IV.
Adeir Spenser i n-a ċroinic go raiḃe cor ag Egfrid, rí Nortumbrorum, ar Éirinn, agus ag Eadgar rí na Breatan, aṁail léaġtar ’san treas leaṫanaċ deug ar ḟiċid d’á stáir: giḋeaḋ ní fíor ḋó so, do ḃríġ go ḃfuil seanċus Éireann ’n-a aġaiḋ sin, agus fós atáid úġdair na Breatan féin ag a adṁáil ná’r ḟágḃadar na Sacsanaiġ sein-scríḃne ná seod-ċoṁarṫaiḋe aca re’ mbiaḋ fios dála na haimsire táinig rés na Sacsanċaiḃ aca. Óir adeir Gildas, sean-úġdar Breaṫnaċ, gur múċaḋ le Róṁánċaiḃ agus leis na Sacsanċaiḃ ‘monumenta’ nó seod-ċoṁarṫaiḋe na mBreaṫnaċ, agus d’á réir sin a seanċus. Tig Samuel Daniel leis an úġdar so ar an níḋ gceudna, ’san ċeud roinn d’á ċroinic, agus Rider ’san ḃfoclóir Laidne ro scríoḃ, mar a dtráċtann ar an ḃfocal so Britannia, agus fós adeir naċ ó Ḃrutus adeirṫear Britannia re Breatain, agus dámaḋ eaḋ go mbaḋ Brutia nó Brutica do gairfiḋe ḋí; agus do buḋ cosṁail dámaḋ ó Ḃrutus do gairfiḋe í, go luaiḋfeaḋ Iul Caesar, Cornelius Tacitus, Diodorus Siculus, nó Béada, nó sean-úġdar éigin eile créad ó’ ḃfuil an focal so Britannia; agus mar naċar ḃ’ḟeas dóiḃ créad ó ḃfuil ainm a gcríċe féin, níor ḃ’iongnaḋ iad do ḃeiṫ i n-ainḃfios i n-iomad do ḋálaiḃ seanda na Breatan, agus mar sin, ní hiongnaḋ Spenser do ḃeiṫ aineolaċ ionnta, mar an gceudna.
Is iongnaḋ an níḋ do ġaḃ Spenser ré’ ais, seanċus do leanṁain ar ċuid d’uaisliḃ na hÉireann, agus a ráḋ gurab Gaill do réir a mbunaḋais iad. Luaiḋtear, iomorro, seaċt sloinnte d’uaisliḃ Gaeḋeal leis, mar atá Mac Maṫġaṁna, Clann tSuiḃne, Clann tSíṫiġ, Clann Ṁic-Conmara, Caoṁánaiġ, Tuaṫalaiġ, agus Branaiġ. Adeir gurab ó Ursula, nó FitzUrsula, sloinneaḋ áta i Sacsaiḃ, táinig Mac Maṫġaṁna, agus gurab ionann ‘Ursula’ agus ‘Beare,’ agus gurab ionann ‘Beare’ agus mucgaṁain nó macgaṁain, agus d’á réir sin gurab ó’n tiġ ṫall táinig Mac Maṫġaṁna Ulaḋ. Mo ḟreagraḋ ar an ‘reusún’ so, ná’r ċóra Mac Maṫġaṁna Oirġiall do ṫeaċt ó’n tiġ ṫall mar sin, do réir sanasáin an ḟocail, ioná Mac Maṫġaṁna Tuaṫ-Ṁúṁan agus Ua Maṫġaṁna Cairbreaċ, agus mar naċ ó ṫiġ Fitz Ursula nó Beare i Sacsaiḃ cáċ, ní heaḋ Mac Maṫġaṁna Ulaḋ: aċt go fírinneaċ is do ṡlioċt Ċolla Dá-ċríoċ mic Eaċaċ Doiṁléin, [mic Ḟiaċaiḋ Sraiḃṫeine] mic Ċairbre Lifeaċair do ṡíol Eireaṁóin é. An dara cineaḋ, Clann tSuiḃne, adeir gurab ó ṫiġ i Sacsaiḃ d’á ngairṫear ‘Suyn’ tángadar; giḋeaḋ, ní hionann ‘Suyn’ agus Suiḃne, agus d’á réir sin