Ag so do ṡeanċus Éireann, agus do gaċ ainm d’á dtugaḋ uirre, agus do gaċ roinn d’á ndéarnaḋ uirre, agus do gaċ gaḃáil d’á ndéarnaḋ uirre, agus do gaċ ndroing d’ár ġaḃ í, agus do gaċ gníoṁ tasgaṁail d’á ndéarnaḋ innte re linn gaċ áirdríġ d’á raiḃe ós a cionn, ó ṫús riaṁ gus an aimsir seo, an ṁéid fuaras re a ḃfaisnéis díoḃ.
Ag seo de sheanchas Éireann, agus de gach ainm dá dtugadh uirthi, agus de gach roinn dá ndearnadh uirthi, agus de gach gabháil dá ndearnadh uirthi, agus de gach drong dár ghabh í, agus de gach gníomh táscmhar dá ndearnadh inti le linn gach ardrí dá raibh os a cionn, ó thús riamh go dtí an aimsir seo, an méid a fuair mé lena bhfaisnéis díobh.