VII.
Adeir Seon Barclaí, ag scríoḃaḋ ar Éirinn, na briaṫra so: – “Lag-ḃoṫáin tógḃaid (ar sé, ag laḃairt ar Éireannċaiḃ), go n-áirde duine, mar a mbíd féin agus a spréiḋ i n-aoin-tiġeas.” Measaim ar an gcromaḋ doġní an fear so ar ṫuarasgḃáil do ṫaḃairt ar airḋeanaiḃ agus ar árusaiḃ coilíneaċ agus foḋaoine mbeag ndearóil, naċ éigcneasda a ċoiṁmeas re proimpiollán, mar go gcromann ar a nós ar ṫuarasgḃáil do ṫaḃairt ar ċróḃoṫaiḃ boċtán agus daoine ndearóil, agus naċ gaḃann ré’ ais luaḋ ná iomráḋ do ḋéanaṁ ar ṗioláidiḃ palásda prionnsaṁla na n-iarlaḋ agus na n-uasal eile atá i n-Éirinn. Measaim fós naċ cion stáraiḋe dliġṫear do ṫaḃairt dó, ná do neaċ eile do leanfaḋ a lorg i san gcéim gceudna: agus mar sin, cuirim ó ṫeist d’aon-ḟocal Fines Morison, do scríoḃ go sgigeaṁail ar Éirinn; óir, bíoḋ go raiḃe a ṗeann cliste re scríoḃaḋ i mBeurla, ní ṡaoilim go raiḃe an ċiall do ḃí aige ar ċumas an ṗinn re fírinne do noċtaḋ, agus mar sin ní ṁeasaim gurab fiu é freagraḋ do ṫaḃairt air. Óir, an stáraiḋe ċuireas roiṁe tuarasgḃáil foirne ar bioṫ d’á mbí i gcríċ do ċur síos, dleaġair dó a dteist féin go fírinneaċ do ṫaḃairt orra, idir olc agus maiṫ; agus do ḃríġ gurab d’aon-toisg, tré olc agus tré an-ċroiḋe, (ar ḟuráileaṁ daoine eile, ag a raiḃe an rún ceudna d’Éireannċaiḃ), tug i ndearmad gan maiṫ na n-Éireannaċ do ṁaoiḋeaṁ, do léig de gan an riaġail buḋ inleanta do stáraiḋe do ċoiméad i n-a stáir, agus, mar sin, ní dleaġair cion stáire do ṫaḃairt ar a scríḃinn. Is iad, iomorro, riaġlaċa is ionċoiméadta re scríoḃaḋ stáire, do réir Polidórus, ’san ċéid leaḃar ro scríoḃ “de rerum inuentoribus,” mar a dtráċtann ar na riaġlaċaiḃ is ionċoiméadta re scríoḃaḋ stáire: ag so an ċéid riaġail ċuireas síos: – “an ċéid riaġail, naċ láṁaḋ aoinníḋ breugaċ do ráḋ.” An dara riaġail: — “go naċ láṁaḋ gan gaċ fírinne do ċur síos”: ag so briaṫra an úġdair: – “ionnus (ar sé) naċ biaḋ aṁras cáirdeasa nó mío-ċáirdeasa i san scríḃinn.” Adeir fós, i san áit ċeudna, go ndleaġair do’n stáraiḋe beusa agus beaṫa, coṁairleaċa, cúisi, briaṫra, gníoṁa, agus críoċnuġaḋ gaċ foirne d’á n-áitiġeann ’san gcríċ ar a’r ġaḃ do láiṁ scríoḃaḋ, idir maiṫ agus olc do noċtaḋ: agus do ḃríġ go dtug Fines Morison i ndearmad gan maiṫ na n-Éireannaċ do ċur síos, tug i ndearmad gan coiméad do ḋéanaṁ ar na riaġlaċaiḃ reaṁráiḋte, agus, d’á réir sin, ní cion stáire dleaġair do ṫaḃairt ar a scríḃinn.
Cibé do ċuirfeaḋ roiṁe mion-ċuartuġaḋ do ḋéanaṁ ar ṁí-ḃeusaiḃ nó lorgaireaċt ar loċtaiḃ foḋaoine, do b’urusa leaḃar do líonaḋ ḋíoḃ; óir ní ḃí dúiṫċe san mbioṫ gan daosgarṡluaġ. Feuċtar an-daoine na hAlban, brusgarṡluaġ na Breatan Móire, foḋaoine Flondruis, faingiḋe na Fraince, spriosáin na Spáinne, aos anuasal na hIotáile, agus daor-aicme gaċa dúiṫċe ó sin amaċ, agus doġéaḃṫar iomad ndoiḃeus ndaorċlannda ionnta; giḋeaḋ, ní hionċáinte an ċríċ go huiliḋe ar a son. Mar an gceudna, má táid doiḃeusa i gcuid do ḋaor-ċlannaiḃ Éireann, ní hionċáinte Éireannaiġ uile ar a son; agus cibé doġéanaḋ, ní ṁeasaim go ndliġṫear cion stáraiḋe do ṫaḃairt dó; agus ó’s mar so do rinne Fines Morison ag scríoḃaḋ ar Éireannċaiḃ, saoilim naċ dleaċtaċ cion stáraiḋe do ḃeiṫ air: — agus mar an gceudna adeirim re Campion.
