An treas alt deug.
Do ḃunaḋas Ċlainne Míleaḋ, d’á n-imṫeaċtaiḃ, agus d’á ndálaiḃ, d’á ngeinealaiġ, agus do gaċ toisg d’á dtárla ḋóiḃ ó Ḟéinius Farsaiḋ anuas go gaḃáil Éireann dóiḃ, ann so síos.
Ionnus, iomorro, go dtiocfaḋ linn bunaḋas ciniḋ Scoit do lorgaireaċt go préiṁ, eaḋon, go Iafeṫ: an dias mac is oirrḋearca do ḃí ag Iafeṫ, mar atá, Gomer agus Magóg. Cuiriḋ Maoise i san deaċṁaḋ caibidil do Ġenesis, mar a ndéin craoḃsgaoileaḋ ar ṡlioċt Iafeṫ, eaḋon, go raḃadar trí mic ag Gomer, mar atá, Ascenez, Riṗat agus Togorma: giḋeaḋ, ní ainmniġeann go cinnte clann Ṁagóg do réir a n-anmann. Ṫairis sin, do ḃríġ gurab ar ṡeanċaḋaiḃ ciniḋ Scoit atá d’ḟiaċaiḃ craoḃsgaoileaḋ cinnte na n-uasal do ġein ó Ṁagóg do leanṁain, agus go háiriṫe sleaċta Féiniusa Farsaiḋ, cuirfeam síos ann so craoḃsgaoileaḋ sleaċta Ṁagóg, do réir an Leaḃair Gaḃála d’á ngairṫear Cin Droma Sneaċta, agus sul táinig Pádraic i n-Éirinn do ḃí an t-úġdar soin ann. Is eaḋ adeir, go raḃadar triar mac ag Magóg, mar atá, Báaṫ, Iobáṫ agus Fáṫaċta. Ó Ḃáaṫ táinig Féinius Farsaiḋ, sinnsear sleaċta Ġaeḋil: ó Iobáṫ tángadar Amazones, Bactriani agus Parti: ó Ḟáṫaċta táinig Parṫolón [do ċéad ġaḃ Éirinn iar ndílinn], agus Neiṁeaḋ mac Agnomain, agus, d’á réir sin, Fir Bolg agus Tuaṫa Dé Danann [aṁail aduḃramar ṫuas i sna gaḃálaib]. Is ar ṡlioċt an Ḟáṫaċta so táinig Attila mór, do ċuir Pannonia fa n-a smaċt, agus baoi cian d’aimsir ag coiṁmeasgaḋ flaiṫis na Róṁa, do scrios agus do ḋíbir Aquileia, agus tug iomad ruaṫar fó’n nGearmáin. Is ó’n Scitia fós, do ṡlioċt Ṁagóg do réir a mbunaḋasa, Zeliorbes, rí na ‘Hunnorum’ do ḃí i gcogaḋ ar Iustinian Impir. Is ó’n Scitia, tra, tángadar Longobardi, Hungari agus Goti uile. Is ó’n Scitia, mar an gceudna, Dauni ó raiḋtear Daunia ’san Iotáile, agus is é ainm na tíre sin indiu, Apulia. Is ó’n Scitia fós tángadar na Túrcaiġ. Cá dtáim ris? adeir Bucananus, lorgaire seandaċta craoḃsgaoiliḋ an doṁain ar aiṫris Epiṗanius gur ġaḃadar luċt na Scitia árdḟlaiṫeas go grod i ndiaiḋ dílinne, agus go raiḃe a ḃflaiṫeas ar marṫain go hanḟlaiṫeas na Babilóine. Adeirid na húġdair ceudna gurab ó’n Scitia doġeiḃdís na críoċa eile reaċta agus dliġṫe agus orduiġṫe, agus fós gurab iad céid ċineaḋ do ṫionsgain ḃeiṫ onóraċ d’éis dílinne iad. Adeir Ioannes Boemus ’san naoṁaḋ caibidil do’n dara leaḃar ro scríoḃ do ḃeusaiḃ an uile ċiniḋ, ná’r’ clóḋ luċt na Scitia le hárdḟlaiṫeas ar bioṫ. Adeir Ioseṗus gurab Magógai ġairid na Greugaiġ do luċt na Scitia. Adeir Ioannes Nauclerus go dtángadar daoine ar ṡlioċt na Scitia lé’ ndéarnaḋ gníoṁa róṁóra. Bíoḋ a ḟiaḋnaise sin ar Herodotus, ’san gceaṫraṁaḋ leaḃar, mar a n-abair gur ḋíbreadar luċt na Scitia Darius rí na Persia as an Scitia go maslaiġṫeaċ. Bíoḋ, mar an gceudna, a ḟiaḋnaise ar Iustin i n-a stáir, mar a noċtann d’árraċtas na ngníoṁ do rónsad luċt na Scitia; ag so briaṫra an úġdair seo: – “Do ḃádar, ar sé, do ġnáṫ luċt na Scitia gan cúṁaċt coigcríoċ do ḃuain riu, ná do ḃreiṫ a mbuaḋ: do ḋíbirsiod go maslaiġṫeaċ Darius rí na Persia as an Scitia; do ṁarḃsad Círus go líon a ṡluaiġ; do léirscriosaḋ leó Zopiron taoiseaċ sluaiġ Alexander Ṁóir go n-a ṡluaġ; do ċualadar neart na Róṁánaċ, agus níor ṁoṫuiġ siad riaṁ é.” As na briaṫraiḃ seo is iontuigṫe gurab mór an ċalmaċt agus an ċróḋaċt do ḃí i ḃfoirinn na Scitia go haimsir an úġdair seo.
Adeir Policronicon i san seaċtṁaḋ caibidil deug ar ḟiċid do’n ċéid leaḃar gurab ó’n ḃfocal so ‘Scitia’ gairṫear Scoit do ṡlioċt Ġaeḋil Ġlais, agus go ḃfios dam ní córa Gaill do ṫaḃairt ar an droing atá ag áitiuġaḋ i n-Éirinn anois, d’á ngairṫear Gaill, [ó Ġallia], eaḋon, ó’n ḃFrainc do réir a mbunaḋasa, ioná Scoit do ṫaḃairt ar Ġaeḋealaiḃ ó Scitia ó’ dtángadar féin do réir a mbunaḋasa: agus is uime sin gairṫear Greugaiġ Sciti do ṡlioċt Fáṫaċta mic Magóg do ġaḃ flaiṫeas i nGotia, i dTracia agus i n-Aċaia, [mar atá Parṫolón mac Searra go n-a ṫreaḃaiḃ], Neiṁeaḋ, mac Agnomain, ó’ ráiḋtear Clanna Neiṁeaḋ, Fir Bolg, agus Tuaṫa Dé Danann, do ḃríġ gurab ó’n Scitia do réir a mbunaḋasa iad uile: agus measaim gurab uime gairṫear Scoit go cinnte do ṡlioċt Ġaeḋil mic Niuil mic Féiniusa Farsaiḋ d’á ráinig árdḟlaiṫeas na Scitia, agus d’á ṡlioċt ’na ḋiaiḋ, agus gurab é Niul mac tánaise Féiniusa, agus naċ fuair coṁroinn críċe ar bioṫ, aṁail fuaradar coṁmbráiṫre Féiniusa críoċa as ar’ hainmniġeaḋ iad féin agus a slioċt. Uime sin d’orduiġ Niul d’á ṡlioċt, iad féin d’ainmniuġaḋ as an Scitia, agus Scoit do ṫaḃairt [d’ainm] orra do ṡior, do ḃriġ naċ raiḃe fearann ar biṫ ’na ṡeilḃ; agus ná’r ḟágaiḃ a aṫair aċt soċar na n-ealaḋan agus na n-ilḃeurla mar inṁe aige, iar ḃfágḃáil ríoġaċta na Scitia gan roinn ag Neanual, an mac fá sine ioná Niul.