-aimsear ó Áḋaṁ go gein Ċríost, do réir úġdair ḃarántaṁail ar bioṫ coigcríċe iad. Aḋḃar eile fós atá agam, go ḃfaicṫear ḋam go dtugṫar áireaṁ éigcneasda bliaḋan do ḋroing ḋíoḃ, mar atá Síorna saoġlaċ, d’á dtugṫar trí ċaogaid bliaḋan, agus go léaġtar linn i sein-leaḃar Gaḃála go raiḃe Síorna céad bliaḋan sul do ġaḃ flaiṫeas Éireann, agus dá gcuirinn síos a ḃeiṫ i ḃflaiṫeas trí ċaogaid bliaḋan, ní creidfiḋe mé. Uime sin, doḃeirim bliaḋain agus fiċe ḋó, do réir an rainn atá ’n-a ḟlaiṫeas, naċ tugann do Ṡíorna aċt bliaḋain agus fiċe, mar ḃus follus do’n léaġṫóir. Doḃeirid caoga bliaḋan do ḟlaiṫeas do Ċoḃṫaċ Caolmbreáġ, giḋeaḋ ní hiontugṫa ḋó aċt tríoċa: óir Moirriaṫ inġean Scoirriaṫ, rí Ċorca Ḋuiḃne, tug gráḋ do Ṁaon, d’á ngairṫí Laḃruiḋ Loingseaċ, ar mbeiṫ ar deoraiḋeaċt i dtiġ a haṫar ḋó ’na ógán, agus íse ’na hainnir óig; agus ar dteaċt ó n-a ḋeoraiḋeaċt i n-Éirinn dó, agus iar marḃaḋ Ċoḃṫaiġ, is í do buḋ bainċéile ḋó, agus do ċuir slioċt air. Mar sin, dá dtugainn caoga bliaḋan flaiṫis do Ċoḃṫaċ, do ḃiaḋ sise trí fiċid bliaḋan, an tan rug clann do Laḃruiḋ Loingseaċ, agus ó naċ féidir so do ḃeiṫ fírinneaċ, níor ḃ’ḟéidir Coḃṫaċ do ḃeiṫ i ḃflaiṫeas caoga bliaḋan. Mar sin, ar ḟáṫaiḃ eile, doġním malairt ar áireaṁ bliaḋan flaiṫis beagáin do ríoġaiḃ Éireann ria gcreideaṁ: aċt measaim naċ tré ainḃfios na seanċaḋ táinig an ṁalairt áiriṁ seo do ḋéanaṁ, aċt tré ainḃfios na droinge do scríoḃaḋ ’na ndiaiḋ, do ḃí gan ealaḋain aca aċt scríḃneoireaċt aṁáin do ḋéanaṁ: agus mar do ṫréigeadar Éireannaiġ ó’n tráṫ fa ráinig forlaṁas Éireann do Ġallaiḃ gan an froṁaḋ do cleaċtaoi leó do ḋéanaṁ gaċ treas bliaḋain ar an seanċus, agus go dtugadar ollaṁain an tseanċusa faill i n-a ġlanaḋ, iar gcaill an tearmainn agus an tsoċair do cleaċtaoi leó d’ḟaġḃáil ó Ġaeḋealaiḃ a los an tseanċusa do ċongḃáil ar bun; agus fós mar do ḃíoḋ easaonta ġnáṫaċ idir Ġallaiḃ agus Ġaeḋealaib i n-Éirinn, ré’ gcuirṫí míoṡuaiṁneas ar na hollaṁnaiḃ d’á gcur ó ḟroṁaḋ, agus ó ġlanaḋ an tseanċusa ó aimsir go haimsir.
Agus dá gcuireaḋ aoinneaċ i n-iongantas an neiṁṫeaċt ré’ ċéile atá ag cuid d’úġdaraiḃ an tseanċusa ’san áireaṁ aimsire atá ó Áḋaṁ go gein Ċríost, is neiṁ-iongnaḋ é, do ḃríġ gur beag d’úġdaraiḃ barántaṁla na hEorpa uile ṫig ré’ ċéile ar ċoṁáireaṁ na haimsire ceudna. Bíoḋ a ḟiaḋnaise sin ar an neiṁṫeaċt ré’ ċéile doġníd na príoṁ-úġdair seo síos: —
Ar dtús do na húġdaraiḃ Eaḃruiḋeaċa: —
Baalsederhelm, 3518: na Talmudisti, 3784: na Nuaḋ-Rabbiḋe, 3760: Rabbi Nahsson, 3740: Rabbi Léḃi, 3786: Rabbi Maoise, 4058: Ioséṗus, 4192.
Do na húġdaraiḃ Greugaċa: —
Metrodorus, 5000: Eusebius, 5190: Teoṗilus, 5476.
Do na húġdaraiḃ Laidianda: —
Sanctus Hieronimus, 3941: Sanctus Augustinus, 5351: Isidóir, 5270: Orosius, 5199: Béda, 3952: Alṗonsus, 5984.