Adeir Camden gurab nós i n-Éirinn na sagairt go n-a gclainn agus go n-a leannánaiḃ do ḃeiṫ ag áitiuġaḋ i sna teamplaiḃ, agus ḃeiṫ ag ól agus ag fleaḋuġaḋ ionnta: agus fós gurab nós innte mac an easpuig, mac an abbaḋ, mac an ṗríora agus mac an tsagairt do ġairm do ċlainn na gcléireaċ soin. Mo ḟreagraḋ air ann so gurab é am fa’r ṫionnsgnadar cliar Éireann an droċ-nós soin, i ndiaiḋ an t-oċtṁaḋ Henrí do ṁalairt a ċreidiṁ, agus, an tan soin féin agus ó sin i leiṫ, ní ċleaċtaḋ an droċ-nós soin aċt an ċuid díoḃ do lean d’á n-ainṁianaiḃ féin, agus do ḋiult do na huaċtaránaiḃ dliġṫeaċa do ḃí ós a gcionn. Tig Camden féin leis an ḃfreagraḋ so, mar a n-abair ag laḃairt ar Éirinn: – “Cibé drong díoḃ, (ar sé), doḃeir iad féin do riaġaltaċt, congḃaid iad féin go míorḃaileaċ i ngné ċruaḋdála riaġalta, ag fuireaċras, ag guiḋe, agus ag trosgaḋ d’á seargaḋ féin.” Ag so mar adeir Cambrens i san seaċtṁaḋ caibidil fiċead ag laḃairt ar ċléir Éireann mar an gceudna: — “Atá (ar sé ag laḃairt ar Éirinn) cliar na talṁan so soṁolta go lór i riaġaltaċt, agus i measg gaċ suḃailce eile d’á ḃfuil ionnta, do ṡáruiġ a ngeanmnaiḋeaċt na huile ṡuḃailce eile ionnta.” As so is iontuigṫe go raiḃe an ġeanmnaiḋeaċt ar marṫain ag cléir Éireann i n-aimsir Ċambrens: agus fós is iontuigṫe as so naċ iad gaċ aon drong do ċléir Éireann do ċleaċtaḋ an droċ-nós úd, aċt an drong ainṁianaċ do ḃlóḋaḋ a gcuing aṁáin, agus do ṫeiḋeaḋ go siosmaiticeaṁail i n-easuṁla ar a n-uaċtaránaiḃ eaglaise. Tig Stanihurst leis an níḋ seo i san stáir ro scríoḃ ar Éirinn an tan fá haois do’n Tiġearna ceiṫre bliaḋna ar ċeiṫre fiċid ar ċúig céad ar ṁíle. Ag so mar adeir: — “bí roiċion ag urṁór na n-Éireannaċ (ar sé), ar ċráḋḃaḋ nó ar riaġaltaċt.” As so is iontuigṫe naċ raiḃe an droċ-nós úd luaiḋeas Camden coitċeann i n-Éirinn, aċt ag an gcléir do ċlaon a gcuing aṁáin, [aṁail aduḃramar ṫuas].
Adeir Camden naċ mór an coiméad do ḃí ar ṗósaḋ i n-Éirinn ó ḃailtiḃ móra amaċ: giḋeaḋ ní fíor dó so, agus doḃeir masla mór d’ḟíor-uaisliḃ Éireann do ḃríġ gurab ar an tuaiṫ áitiġid a n-urṁór, idir Ġall agus Ġaeḋeal. Giḋeaḋ, ní abraim naċ bíd drong díoḃ ainṁianaċ, aṁail ḃíos i ngaċ uile ċríċ, naċ bíd uṁal d’á n-uaċtaránaiḃ eaglaise; agus, d’á réir sin, níor ḋliġṫeaċ do Ċamden an ċoir naċ raiḃe coitċeann do ċur i leiṫ na n-Éireannaċ áitiġeas i san tuaiṫ mar oilḃéim dóiḃ. Óir, dá raiḃe duine nó dias nó beagán ainṁianaċ ḋíoḃ, ní hionċáinte foireann na críċe uile ċuca-san: agus, d’á réir sin, ní cneasda do Ċamden [an níḋ] do ráḋ [gurab annaṁ ḃíos cion ar ṗósaḋ ag Éireannċaiḃ, aċt ag luċt bailte mór nó caṫraċ aṁáin]: agus an drong adeir go mbíoḋ an pósaḋ bliaḋna ar gnáṫuġaḋ i n-Éirinn, is dearḃ naċar cleaċtaḋ riaṁ innte é, aċt le daoiniḃ ainṁianaċa naċ bíoḋ uṁal d’uaċtaránaiḃ eaglaise, agus, d’á réir sin, ní hiontugṫa toiḃéim ċoitċeann d’Éireannċaiḃ tré ḃeagán do ḋaoiniḃ doṁúinte díoċoisge d’á ġnáṫuġaḋ.