ní ó’n tiġ ṫall táinig Mac Suiḃne, aċt go fírinneaċ is do Ċlannaiḃ Néill é: óir is ar ṡlioċt Aoḋa Aṫlaiṁ mic Ḟlaiṫḃeartaiġ an trostáin atá Mac Suiḃne. Adeir fós gurab do Ġallaiḃ Clann tSíṫiġ; giḋeaḋ ní fíor ḋó sin, óir is follus gurab do ṡlioċt Ċolla Uais iad, agus gurab ó Ṡíṫeaċ mac Eaċduinn mic Alasdair mic Ḋóṁnaill, ó’ ráiḋtear Clann nDóṁnaill Éireann agus Alban, tángadar. Adeir arís gurab do Ġallaiḃ Clann Ṁic Conmara, agus gurab ó’n gcineaḋ do Ġallaiḃ ré’ ráiḋtear ‘Mortimer’ tángadar; giḋeaḋ ní fior sin, óir is ó ḋuine d’ár ḃ’ainm Cúmara ráiḋtear Clann Ṁic Conmara riu: agus is é is sloinneaḋ cinnte ḋóiḃ Síol Aoḋa, agus is ó Ċaisin mac Ċais, mic Ċonaill eaċluaiṫ do ṡíol Eiḃir tángadar, aṁail léaġtar i gcraoiḃsgaoileaḋ Ḋál gCais. Adeir, mar an gceudna, gurab ó’n mBreatain Ṁóir tángadar na trí sloinnte seo, mar atá Síol mBrain, Tuaṫalaiġ agus Caoṁánaiġ; agus ní fírinneaċ an suiḋeaḋ doḃeir ar an níḋ seo, mar go n-abair gurab focail Ḃriottáinisi na trí focail úd. Ar dtús adeir gurab ionann ‘brin’ agus coillteaċ: [fágḃam gurab ionann ‘brin’ agus coillteaċ,] giḋeaḋ, ní ó’n ḃfocal so ‘brin’ adeirṫear Branaiġ, aċt ó ainm óglaoiġ d’árḃ’ ainm Bran Múit. An dara níḋ adeir gurab ionann ‘tol’ agus cnocaċ, [agus gurab uaiḋ sin adeirṫear Tuaṫalaiġ]: [fágḃaim gurab ionann ‘tol’ agus cnocaċ]; giḋeaḋ ní cosṁail ré’ raile ‘tol’ agus Tuaṫalaiġ, óir is ó ainm óglaoiġ d’árḃ’ ainm Tuaṫal atá: uime sin is breugaċ baraṁail Spenser. Adeir arís gurab ionann ‘caoṁán’ agus láidir, agus gurab uaiḋ adeirṫear Caoṁánaiġ. Mo ḟreagraḋ air, gurab ionann caoṁán agus neaċ caoṁ nó áluinn, agus gurab uime gairṫear Caoṁánaiġ do Ċaoṁánċaiḃ ó Ḋóṁnall Caoṁánaċ, mac Ḋiarmuda na nGall. Is uime do lean an forainm do Ḋóṁnall féin, a ḃeiṫ ar n-a oileaṁain i gCill Caoṁáin i n-íoċtar Laiġean; agus is do Ċinnsiolaċaiḃ do réir a sloinnte iad. Giḋeaḋ, is follus do réir fírinne an tseanċusa, [gurab do Ġaeḋealaiḃ na trí cineaḋa soin, agus] gurab do ṡlioċt Ḟiaċaiḋ Aiceaḋa mic Ċaṫaoir ṁóir rí Éireann na trí sloinnte seo, aṁail léaġtar i gcraoḃsgaoileaḋ Laiġean. Is iongnaḋ liom cionnus fuair Spenser ann féin láṁ do ċur i sna neiṫiḃ seo do ḃí ’na n-ainḃfios air, aċt aṁáin munab ar sgáṫ ḃeiṫ ’na ḟiliḋ tug cead cumadóireaċta ḋó féin; mar fá gnáṫ leisean agus le n-a ṡaṁail eile, iomad finnsgeul filiḋeaċta do ċumaḋ agus do ċóruġaḋ le briaṫraiḃ blasda, do ḃreugaḋ an léaġṫóra.