[Ag so áireaṁ an dá ḟear ḋeug agus trí fiċid ar na ceiṫre ceud aosaiḃ do’n doṁan, maille ris an áireaṁ tugsad na daoine feasaċa fóġlumṫa do lean iad ’san lorg díreaċ, ar na haosaiḃ ó ċruṫuġaḋ an doṁain go gein Ċríost, ar n-a roinn ’na gcúig rannaiḃ, .i. ó Áḋaṁ go dílinn, 2242, ó’n dílinn go hAbraham 942, ó Abraham go Daḃiḋ, 940, ó Daḃiḋ go bruid na Babiolóin, 485, ó’n ḃruid go gein Ċríost [590]: — Summa 5199: is uime do ċuireadar na daoine úġdarḋa do lean an dá ḟear seaċtṁoġad an cúigeaḋ aimsir le n-a n-aimsir féin, do ḃríġ gurab aṁlaiḋ coiṁlíontar an aimsir seo, 5199, ó ċruṫuġaḋ Áḋaiṁ go gein Ċríost: agus is do na húġdaraiḃ leanas an dá ḟear seaċtṁoġad i sna ceiṫre ceud aimsearaiḃ, eaḋon, Eusebius, áirṁeas ’na ċroinic ó ċruṫuġaḋ an doṁain go gein Ċríost, 5199; Orosius, ’san ċeud ċaibidil d’á ċéid leaḃar, adeir go ḃfuil ó Áḋaṁ go hAbraham, 3184, agus ó Abraham go gein Ċríost, 2015; agus is í a suim araon, 5199. Aduḃairt S. Hieronimus i n-a epistil ċum Tituis, ná’r coiṁlíonaḋ sé míle bliaḋan d’aois an doṁain go gein Ċríost. Adeir, (tráṫ), Augustinus naoṁṫa i san deaċṁaḋ caibidil do’n dara leaḃar deug ‘de ciuitate Déi,’ naċ áirṁṫear sé míle bliaḋan ó ċruṫuġaḋ an doṁain go gein Ċríost. Cuirṫear ’na leiṫ sin araon, go dteagaid leis an luċt áiriṁ seo, i n-uiṁir contais ó ċruṫuġaḋ an doṁain go gein Ċríost naoi mbliaḋna deug ar ċeiṫre fiċid ar ċéad ar ċúig ṁíle. Dearḃaḋ eile ar an áireaṁ ceudna, an “Martirologia” Róṁánaċ, ḋeiṁniġeas iomláine na n-aos so, ó ċruṫuġaḋ Áḋaiṁ go gein Ċríost, cúig míle, céad, noċa, agus a naoi.]
Agus mar naċ tigid na príoṁ-úġdair seo le n-a ċéile ar áireaṁ na haimsire atá ó Áḋaṁ go gein Ċríost, ní hiongnaḋ neiṁṫeaċt lé’ ċéile do ḃeiṫ ag cuid do ṡeanċaḋaiḃ na hÉireann ar an áireaṁ gceudna. Giḋeaḋ, ní fuaras eadorra áireaṁ is mó ṡaoilim do ḃeiṫ fírinneaċ ioná an t-áireaṁ doġní drong díoḃ doḃeir ceiṫre míle, caoga, a’s dá ḃliaḋain, do’n aimsir ó Áḋaṁ go gein Ċríost; agus is eaḋ is mian liom an t-úġdar barántaṁail is foigse ṫig do’n áireaṁ so do leanṁain i gcoṁaimsearḋaċt na n-árdḟlaiṫeaḋ, na n-aos, na bpápaḋ, agus na ngcoṁairleaḋ gcoitċeann i ndeireaḋ an leaḃair i n-a n-áitiḃ cinnte féin.
Dá gcuireaḋ neaċ i n-iongantas orm, créad as a dtugaim iomad rann mar ṡuiḋeaṁ ar an stáir as an seanċus, mo ḟreagraḋ air gurab é is fáṫ ris sin dam gur ċumadar úġdair an tseanċusa suim iomlán an tseanċusa i nduantaiḃ, ionnus gurab luġaide doġéantaoi malairt ar an seanċus é, agus fós gurab aṁlaiḋ is mó do cuirṫí do ṁeaṁair leis na macaiḃ fóġluma do ḃíoḋ aca é: óir is tré ḃeiṫ i méadarḋaċt dána do gairṫí Saltair na Teaṁraċ do’n ṗríṁleaḃar do ḃíoḋ ar ḟorlaṁas ollaṁan ríoġ Éireann féin, agus Saltair Ċaisil do ċroinic Ċormaic mic Ċuileannáin, agus Saltair na Rann do ċroinic Aonġusa Céile Dé: óir, mar is ionann ‘salm’ agus duan nó dán, is ionann saltair nó ‘psalterium’ agus duanaire, i n-a mbiaḋ iomad do ḋuantaiḃ nó do ḋántaiḃ; agus do ḃríġ gurab i nduantaiḃ atá cnáiṁ agus smior an tseanċusa, measaim gurab oirċeas dam cinneaḋ mar úġdarḋás air, ag tráċtaḋ ar an seanċus. Is uime aduḃart go minic i gcoinne na n-úġdar do breugnuiġeaḋ linn, go raiḃe an seanċus ’na n-aġaiḋ, do ḃríġ gur ṁeasas gur ṁó d’úġdarḋás an seanċus do ḃí coitċeann, agus do froṁaḋ go minic, aṁail aduḃramar, ioná aon úġdar aṁáin go haonaránaċ d’á ḃfuil ’san seanċus.