Adeir Campion i san seiseaḋ caibidil do’n ċéid leaḃar d’á stáir, go mbíd Éireannaiġ ċoṁ soiċreidṁeaċ sin, ionnus cibé níḋ adéaraḋ a n-uaċtarán, dá doiċreidte é, go measaid a ḃeiṫ ’na ḟírinne, [agus] doḃeir fuair-sceul faḃaill leis ag a ṡuiḋiuġaḋ so. Mar atá, go raiḃe ‘préaláid’ ainṁianaċ i n-Éirinn, do ḃí ineaṁail re gaċ níḋ d’á n-aibeoraḋ do ċur ’na luiḋe ar a ṗobul, agus teirce airgid air: agus i ndóiġ go ḃfuiġḃeaḋ fóiriṫin uaṫa, noċtais dóiḃ, go raiḃe Pádraic do leiṫ istiġ do ḃeagán bliaḋan, agus Peadar ag imreasain ré’ raile do ṫaoiḃ gallóglaiġ Ġaeḋealaiġ do ḃí ag Pádraic ag a ċur isteaċ i ḃflaiṫeas Dé, agus gur ġaḃ fearg Peadar, agus leis sin gur ḃuail d’eoċair flaiṫis Dé Pádraic ’na ċeann, gur ḃris a ḃaiṫeas, agus adeir Campion go ḃfuair an ‘préaláid’ coṫuġaḋ tré san sceul so. Mo ḟreagraḋ air annso, gurab cosṁala é re cluiṫċeoir do ḃiaḋ ag reic sceul sgigeaṁail ar scafoll ioná re stáraiḋe. Óir, cionnus buḋ ḟéidir go gcreidfeaḋ Críostaiḋe ar bioṫ d’á raiḃe i n-Éirinn go mbrisfiḋe baiṫeas Ṗádraic, agus é iar ḃfaġḃáil báis tuilleaḋ agus míle bliaḋan ó ṡoin: agus fós gurab dearḃ leis gaċ aon gurab eoċair úġdarḋáis do ḃí ag Peadar, agus naċ eoċair iarainn lé’ mbrisfiḋe baiṫeas ar bioṫ. Uime sin, measaim gurab breug ḃaoṫánta do rinne Campion i san níḋ seo do ċumaḋ ar Éireannċaiḃ; agus do ḃríġ go n-adṁann féin ’san ‘epistil’ scríoḃas i dtús a leaḃair, naċar ċaiṫ aċt deiċ seaċtṁaine re scríoḃaḋ stáire na hÉireann, measaim naċ fiu é freagraḋ do ṫaḃairt ar ṫuilleaḋ d’á ḃreugaiḃ.
Ag so an teist doḃeir ‘Mr. Good,’ sagart Sacsanaċ do ḃí ag seolaḋ scoile i Luimneaċ, ar Éireannċaiḃ, an tan fá haois do’n Tiġearna, míle, cúig céad, sé bliaḋna a’s trí fiċid: – “Cineaḋ so (ar sé), atá láidir i gcorp, agus atá lúṫṁar, ag a mbí intinn ḟoirtill árd, intleaċt ġeur, ḃíos cogṫaṁail, neaṁċoigealtaċ ar a ḃeaṫaiḋ, ag a mbí fulang saoṫair, fuaċta, agus ocrais, ag a mbí claonaḋ re déanaṁ drúise, ḃíos rói-ċeannsa re haoiḋeaḋaiḃ, buainseasṁaċ i ngráḋ, doṡásuiġṫe i ḃfaltanas, ḃíos soiċreidṁeaċ, ḃíos fonnṁar ar ċlú d’faġḃáil, ḃíos neaṁḟoiġidneaċ ar ṁasla nó ar eugcóir d’ḟulang.” Ag so fós an teist doḃeir Stanihurst orra: – “dream ró-ḟuilngṫeaċ ar ṡaoṫraiḃ, tar an uile ċinéal do ḋaoiniḃ, agus is annaṁ ḃíos tláiṫ i nguasaċtaiḃ.”
Adeir Spenser gurab ó Éireannċaiḃ fuaradar na Sacsanaiġ aibġidir ar dtús, agus, d’á réir sin, ní raiḃe fios litearḋaċta ar bioṫ ag na Sacsanaiġiḃ go ḃfuaradar ó Éireannċaiḃ í.