Cuirid drong i n-iongantas cionnus buḋ ḟéidir seanċus aon duine do ḃreiṫ go hÁḋaṁ. Mo ḟreagraḋ air sin, gur ḃ’urus do Ġaeḋealaiḃ iad féin do ċoiméad go hÁḋaṁ, do ḃríġ, ó aimsir Ġaeḋil i leiṫ, go mbídís draoiṫe aca do ċoiméadaḋ a nglúine geinealaiġ, agus a ndála i ngaċ turus d’á dtárla ḋóiḃ go roċtain Éireann, mar is iontuigṫe as an stáir síos: agus fós do ḃíoḋ báiḋ re healaḋain aca, do ḃríġ gurab i ngiall ar a ḟoġluim fuair Niul aṫair Ġaeḋil gaċ innṁe d’á ḃfuair; agus fós a ḟad atáid Gaeḋil gan a malairt i seilḃ aoin-ċríċe aṁáin, agus feaḃas an orduiġṫe do ċuirsiod síos re coiméad an t-seanċusa, aṁail aduḃramar. Ag so síos sompla ó úġdar Breaṫnaċ, mar a dtaḃair geinealaċ ríġ do ḃí ar an mBreatain go hÁḋaṁ, as a measfaiḋ an léaġṫóir gurab ḟéidir do Ġaeḋealaiḃ an níḋ ceudna do ḋéanaṁ; agus is é ainm an úġdair Asser: ag so ainm an ríġ sin — Aelfred, mac Aetelṁuilf, mic Egbeirt, mic Etalmuind, mic Eafa, mic Eoṁua, mic Ingild, mic Coenreid, mic Ceolḃaild, mic Cudaim, mic Cutḃuin, mic Ċeaulin, mic Cinric, mic Creoda, mic Cerdic, mic Elesa, mic Geḃuis, mic Broind, mic Beild, mic Uodein, mic Fritilḃaild, mic Frealaf, mic Fritilṁuilf, mic Fingodṁuilf, mic Geada, mic Caetua, mic Beaḃua, mic Sceldua, mic Eremoid, mic Itermoid, mic Atra, mic hUala, mic Beduig, mic Iafeit, mic Naoi, ⁊ c., ⁊ c.
[Ag so díonḃrollaċ, nó brollaċ cosnaiṁ Forais Feasa ar Éirinn, mar a ḃfuil suim seanċusa Éireann go cumair: atá ar n-a ṫiomsuġaḋ agus ar n-a ṫionól a príṁ-leaḃraiḃ seanċusa Éireann, agus a hiliomad d’úġdaraiḃ barántaṁla coigcríċe le Seaṫrún Céitinn, sagart agus doctúir diaḋaċta; mar a ḃfuil suim ċumair príoṁ-ḋála Éireann ó Ṗarṫalón go Gaḃáltas Gall: agus cibé ṫoigeoras scríoḃaḋ go foirleaṫan líonṁar ar Éirinn d’á éis so, doġéaḃaiḋ i sna sein-leaḃraiḃ ceudna mórán do neiṫiḃ inscríoḃṫa uirre do fágḃaḋ amuiġ d’aon-toisg ann so, d’eagla gurab luġaide do ṫiocfaḋ an tsuim seo do ċum soluis, iad uile do ċur i n-aon obair, ar a ṁéid do ḋuaḋ a gcur i n-aon-ċairt.]
Atá an stáir rannta ’na dá leaḃar: an ceud leaḃar noċtas dála Éireann ó Áḋaṁ go teaċt Ṗádraic i n-Éirinn; agus an dara leaḃar ó ṫeaċt Ṗádraic go Gaḃáltas Gall, nó gus an am so.
Saoilim naċ fuil léaġṫóir coṁṫrom soṡásuiġṫe lé’ mbeanann froṁaḋ do ḋéanaṁ ar ṡeanċus Éireann, aċt neaċ ḃus riaraċ ó n-a nduḃramar i san díonḃrollaċ so: agus dá dteagṁaḋ naċ lór leis gaċ sásaḋ d’á dtugaim uaim, is tar mo ḋíċeall-sa do raċaḋ. Uime sin, gaḃaim cead aige, agus gaḃaḋ agam, má ṫárla ḋam dul do’n tsliġe i n-aoinníḋ d’á n-abraim i san leaḃar so, óir má atá aoinníḋ inḃéime ann, ní ó ṁailís aċt ó aineolas atá.
Ḃur mboċt-ċara biṫḋíleas go bás,
SEAṪRÚN CÉITINN.